Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Geallann an tAire atá freagrach as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí na moltaí ón tuarascáil scóipeála ar shábháilteacht agus folláine phobail a chur i bhfeidhm i nDroichead Átha

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Gheall an tAire atá freagrach as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí chun oibriú leis an Roinn Dlí agus Cirt chun na moltaí faoi sheirbhísí drugaí a chuimsítear sa tuarascáil scóipeála ar shábháilteacht agus folláine phobail a chur i bhfeidhm i nDroichead Átha.

Choimisiúnaigh an tAire Dlí agus Cirt, an tUasal Helen McEntee TD, an tuarascáil mar fhreagairt do bhuarthaí a bhí ag dul i méid maidir le coireacht, agus le coireacht a bhaineann go sonrach le druga, anuas ar bhruíon idir grúpaí coireachta eagraithe i gceantar Dhroichead Átha. Déantar 73 moladh sa tuarascáil maidir le freagairtí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha do na dúshláin atá roimh phobail a n-imríonn coireacht a bhaineann le drugaí sa cheantar orthu.

Dúirt an tAire Feighin, agus fáilte á cur aige roimh fhoilsiú na tuarascála:

"Tá difear á dhéanamh ag gníomhaíochtaí drugaí do dhaoine aonair agus pobail i nDroichead Átha agus ar fud an réigiúin Thoir Thuaidh, a n-eascraíonn drochshláinte, básanna réamhaibí, caidreamh teaghlaigh agus sóisialta a bhfuil díobháil déanta dóibh agus foréigean agus imeaglú a bhaineann le drugaí as. Teastaíonn freagairt uile-rialtais ó na saincheisteanna seo, faoi mar a leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí. Trí na páirtithe leasmhara go léir a bheith ag oibriú le chéile, is féidir linn dul i ngleic leis na fadhbanna i nDroichead Átha agus sa réigiún Thoir Thuaidh."

Ag labhairt faoi na moltaí faoi sheirbhísí drugaí sa tuarascáil, dúirt an tAire Feighan:

"Táim tiomanta d’fheabhas a chur ar an neamhfháil atá ar sheirbhísí drugaí agus alcóil i nDroichead Átha agus i réigiún Thoir Thuaidh Lú, na Mí, an Chabháin agus Mhuineacháin. Anuas ar an leithdháileadh €150,000 a d’fhógair an tAire McEntee inniu le haghaidh seirbhísí drugaí agus alcóil i nDroichead Átha, tá €150,000 sa bhreis á sholáthar ag an Roinn Sláinte agus FSS chun tacú le seirbhísí tacaíochta teaghlaigh agus chun feabhas a chur ar an teacht atá ar sheirbhísí drugaí agus alcóil pobalbhunaithe ar fud an réigiúin.

"Tháinig feabhsúcháin mhóra ar sheirbhísí andúile in FSS le bliain anuas i Lú agus sa Mhí, agus cuireadh 46 duine sa bhreis san áireamh sa chlár cóireála le substaint ionadaíoch, ach aithním, áfach, go bhfuil bearnaí i seirbhísí go fóill. Tá FSS ag tabhairt faoi athbhreithniú ar sheirbhísí drugaí reachtúla, deonacha agus pobail sa réigiún, lena n-áirítear Droichead Átha. D’iarr mé ar FSS tús áite a thabhairt do bhearta laghdaithe díobhála, ar nós cóireála le substaint ionadaíoch, malartú snáthaidí agus nalocsóin.

"Is é Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil an Oirthuaiscirt an struchtúr réigiúnach chun seirbhísí drugaí agus alcóil a chomhordú faoin Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí agus tugann sé eagraíochtaí reachtúla, deonacha agus pobail le chéile, úsáideoirí seirbhíse san áireamh. D’iarr mé ar an Tascfhórsa súil a chaitheamh ar bhealaí praiticiúla feabhas a chur ar chomhoibriú idirghníomhaireachta nuair a bhíonn seirbhísí drugaí agus alcóil á soláthar agus oiliúint a sholáthar ar imeaglú a bhaineann le drugaí."

