English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Léiríonn an tAire Sláinte méadú 28% ar leaba cúraim chriticiúil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Aibreán 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá béim á leagan ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly inniu ar an méadú suntasach ar leapacha cúraim chriticiúil go 330 leaba, méadú 28% nó 72 sa bhreis ó 2020, curtha ar fáil trí Phlean Straitéiseach an Rialtais um Chúram Criticiúil.

Go dtí seo, tá infheistíocht shuntasach de €78.2 milliún curtha ar fáil ag an bPlean chun 94 leaba cúraim chriticiúil bhreise a mhaoiniú agus acmhainn mhaoinithe a thabhairt chuig 352 leaba. Cuirtear an t-ardú 72 leaba nua seo i gcomparáid le méadú de 21, a tharla sna hocht mbliana roimhe sin.

Earcaíodh thart ar 770 ball foirne ardoilte go deireadh 2023 chun tacú leis an acmhainn bhreise seo. Chun a chinntiú go mbeidh tuilleadh sa lucht saothair, tá conradh nua curtha i bhfeidhm chun 166 ionad oiliúna a chur ar fáil d'altraí Cúram Criticiúil gach bliain as seo go ceann sé bliana, 1,000 áit san iomlán agus méadú 66% ar an líon áiteanna a bhí ann roimhe seo.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá ár n-infheistíocht i gCúram Criticiúil claochlaitheach agus tá líon na leapacha cúraim chriticiúil anois 28% os cionn bhonnlíne 2020 agus beagnach 800 ball foirne nua ann.

“Feabhsaíonn rochtain thráthúil ar an leibhéal cuí de chúram criticiúil rátaí marthanais agus torthaí d'othair atá go dona tinn. Leis an acmhainn bhreise de chúram criticiúil go dtí seo, tá feabhsuithe suntasacha tagtha ar iontrálacha tráthúla i gcúram criticiúil.

“Chomh maith le leapacha cúraim chriticiúil sa bhreis a bhfuil géarghá leo a chur ar fáil, tá an méadú seo ag tacú le cur i bhfeidhm príomhstraitéisí lena n-áirítear tráma, ailse, agus cúram máithreachais, agus i soláthar sainchúraim lena n-áirítear trasphlandú orgáin.

“Tá i bhfad níos mó i gceist le cumas cúraim chriticiúil a fhorbairt ná leaba a aimsiú agus í a chur in ospidéal. De thoradh sin, bíonn tuilleadh altraí agus dochtúirí ardoilte a bhfuil éileamh orthu ar fud an domhain ag teastáil. Is é sin an fáth go bhfuil infheistíocht mhór déanta againn freisin i soláthar agus in oiliúint den lucht saothair, lena n-áirítear méadú 66% ar áiteanna oiliúna d'altraí cúraim chriticiúil."

Ag labhairt ar an ábhar, dúirt Príomhfheidhmeannach FSS Bernard Gloster:

“Cinntíonn an cur chuige seo maidir le cúram criticiúil a fhorbairt go bhfuil freagairt nua-aimseartha againn ar an riachtanas ríthábhachtach seo inár seirbhís sláinte, a sheasfaidh an aimsir ag gach cloch mhíle".


Nótaí

Rialachas agus Beartas

  • Tá an Plean Straitéiseach um Chúram Criticiúil ailínithe le múnla hub-and-spoke den Chlár Cliniciúil Náisiúnta um Chúram Criticiúil agus léiríonn sé treo straitéiseach foriomlán Sláintecare - an cúram ceart a sholáthar, san áit cheart ag an am ceart.

Tionchar ar Othar

  • Éiríonn thart ar 12,500 duine fásta go dona tinn in Éirinn gach bliain. D'ardaigh an méadú cumais cóimheas na leapacha go 6.3 in aghaidh gach 100,000 den daonra, méadaithe ó 5.6/100,000 a tuairiscíodh in Iniúchadh Cliniciúil NOCA 2022. Baineann acmhainn mhéadaithe de chúram criticiúil le rátaí áitíochta laghdaithe agus le torthaí feabhsaithe othar.
  • Leanann forbairt Sheirbhís Aisghabhála Cúraim Chriticiúil FSS de chumas breise a chur ar fáil d'aistriú othar atá íogair ó thaobh ama de idir ospidéil agus aonaid speisialaithe cúraim chriticiúil. In 2023, aistríodh 1,045 othar go leapacha ICU ó ospidéil eile.
  • Nuair is gá, is féidir le líon na leapacha cúraim chriticiúil borradh níos faide ná an bonnlíne reatha de 330 mar chuid de fhreagairt éigeandála.