English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Glacann an tAire Burke le hainmniúchán mar ionadaí polaitiúil náisiúnta do Líonra Náisiúnta Cathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Lúnasa 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Ghlac an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí Colm Burke le hainmniúchán mar Ionadaí Polaitiúil Náisiúnta do Líonra Náisiúnta Cathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann.

Déanfaidh an tAire ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag Líonra Cathracha Sláintiúla na hEorpa de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO). Is príomhghníomh é seo i gclár domhanda Cathracha Sláintiúla WHO atá ag feidhmiú ó 1987, agus é mar aidhm aige tacú le gníomhaíocht áitiúil chun tús áite a thabhairt do shláinte phoiblí.

Ag glacadh leis an ainmniúchán, dúirt an tAire Burke:

“Is mór an onóir dom glacadh leis an ról seo agus táim ag súil le bheith ag obair chun prionsabail Éire Shláintiúil a leabú tuilleadh laistigh de chláir rialtais áitiúla.

"Tá a fhios againn go bhfuil tionchar mór ag ár dtimpeallacht ar ár sláinte agus ar ár bhfolláine, mar sin ní féidir linn beag a dhéanamh de ról lárnach an rialtais áitiúil i dtimpeallachtaí tacúla a chruthú, a chuidíonn le bláthú an phobail.

“Tá stair láidir rannpháirtíochta ag bailte agus cathracha na hÉireann le clár Cathracha Sláintiúla WHO, agus ainmníodh mo chathair féin i gCorcaigh mar Chathair Shláintiúil.

“Trí bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe Eorpacha agus domhanda, tugtar deis iontach dúinn comhoibriú, faisnéis a roinnt agus foghlaim, rud a chabhraíonn linn tacú leis an rialtas áitiúil na tionscnaimh is éifeachtaí a chruthú agus a sheachadadh, a chuirfidh feabhas ar shláinte agus ar fholláine an phobail."

Chomhaontaigh Líonra Náisiúnta Cathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann clár oibre 3 bliana in 2023 a dhírigh ar thimpeallachtaí níos sláintiúla a chruthú, neamhionannais sláinte a laghdú, agus caighdeán saoil a fheabhsú do gach duine trí thionscnaimh agus comhpháirtíochtaí nuálacha éagsúla.

Is é aidhm an Líonra na struchtúir riachtanacha a fhorbairt chun tacú le Clár na gCathracha agus na gContaetha Sláintiúla ar fud na 31 Údarás Áitiúil, agus an fholláine a chomhtháthú sa chroíghníomhaíocht trí chomhpháirtíochtaí a chothú a thacaíonn le spriocanna Chéim VII WHO (2019-2024). Baintear go leor de seo amach trí cheannaireacht pholaitiúil agus trí chur chuige áitbhunaithe a éascú, lena n-áirítear obair i réimsí cosúil le hidirghabháil luath, cuir chuige coisctheacha, timpeallachtaí folláine a chruthú agus a mhúnlú agus cur chuige litearthachta sláinte a éascú laistigh de phobail.


Nótaí:

Is Líonra Náisiúnta creidiúnaithe de chuid WHO é Líonra Náisiúnta Cathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann agus cuireann sé guth ar fáil d'Éirinn i Líonra Cathracha Sláintiúla na hEorpa WHO. Tá 31 ball (údaráis áitiúla) ag Líonra na hÉireann faoi láthair agus déanann Comhordaitheoir Náisiúnta maoirseacht air, atá fostaithe ag Comhairle Contae Phort Láirge.

Is gluaiseacht dhomhanda de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) é clár na gCathracha Sláintiúla. Tá an coincheap bunaithe ar an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht áitiúil agus ar ról lárnach na rialtas áitiúil i gcúrsaí sláinte agus forbartha inbhuanaithe. Tá sé mar aidhm aige sláinte a chur go hard ar chlár oibre polaitiúil agus sóisialta na gcathracha/ na rialtas áitiúil agus gluaiseacht láidir a thógáil don tsláinte phoiblí ag leibhéal áitiúil.

Bunaíodh clár Cathracha Sláintiúla WHO ar dtús i 1987 le 11 chathair aonair, agus anois tá os cionn 100 cathair shuaitheanta (Cathair Chorcaí san áireamh) a chlúdaíonn thart ar 1,400 bardas.

Cuireann Líonra Eorpach na gCathracha Sláintiúla WHO tacaíocht pholaitiúil, straitéiseach agus theicniúil ar fáil chomh maith le forbairt acmhainní. Eagraíodh gníomhaíochtaí an Líonra i gcéimeanna de thart ar 5 bliana, le tosaíochtaí éagsúla.

Déanann Coiste Líonra Náisiúnta na hÉireann ionadaíocht agus cumarsáid thar ceann gach ball maidir le gnó an líonra.

Tá Babhta 4 den Chiste Éire Shláintiúil do 2022-2025 ar siúl faoi láthair. Earcaíodh comhordaitheoir Cathrach agus Contae Sláintiúil i ngach Údarás Áitiúil agus leithdháileadh maoiniú €75,000 ar gach comhordaitheoir agus ar a n-údaráis áitiúla faoi seach. Déantar monatóireacht ar an gciste seo trí Phobal.