Chuir Joseph Ruane, Ceann Seirbhísí Cúraim Phríomhúil in Eagraíocht Sláinte Pobail Lár na Tíre Lú/an Mí, fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála.

Dúirt sé:

"Ní féidir le haon ghníomhaireacht amháin déileáil leis an iomaí gné éagsúil a bhaineann mí-úsáid substaintí agus ní féidir linn éifeachtacht ár n-idirghabhála a uasmhéadú ach trí oibriú i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí eile agus an pobal áitiúil. Ba cheart na hearnálacha go léir a mholadh as an tionscnamh seo agus a chur chuige ilghníomhaireachta.

"Leanfaimid ag oibriú lenár gomhpháirtithe áitiúla, agus cuirfidh an tuarascáil scóipeála le treochlár a sholáthar dúinn chun na seirbhísí a bhfuil géarghá leo a sholáthar do mhuintir Dhroichead Átha agus an cheantair máguaird. D’aithníomar go dteastaíonn freagairt ilghníomhaireachta agus pobail ón tsaincheist drugaí chun go bhféadfaimis dul i ngleic leis an gcás.

"Tugann FSS tús áite do bhearta laghdaithe díobhála, an clár malartaithe snáthaidí agus steallairí san áireamh. Cuirfimid feabhas freisin ar thacaíochtaí d’úsáideoirí seirbhíse a bhfuil cóireáil le substaint ionadaíoch á cur orthu, na 46 cliant breise san áireamh a raibh páirt á glacadh acu sna seirbhísí in 2020."

Chuir Jim Mullery, Cathaoirleach Tascfhórsa Réigiúnach Drugaí agus Alcóil an Oirthuaiscirt, fáilte freisin roimh na moltaí a dhéantar sa tuarascáil.

Dúirt sé:

"Cuirtear creat ar fáil sa tuarascáil seo le haghaidh gníomhaíochta, agus aithnítear ann go bhfuil úsáid alcóil agus drugaí a chruthaíonn fadhb ina cúis le agus ina toradh ar an oiread sin míshocrachta sa phobal, agus go ndéanann sé ár n-obair a shuíomh sa suíomh níos fairsinge ionchuimsithe shóisialta sin.

"Mar fhóram idirghníomhaireachta maidir le seirbhísí drugaí agus alcóil faoin Straitéis Náisiúnta Frithdrugaí, tá ar chumas an Tascfhórsa gan stró ceannas a ghlacadh ar na moltaí a luaitear sa tuarascáil faoi fheabhas a chur ar chomhoibriú idirghníomhaireachta ar sholáthar seirbhíse agus oiliúint idirghníomhaireachta a sholáthar ar imeaglú a bhaineann le drugaí. Le tacaíocht ó na Gardaí agus an Líonra Tacaíochta Andúile Teaghlaigh, tá súil ag an Tascfhórsa le hoiliúint a atosú sa Chlár Tuairiscithe Imeaglaithe a bhaineann le Drugaí níos déanaí i mbliana. I dturas an ama, leanaimid leis an bhfáil atá ar thacaíochtaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla a thabhairt le fios do gach seirbhís phobalbhunaithe reachtúil. Rinneamar teagmháil freisin le comhair chreidmheasa áitiúla mar gheall go n-aithnímid go mb’fhéidir gurbh iad an chéad phointe teagmhála do theaghlaigh atá thíos le géarchéim."

Nótaí

Tá tuarascáil Dhroichead Átha ar fáil anseo.

