Iarrann an tAire Carroll MacNeill go ndéanfaidh an Rialtas Ordú Sláinte (Feidhmeanna a Tharmligean) 2025 chuig na hAirí Stáit nua
- Foilsithe: 4 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ar iarratas ón Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, rinne an rialtas an tOrdú Sláinte (Feidhmeanna Aireachta a Tharmligean) 2025 inniu lena dtarmligtear cumhachtaí agus dualgais reachtúla áirithe chuig an triúr Airí Stáit atá freagrach as réimsí sláinte. Ceapadh Airí Stáit go foirmiúil an 29 Eanáir 2025 agus beidh ról lárnach acu maidir leis na gealltanais sláinte atá leagtha amach i gClár an Rialtais a chomhlíonadh.
Bhí an méid seo a leana le rá ag an Aire Carroll MacNeill:
“Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Mary, Kieran agus Jennifer ina róil nua mar Airí Stáit sa Roinn Sláinte. Táim ag tnúth le bheith ag obair leo ionas go mbeidh rochtain ag gach duine ar chúram sláinte tráthúil, ar ardchaighdeán agus cuí, agus chun ár ngealltanais i gClár an Rialtais a chomhlíonadh.
“Tá gach muinín agam go ndéanfaimid dul chun cinn suntasach do na daoine agus go gcuideoimid lena sláinte agus lena bhfolláine a fheabhsú.”
Is í Mary Butler Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte. Foilsíodh Bille Meabhair-Shláinte chun athchóiriú agus nuashonrú cuimsitheach a dhéanamh ar an reachtaíocht mheabhairshláinte i mí Iúil 2024 agus ritheadh é sa Dara Céim i mí Mheán Fómhair 2024. Chinntigh an tAire Butler go gcuirfí an Bille ar ais sa riar na hoibre Dála, agus rachaidh sé ar aghaidh tríd an bpróiseas reachtaíochta le linn sheisiúin an earraigh agus an tsamhraidh. Tá na leasuithe á dtabhairt chun críche faoi láthair sula mbeidh Céim an Choiste ar siúl.
Dúirt an tAire Butler:
“Tá lúcháir orm gur athcheapadh mé mar Aire Meabhairshláinte agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis an Aire Carroll MacNeill agus le comhghleacaithe eile chun fíordhifríocht a dhéanamh i seirbhísí don phobal. Is tosaíocht é an Bille Meabhair-Shláinte chun dul chun cinn a dhéanamh sna míonna amach romhainn. Déanfaidh an reachtaíocht seo ár reachtaíocht mheabhairshláinte a nuachóiriú. Is Bille forásach, duinelárnach é a chuireann an ceart chun neamhspleáchais chun cinn do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte tromchúiseacha marthanacha acu. Tar éis fhoilsiú an Bhille i mí Iúil 2024, agus a rith ag an dara céim i mí Mheán Fómhair 2024, bhí teagmháil chuiditheach ag an Roinn Sláinte le raon leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Coláiste Síciatraithe na hÉireann, an Coimisiún Meabhair-Shláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus comhlachtaí ionadaíocha eile. Táim muiníneach go gcuirfimid reachtaíocht shuntasach chun cinn sna míonna amach romhainn a fhreastalóidh orthu siúd ar gá dóibh leas a bhaint as seirbhísí meabhairshláinte.”
Is í Jennifer Murnane O’Connor an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí agus, sa ról sin, déanfaidh sí measúnú ar thorthaí na straitéise náisiúnta drugaí Item was unpublished or removed agus beidh sí i gceannas ar fhorbairt straitéise comharba a bheidh bunaithe ar fhreagairt an rialtais ar mholtaí an Tionóil Saoránach maidir le hÚsáid Drugaí.
Beidh an tAire Murnane O’Connor freagrach freisin as dlí agus straitéisí rialaithe tobac chun rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais do dhaoine gan dídean, don Lucht Siúil, do Romaigh agus do dhídeanaithe.
Dúirt an tAire Murnane O’Connor:
“Bhí mé i gcónaí an-tacúil le bearta chun rátaí caitheamh tobac a laghdú agus táim ag tnúth le bheith ag obair le mo chomhghleacaithe sa Roinn Sláinte ar phleananna chun cabhrú le níos mó daoine éirí as caitheamh tobac, tionscnamh caitheamh tobac a dhíspreagadh agus sláinte an phobail i gcoitinne a fheabhsú.
“Tabharfaidh mé tús áite freisin do bheartas maidir le tosca riosca agus saincheisteanna amhail murtall, tobac agus alcól, gníomhaíocht choirp, folláine mheabhrach agus sláinte ghnéis agus dínit tréimhse trí dhaoine agus pobail a chumhachtú chun páirt a ghlacadh i bhfeabhsú na sláinte agus na folláine agus an bhéim a chur ar chosc.
“Mar Aire Stáit, beidh freagracht orm as cumhachtaí sonracha faoin Acht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann 1998. Áirítear orthu sin an t-údarás chun Sceidil shonracha den Acht a leasú, comhaltaí den Chomhairle Chomhairleach um Shábháilteacht Bia a cheapadh agus feidhmeanna breise a shannadh don Údarás. Ina theannta sin, beidh mé freagrach as Coiste Eolaíoch an Údaráis a cheapadh agus as rialacháin a thabhairt isteach a bhaineann le sampláil agus anailís bhia chun na caighdeáin is airde sábháilteachta bia a áirithiú.”
Is é Kieran O’Donnell an tAire a bhfuil freagracht speisialta air maidir le Daoine Scothaosta. Tá Clár an Rialtais tiomanta do scéim reachtúil cúram baile a dhearadh, agus baineann an chéad ghné le ceadúnú agus clárú soláthraithe cúram baile. Déanfaidh an tAire O’Donnell an Bille Sláinte (Leasú) (Soláthraithe Gairmiúla Tacaíochta Baile a Cheadúnú) 2024 a chur chun feidhme.
Ina theannta sin, beidh an tAire O’Donnell ag obair ar sheirbhísí tí altranais agus néaltraithe a chur chun cinn, agus tá sé ag tnúth leis na tuarascálacha a fháil ón gCoimisiún um Chúram do Dhaoine Scothaosta agus le Plean Gníomhaíochta Náisiúnta a chur chun cinn mar a gealladh i gClár an Rialtais.
Dúirt an tAire O’Donnell:
“Ní mór díriú i gcónaí ar chúram a chur chun cinn sa phobal ionas gur féidir le daoine leanúint orthu ag maireachtáil le muinín, le slándáil agus le dínit ina dteach féin agus ina bpobal féin chomh fada agus is féidir. I gcás nach é cónaí sa bhaile an rogha is oiriúnaí a thuilleadh don duine scothaosta, tá sé mar aidhm ag an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais (NHSS) a chinntiú go bhfuil cúram fadtéarmach do thithe altranais inrochtana agus inacmhainne.”