Lá Domhanda na Meabhairshláinte 2024 á chomóradh ag an Aire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Ar Lá Domhanda Meabhairshláinte, meabhraíonn an tAire Butler do dhaoine a meabhairshláinte a chosaint agus cabhair a lorg más gá
Inniu, déanann an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, comóradh ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte 2024.
Inniu, agus go deimhin Mí Dhomhanda na Meabhairshláinte do mhí Dheireadh Fómhair, dírítear aird ar shláinte mheabhrach. Cuireann sé deiseanna breise ar fáil chun aird a tharraingt ar mheabhairshláinte, chun stiogma meabhairshláinte a laghdú agus chun an raon leathan seirbhísí agus tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine i bpobail ar fud na tíre a chur chun cinn.
Leis an infheistíocht ba mhó a rinneadh i seirbhísí meabhairshláinte le roinnt blianta anuas, bhíothas in ann samhlacha nua cúraim agus Cláir Chliniciúla Náisiúnta a fhorbairt agus a leathnú, mar shampla le haghaidh réiteach géarchéime, dédhiagnóis, agus le haghaidh moil nua Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS).
Agus í ag cur béime ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte, dúirt an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler:
‘Is é ‘Meabhairshláinte ag an Obair’ téama Lá Domhanda na Meabhairshláinte i mbliana, agus ba mhaith liom béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé a chinntiú go gcothaímid ionaid oibre atá tacúil agus saor ó stiogma meabhairshláinte. Tríd an méid seo a dhéanamh, is féidir linn go léir tacú leo siúd a bhféadfadh deacrachtaí meabhairshláinte a bheith acu obair a fháil, fanacht san obair, agus tairbhe a bhaint as an sásamh, as an bhfolláine agus as an gcuspóir a d’fhéadfadh teacht le fostaíocht.
“Creidim go daingean gurb í an mheabhairshláinte gnó gach duine, agus is é sin an fáth a bhfuil comhar trasrialtais agus gníomhaíocht shochaíoch níos leithne ríthábhachtach chun a chinntiú go dtacaímid le hoibrithe agus lena bhfostóirí chun ionaid oibre a chruthú ina dtugtar tús áite don mheabhairshláinte.
“Is é sin an fáth a bhfuil bród orm tacú le tionscnaimh den scoth amhail an Tacaíocht Socrúcháin Aonair (TSA), clár atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus atá bunaithe ar fhianaise chun tacú le daoine a bhfuil dúshláin mheabhairshláinte acu agus iad ag filleadh ar an obair nó ag tosú ar an obair. Tá an clár seo á fheidhmiú ag Oifig Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) um Rannpháirtíocht agus Téarnamh Meabhairshláinte, agus tá áthas orm a rá go bhfuil maoiniú suntasach breise faighte aici i mBuiséad na bliana seo d’oibrithe tacaíochta piaraí agus do chomhordaitheoirí téarnaimh, chun an smaoineamh maidir le téarnamh a chur i gcroílár na seirbhísí a chuirimid ar fáil.”
Leantar d’fheabhas straitéiseach leanúnach a chur ar sheirbhísí meabhairshláinte trí bheartas meabhairshláinte na hÉireann a chur chun feidhme, Comhfhís, agus an beartas um fhéinmharú a laghdú, Ceangail ar Feadh an tSaoil.
Ag machnamh ar an tábhacht a bhaineann le daoine chun a meabhairshláinte a chosaint, dúirt an tAire Butler:
“Tá ról ag gach duine aonair in Éirinn chun deireadh a chur leis an stiogma a bhaineann leis an meabhairshláinte, agus chun timpeallacht a chruthú ina mbraitheann daoine go bhfuil siad cumhachtaithe, ar an eolas agus in ann an chabhair atá amuigh ansin a lorg, má theastaíonn sí uathu.
“Tá ról ag gach duine aonair in Éirinn chun deireadh a chur leis an stiogma a bhaineann leis an meabhairshláinte, agus chun timpeallacht a chruthú ina mbraitheann daoine go bhfuil siad cumhachtaithe, ar an eolas agus in ann an chabhair atá amuigh ansin a lorg, má theastaíonn sí uathu.
“Má tá brú ar aon duine, molaim dóibh cabhair a lorg. Tá raon leathan tacaíochtaí meabhairshláinte ar ardchaighdeán ar fáil in Éirinn, trí FSS nó tríd an iliomad gníomhaireachtaí a chuireann cúram ar fáil thar a ceann."
NÓTAÍ
Is é an bealach is fearr chun a fháil amach cad iad na tacaíochtaí is fearr a d'oirfeadh do dhuine ná trína DG, nó trí treoir faisnéise cosúil le:
- Ar líne ag YourMentalHealth.ie, a sholáthraíonn faisnéis agus treoir ar gach tacaíocht agus seirbhís mheabhairshláinte atá ar fáil go náisiúnta agus go háitiúil ag FSS agus a chomhpháirtithe maoinithe.
- Tá Líne Faisnéise Do Mheabhairshláintear fáil 24 uair an chloig chun tacaíochtaí agus seirbhísí a fháil (1800 111 888).
- Téacsáil HELLO go 50808.. Cuireann an tseirbhís tacaíocht mhothúchánach ar fáil 24 uair an chloig in aghaidh an lae d’aon duine atá thíos le haothú trí pháirt a ghlacadh i “gcomhrá” teachtaireachta le saorálaí atá oilte agus faoi mhaoirseacht.