Leagtar amach thíos na moltaí a dhéantar sa tuarascáil maidir le seirbhísí drugaí:

  • ba cheart cistiú breise práinneach a chur ar fáil do thionscadal an Dorais Dhearg (Red Door) chun obair for-rochtana drugaí (ba cheart tús áite ar leith a thabhairt dó seo), comhairleoireacht, tacaíocht teaghlaigh, conairí dul chun cinn cliaint, seirbhísí tacaíochta a bhaineann leis an gCúirt agus do phríosúnaigh agus breise laghdaithe díobhála a sholáthar i gceantar Dhroichead Átha. Go sonrach, ba cheart €150,000 sa bhreis a leithdháileadh ar thionscadal an Dorais Dhearg do bhliain iomlán, chun na seirbhísí breise seo a sholáthar
  • ba cheart an fhéidearthacht a fhiosrú a bhaineann le háis thionscadal an Dorais Dhearg a úsáid faoi mar a bheadh ‘ionad ilfhreastail’ ann le haghaidh seirbhísí cóireála drugaí agus gaolmhara
  • athbhreithniú a dhéanamh ar chistiú an Stáit (thart ar €7,500 sa bhliain) a cuireadh ar fáil don Líonra Andúile Teaghlaigh (an LSAT) – a chuireann tacaíocht teaghlaigh ar fáil, go háirithe i gcomhthéacs a bhaineann le hobair imeaglaithe a bhaineann le drugaí agus tacaíocht teaghlaigh níos fairsinge do shaincheisteanna gaolmhara a bhaineann le handúil
  • athbhreithniú práinneach ar eagrú seirbhísí drugaí (reachtúla agus pobail agus deonacha) a choimisiúnú/a dhéanamh i gceantar Dhroichead Átha, a bhfuil an díriú céanna acu – ach atá ar scála níos lú, b’fhéidir – atá ag an Athbhreithniú Seirbhíse ar Sheirbhísí Andúile Dhún Dealgan (2015) faoinar thug FSS, ag féachaint le héifeachtúlacht agus éifeachtúlacht fheabhsaithe a chinntiú go práinneach
  • an Chúirt Drugaí áitiúla a aischur/a chur ar siúl go leanúnach, agus an cistiú cuí agus acmhainní eile a bheith aici agus measúnú foirmiúil a dhéanamh ar a hoibriú i gcaitheamh tréimhse bliana nó dhá bhliain, cuir i gcás, sula ndéanfar cinneadh faoi thodhchaí níos fadtéarmaí na Cúirte
  • ba cheart do ghníomhaireachtaí a oibríonn sa réimse úsáide substaintí i nDroichead Átha súil a chaitheamh ar bhealaí praiticiúla chun comhoibriú idirghníomhaireachta a fheabhsú, bealaí cuí san áireamh a aithint agus a chur i bhfeidhm inar féidir teacht ar bhealaí cóireála agus dul chun cinn d’úsáideoirí seirbhíse, chomh maith le forluí agus dúbláil a laghdú nó deireadh a chur leis, comhoiliúint (trasghníomhaireachta) a sholáthar, friotal comhroinnte agus fiús comhoibriú níos mó a fhorbairt maidir le modhanna measúnaithe agus idirghabhála
  • a chinntiú go ndéantar gach beart cuí laghdaithe díobhála a chur i bhfeidhm go hiomlán, faoi mar a shainordaítear sa Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Cláir Shnáthaidí agus Steallairí (CSSanna) agus Nalocsón san áireamh, i nDroichead Átha
  • an bealach is cuí a fhiosrú agus a chur i bhfeidhm inar féidir freagairt dea-chleachtais a chinntiú do chliaint a úsáideann drugaí a bhfuil dédhiagnóis aitheanta faighte acu (saincheisteanna drugaí agus meabhairshláinte). D’fhéadfaí a áireamh leis seo comhlonnú idirghníomhaireachta foirne agus comhoiliúint
  • ceardlanna breise oiliúna idirghníomhaireachta a sholáthar a fhreagraíonn d’imeaglú a bhaineann le drugaí don fhoireann ábhartha i ngníomhaireachtaí reachtúla anuas orthu siúd san earnáil phobail agus dheonach