Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Is é an toradh a bheidh ar Ghrúpa Cur Chun Feidhme FSS um Scaoiltí Amach Moillithe ná go mbeidh torthaí níos fearr níos sábháilte ann d’othair

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Aibreán 2019
  • An t-eolas is déanaí: 4 Meitheamh 2019

Tar éis fhoilsiú Thuarascáil an tSain-Athbhreithnithe Neamhspleách ar Scaoiltí Amach Moillithe, d’iarr Jim Daly, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, go gcuirfeadh FSS struchtúr ildisciplíneach cuí ar bun chun críche dul chun cinn a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí.

Ag teacht sna sála ar an iarraidh ón Aire, chuir FSS Grúpa Cur Chun Feidhme ar bun. Tá an Grúpa faoi chomhchathaoirleacht ag oifigigh a dhéanann ionadaíocht do na Stiúrthóirí Náisiúnta um Oibríochtaí Géarchúraim agus Pobail. Ní ba luaithe an mhí seo, d’fhreastail an tAire ar an gcéad chruinniú de chuid an Ghrúpa. Sainaithneoidh an Grúpa athruithe a bheifear in ann a dhéanamh sna sé mhí atá le teacht agus athruithe a bheifear in ann a chur chun feidhme thar thréimhse ocht mí dhéag. Dúirt an tAire:

“Tá sé ríthábhachtach go dtosaímid ar aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna bunúsacha a sainaithníodh san athbhreithniú. Cé go n-aithním go bhfuil sé doiligh athruithe a dhéanamh, beidh torthaí níos fearr níos sábháilte ann dá mbarr.”

Dúirt an tAire Daly freisin:

“Ní mór dúinn íoslaghdú a dhéanamh ar na moilleanna ar othair a aistriú chuig an timpeallacht is oiriúnaí, an líon laethanta leapa ospidéil a chailltear a laghdú, agus freastal níos fearr ar riachtanais othar. Tá sé mar aidhm againn seirbhís éifeachtúil fhaisnéisbhunaithe a fhorbairt, ar seirbhís í a fhreastalóidh ar fhíor-riachtanais othar. Tréimhse thrámach d’othair agus do theaghlaigh is ea tréimhse breoiteachta, ar lena linn a theastaíonn cinnteacht agus an dea-chleachtas uathu. D’fhéadfadh sé sin cabhrú go mór lenár ndeacrachtaí leanúnacha tralaí a mhaolú ach aghaidh a thabhairt ar ár bhfadhb scaoiltí amach moillithe trí dhea-rialachas simplí a chur i bhfeidhm. Is é an toradh a bheidh ar sheirbhís sláinte atá níos éifeachtúla agus níos eolasbhunaithe a chruthú ná go mbeidh torthaí níos fearr ann d’othair.”

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí

Aithníodh sa Sain-Athbhreithniú Neamhspleách ar Scaoiltí Amach Moillithe go mbíonn roinnt tosca éagsúla ina gcúis le scaoiltí amach moillithe nó le haistrithe cúraim agus rinneadh naoi moladh ann, lenar áiríodh: beartas náisiúnta a fhorbairt lena bhforálfar do chur chuige níos comhsheasmhaí a ghlacadh i leith scaoiltí amach moillithe a thaifeadadh; bailiú sonraí a neartú; sainmhínithe reatha a chaighdeánú; agus a chinntiú go bhfuil treoirlínte comhsheasmhacha maidir le scaoileadh amach i bhfeidhm.

Tá achoimre ar na moltaí ar fáil thíos.

1. Beartas náisiúnta a fhorbairt chun sainmhíniú soiléir agus treoirlínte soiléire a sholáthar le haghaidh scaoiltí amach moillithe a chatagóiriú, agus an téarma “Aistriú Cúraim Moillithe” a úsáid in áit an téarma “Scaoileadh Amach Moillithe”

2. Bearta a dhéanamh chun cáilíocht sonraí a fheabhsú agus chun an tacar sonraí faoi scaoiltí amach moillithe a leathnú chuig timpeallacht cúram sláinte nach timpeallachtaí géarmhíochaine iad agus, maidir le scaoiltí amach moillithe a thuairisciú, bogadh ar shiúl ón díriú ar an líon laethanta leapa a chailltear agus tosú ag féachaint ar mhodhanna eile trínar féidir an líon scaoiltí amach moillithe a thomhas, e.g. na modhanna atá in úsáid san Ísiltír, i Sasana agus in Albain

3. Comhfhóram Pleanála a bhunú idir ospidéil ghéarmhíochaine agus seirbhísí pobail chun teacht ar dhearcadh coiteann i leith an éilimh agus i leith riachtanais acmhainne agus chun freagairtí straitéiseacha a fhorbairt do bhearnaí seirbhíse

4. Róil agus freagrachtaí a athbhreithniú chun measúnú a dhéanamh ar an tacaíocht a thugtar d’othair agus dá dteaghlach tríd an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais, agus soiléiriú a thabhairt maidir le línte cuntasachta na ngeallsealbhóirí atá freagrach as scaoiltí amach moillithe a bhainistiú

5. Tabhairt faoi iniúchadh seachtrach ar shonraí chun comhlíonadh cáilíochta a athbhreithniú, chun cáilíocht agus infheictheacht sonraí a fheabhsú agus chun muinín a mhéadú as na sonraí atá ar fáil

6. Feachtas sláinte poiblí a sheoladh chun feasacht a mhéadú go mbíonn torthaí níos fearr ag othair a scaoiltear amach gan mhoill, agus cur chuige comhsheasmhach agus conair uainithe a bhunú le haghaidh cumarsáid a dhéanamh le teaghlaigh (neasghaolta) ar mhaithe le moilleanna féideartha a íoslaghdú

7. Foirne ildisciplíneacha a bhunú chun measúnuithe scaoilte amach aonair a dhéanamh. Ba cheart do na foirne sin tacaíocht a fháil ó bhaill foirne sa timpeallacht cúram sláinte géarmhíochaine agus sa phobal araon

8. Comhroinnt faisnéise a spreagadh idir Grúpaí Ospidéal agus Eagraíochtaí Cúram Sláinte Pobail maidir leis an bhfáil ar leapacha agus maidir le stádas othar, agus córas comhtháite TFC a ghlacadh lena ngabhtar sonraí faoin soláthar agus faoin éileamh i dtimpeallachtaí cúram sláinte géarmhíochaine agus i dtimpeallachtaí eile

9. Conairí luathscaoilte amach a bhunú chun an líon othar a ligtear isteach agus an líon scaoiltí amach moillithe a laghdú, rud a fhágann go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar riachtanais chúraim i dteach an othair nó i dtimpeallacht cúraim eile.