English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Lá Domhanda Stróc á chomóradh ag an Aire Sláinte agus maoiniú an Bhuiséid 2025 do sheirbhísí stróc á fhógairt aige

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly sonraí an mhaoinithe do chur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Stróc faoi Bhuiséad 2025.

Ag labhairt dó agus é ag comóradh Lá Domhanda Stróc, thug an tAire sonraí faoi leithdháiltí maoinithe chun foireann bhreise a chur ar fáil d'Aonaid Stróc in ospidéil agus d'fhoirne Luath-Scaoilte Tacaithe (ESD) a leathnú. Soláthraíonn na foirne seo cúram athshlánaithe speisialaithe i dteach an duine féin agus tá ról ríthábhachtach acu maidir le cabhrú le marthanóirí stróc filleadh ar ais abhaile go neamhspleách, agus leapacha a fholmhú in aonaid stróc in ospidéil.

Is é Stróc an tríú cúis báis is mó in Éirinn agus an chúis is mó le míchumas néareolaíoch faighte i measc daoine fásta in Éirinn, rud a théann i bhfeidhm ar níos mó ná 6,000 duine gach bliain.

Tógann maoiniú i mBuiséad 2025, a bhfuil costas bliana iomlán de €5 mhilliún air in 2026, ar bhreis agus €7 milliún a fuarthas thar Bhuiséid i ndiaidh a chéile ó foilsíodh an straitéis chliniciúil seo in 2022.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil maoiniú faighte agam i mBuiséad 2025 chun tacú le forbairt leanúnach den Straitéis Náisiúnta Stróc de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Cuireann sé seo leis an maoiniú a fuarthas cheana féin i mbuiséid roimhe seo.

"Cinnteoidh an fhoireann bhreise a theastaíonn, lena n-áirítear comhairleoirí stróc, síceolaithe agus raon gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta, go mbeidh rochtain ag gach othar ar bhuail stróc iad ar chúram stróc speisialaithe, chun an seans is fearr a thabhairt dóibh teacht chucu féin arís.

“Tá an seans go mairfidh daoine tar éis stróc i bhfad níos fearr le deich mbliana anuas, ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil caighdeán na beatha réasúnta ag gach marthanóir stróc. Sin é an fáth, chomh maith leis an maoiniú a leithdháiltear ar Straitéis Stróc, go bhfuil €600,000 á leithdháileadh agam chun tacú le Seirbhís Irish Heart Foundation Stroke Connect.

"Cuireann an tseirbhís den scoth seo lenár seirbhísí ospidéil trí thacú le marthanóirí stróc nuair a scaoiltear amach iad, ag cabhrú leo athruithe stíl mhaireachtála a dhéanamh chun a riocht sláinte a fhéinbhainistiú agus trí dheis níos fearr a thabhairt dóibh saol neamhspleách a stiúradh, le linn tréimhse ina bhfuil siad ag an bpointe is leochailí.”


Nótaí:

Tá sé mar aidhm ag Lá Domhanda Stróc feasacht a ardú maidir le cosc stróc, cóireáil agus téarnamh. Leagann sé béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le siomptóim stróc a aithint go luath agus gníomhú go tapa chun beatha daoine a shábháil agus tionchar fadtéarmach strócanna a laghdú.

Tá sé mar aidhm ag Straitéis Náisiúnta Stróc FSS 2022-2027 seirbhísí stróc a nuashonrú agus a athchóiriú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh Éirinn maidir le haosú daonra agus an méadú tuartha ar líon iomlán na strócanna ar fud na hEorpa, Éire san áireamh.

Tá an Rialtas tiomanta go hiomlán do thacú le feabhsuithe agus dul chun cinn i seirbhísí stróc agus roimh Bhuiséad 2025, tá €7.3 milliún san iomlán leithdháilte aige chun Straitéis Náisiúnta Stróc FSS a mhaoiniú ó 2022.

Leis an maoiniú a leithdháileadh ar an Straitéis Náisiúnta Stróc go dtí seo, bhíothas in ann forbairtí suntasacha nua a dhéanamh, mar shampla:

  • An Conradh dochtúirí teaghlaigh a leathnú chun scagadh hipirtheannais (fachtóir riosca suntasach do stróc) a chur san áireamh.
  • 11.5 post a earcú chun tacú le haonaid stróc agus ionaid thrombectomy endovascular. Chuir sé seo ar chumas leathnú foirne ESD sa phobal, ó 6 go 11.
  • Maoiniú chun tacú le feachtas feasachta poiblí chun aird a tharraingt ar na comharthaí stróc, gné a shábhálann beatha daoine.