English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Gasta agus éasca atá an tseirbhís ar líne nua le haghaidh iarratas a dhéanamh ar Chárta Liachta – an tAire Harris

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 15 Eanáir 2018
  • An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2019

Dúirt Simon Harris, an tAire Sláinte, inniu (an Luan) gur gasta agus éasca atá an tseirbhís ar líne nua le haghaidh iarratas a dhéanamh ar Chárta Liachta. Seoladh www.medicalcard.ie inniu.

Dúirt an tAire Harris: “Leis an tseirbhís nua seo, cuirtear ar chumas daoine den chéad uair iarratas a dhéanamh ar líne ar Chárta Liachta go gasta agus go héasca ach an treoir céim ar chéim a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fáil a leanúint. Is féidir le húsáideoirí a fháil amach lom láithreach an bhfuil siad i dteideal Cárta Liachta nó nach bhfuil agus, má tá, dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bpróiseálfaí a n-iarratas laistigh de 15 lá oibre. Leis an tseirbhís, tugtar deis d’iarratasóirí doiciméid agus faisnéis eile a scanadh agus a uaslódáil. Fuair Aonad Náisiúnta na gCártaí Liachta geall le 440,000 iarratas sa bhliain 2017. Dá bhrí sin, rachfar chun tairbhe do roinnt mhaith daoine leis an tseirbhís chuíchóirithe nua seo.

“Is dea-fhorbairt í sin ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus tá sí mar chuid den obair leanúnach atá ar bun ar oibriú scéim na gcártaí liachta a chuíchóiriú agus a nua-aoisiú. Is cuid lárnach den phróiseas é an t-iarratasóir. Táim cinnte gurb amhlaidh, le himeacht ama, go mbeidh an tseirbhís ar an modh iarratais a roghnóidh lear iarratasóirí, idir iarratasóirí céaduaire agus iarratasóirí ar athnuachan. Molaim do gach duine a chaithfidh iarratas a dhéanamh ar chárta liachta logáil isteach sa chóras nua chun a fháil amach cé chomh héasca is atá sé.”

CRÍOCH

Nótaí

Buntáistí na seirbhíse náisiúnta nua ar líne le haghaidh iarratas a dhéanamh ar Chárta Liachta:

1. Treoraítear thú trí gach céim den phróiseas iarratais leis an gcóras ar líne.

2. Is féidir le hiarratasóirí na doiciméid tacaíochta ar fad a chur isteach i bhformáid dhigiteach, lena n-áirítear grianghraif d’ábhar ábhartha.

3. Beidh do liachleachtóir ginearálta in ann glacadh leat ar a p(h)ainéal tríd an gcóras ar líne.

4. Má theastaíonn uainn teagmháil a dhéanamh leat i dtaca le d’iarratas, beimid in ann ríomhphost a sheoladh chugat in ionad litir a scríobh chugat.

5. A luaithe atá do shonraí airgeadais curtha isteach agat mar chuid den iarratas ar líne, cuirfimid in iúl duit lom láithreach cé acu atá tú i dteideal cárta liachta nó nach bhfuil.

6. Próiseálfar iarratais chomhlánaithe laistigh de 15 lá oibre.

Tá tuilleadh sonraí faoin tseirbhís náisiúnta ar líne le haghaidh iarratas a dhéanamh ar Chárta Liachta ar fáil ag www.medicalcard.ie