Gradam Laura Brennan 2024 bronnta ar an Aire Sláinte ag Cumann um Oinceolaíocht Ghínéiceolaíochta na hÉireann
- Foilsithe: 17 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá Gradam Laura Brennan 2024 bronnta ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly ag Cumann um Oinceolaíocht Ghínéiceolaíochta na hÉireann.
Bronnadh an gradam ag Seisiún Iomlánach an Uachtaráin de Chruinniú Domhanda Bliantúil den Chumann Idirnáisiúnta Ailse Ghínéiceolaíochta i mBaile Átha Cliath.
Bronnadh an chéad ghradam ar Laura Brennan i mBéal Feirste in 2018 as a feachtas feasachta chun glacadh na vacsaíne HPV (Human Papillomavirus) a mhéadú. Fuair sí bás de thoradh ailse cheirbheacs in 2019 agus í 26 bliain d'aois.
Bronnann Cumann um Oinceolaíocht Ghínéiceolaíochta na hÉireann an gradam ina hainm gach bliain ar othar nó ar dhuine den phobal, chun aitheantas a thabhairt d’abhcóideacht othar nó do rannpháirtíocht i dtaighde nó i bhfeachtasaíocht.
Roghnaíodh an tAire Donnelly mar fhaighteoir 2024, mar gheall ar an gClár Athdheise Vacsaín HPV a chur i bhfeidhm agus as a dhúthracht agus a thiomantas do shláinte na mban a fheabhsú.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Is onóir agus pribhléid é Gradam Laura Brennan a fháil inniu agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le tuismitheoirí Laura, Bernie agus Larry, as mé a ainmniú. Seasann an gradam seo mar aitheantas don méid oibre a rinne Laura chun feasacht faoin vacsaín HPV a ardú agus ar a habhcóideacht gan staonadh chun glacadh na vacsaíne HPV a mhéadú.
"Ba mhór an inspioráid í Laura. Fiú agus í ag tabhairt aghaidh ar thinneas foirceanta is aici, dhírigh sí go huile is go hiomlán chun a chinntiú go mbeadh níos lú daoine agus teaghlach sa chás céanna léi, ag dul trí dhéine na cóireála ailse agus an chúraim deireadh saoil, mar a rinne sí.
“D'oibrigh Bernie agus Larry liom féin agus le mo roinn chun Clár Athdheise Vacsaín HPV Laura Brennan a chur i bhfeidhm agus is é toradh an chláir sin go bhfuair 11,000 duine óg breise an vacsaín HPV. Tá a fhios againn go sábhálann an vacsaín seo beatha daoine. Tá sé sábháilte agus éifeachtach agus cosnaíonn sé i gcoinne na gcineálacha HPV a bhíonn mar chúis le 9 as 10 n-ailse cheirbheacs.
“Leanann ár gcuid oibre ar aghaidh, lena chinntiú go gcuirimid deireadh le hailse cheirbheacs, agus tá sprioc leagtha síos againn in Éirinn chun an sprioc sin a bhaint amach faoi 2040. Tá sé indéanta agus tá a fhios againn go sroichfidh leanaí óga an lae inniu aosacht in Éirinn agus deireadh curtha leis an ngalar seo. Tá vacsaíniú HPV ina chuid ríthábhachtach de seo, in éineacht le seirbhísí scagthástála agus cóireála.
“Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag cur le glacadh na vacsaíne HPV agus leanfaidh mo Roinn agus FSS ag déanamh gach rud is gá chun comhoibriú le chéile chun deireadh a chur léi. Chabhraigh guth Laura Brennan leis an athrú riachtanach in Éirinn maidir le vacsaíniú HPV agus in onóir a hoidhreachta, leanfaimid leis an obair sin. Ag glacadh leis an ngradam seo inniu déarfaidh mé go simplí, Go raibh maith agat, a Laura."
Nótaí:
I measc na ndaoine ar bronnadh Gradam Laura Brennan orthu roimhe seo, tá Joan Moore as Corcaigh (2019), Jacqueline Daly as Gaillimh (2020), Kim Hanly as Baile Átha Cliath (2021), Roberta Horgan ó Lynch Syndrome Ireland (2022) agus Bridget Carr as Luimneach (2023).
Is féidir le HPV a bheith ina chúis le hailse agus le faithne na mball giniúna i measc na mban agus na bhfear araon. Cosnaíonn an vacsaín HPV, a bhfuil sé cruthaithe go bhfuil sí sábháilte agus éifeachtach, i gcoinne na gcineálacha HPV atá mar chúis le 9 as 10 n-ailse cheirbheacs.
Tá an vacsaín á tairiscint do chailíní ó 2010 mar chuid den chlár imdhíonta scoile agus leathnaíodh í in 2019 chun buachaillí a chur san áireamh. Tugadh isteach Clár Athdheise Vacsaín HPV Laura Brennan chun an vacsaín a chur ar fáil saor in aisce do ghrúpaí daoine a bhí incháilithe chun an vacsaín a fháil ar scoil roimhe seo agus nach raibh sí faighte acu go fóill.