English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Léiríonn taighde an OECD gur sheachain Éire básanna iomarcacha le linn bhlianta lárnacha na paindéime

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Eanáir 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Léiríonn taighde nua nach raibh básanna iomarcacha ar bith in Éirinn le linn bhlianta lárnacha na paindéime idir 2020-2022.

Léiríonn taighde a d'fhoilsigh an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) go raibh Éire ar cheann de naoi dtír de chuid an OECD chun básanna iomarcacha a sheachaint le linn na tréimhse sin, leis an gceathrú ráta is ísle aici, taobh thiar den Nua-Shéalainn, den Íoslainn agus den Iorua.

Tagraíonn básanna iomarcacha do líon na mbásanna de bharr gach cúis le linn tréimhse ama, os cionn an méid a mbeifí ag súil leis de ghnáth. Rinne an OECD tomhas ar an difríocht idir líon na ndaoine a bhásaigh idir 2020 agus 2022 agus líon na ndaoine a mbeifí ag súil go bhfaigheadh siad bás le linn an ama sin mura dtarlódh an phaindéim. I measc na bhfigiúirí de bhásanna iomarcacha, tá daoine a fuair bás de bharr COVID-19 gan tástáil a bheith faighte acu, chomh maith le tinnis eile.

Meastar gur méadrach an-oibiachtúil é básanna iomarcacha agus deir eolaithe gurb é an tomhas is iontaofa é ar thionchar iomlán na paindéime le linn na mblianta sin.

Níor cuireadh san áireamh sna meastacháin a rinneadh roimhe seo ar bhásanna iomarcacha le linn na paindéime na hathruithe ar mhéid an daonra agus ar dhéimeagrafaic.

Rinne an OECD athbhreithniú ar an modheolaíocht a úsáideadh chun básanna iomarcacha a chomhaireamh agus cuireadh cuntas ar fáil ar threochtaí déimeagrafacha i ngach tír.

Tháinig méadú 8% ar dhaonra iomlán na hÉireann idir daonáireamh 2016 agus 2022 agus tháinig méadú 22% ar líon na ndaoine atá 65 bliain d'aois agus os a chionn le linn na tréimhse céanna. Sin níos mó ná dhá oiread an mhéadaithe 10% i 27 dtír an Aontais sa tréimhse ama chéanna.

Nuair a athraítear na rátaí mortlaíochta chun na hathruithe seo a chur san áireamh, léirítear nár thaifead Éire mortlaíocht iomarcach le linn 2020-2022. Go deimhin, bhí ráta báis níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis in Éirinn.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá an-áthas orm a bheith in ann a thuairisciú go raibh básmhaireacht iomarcach na hÉireann le linn bhlianta lárnacha na paindéime ar an gceathrú ráta is ísle i measc thíortha OECD.

"Cuireadh brú mór ar go leor dár ndaonra le linn na tréimhse seo agus bhí tionchar mór ag na srianta a cuireadh i bhfeidhm orainn go léir.

“Léiríonn na figiúirí seo an rath a bhí ar bhearta sláinte poiblí na hÉireann, agus ar an nglacadh láidir lenár gclár vacsaínithe COVID-19."

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis, an tOllamh Breda Smyth:

“Leagtar béim i bPáipéar Oibre OECD ar chuid de na caveat tábhachtacha a bhaineann le meastacháin a foilsíodh roimhe seo maidir le básmhaireacht iomarcach le linn bhlianta lárnacha na paindéime.

“Léirigh an pobal na hÉireann go bhfuiltear ag cloí go láidir le bearta sláinte poiblí le linn na tréimhse seo, agus tá clár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann ar cheann de na cinn is rathúla ar domhan, le 96% den daonra fásta tar éis a bpríomhchúrsa vacsaíní a fháil.

"Tá a fhios againn go sábhálann vacsaíní beatha daoine, chomh maith leis an gcaoi go laghdaíonn siad an riosca de thinneas tromchúiseach agus an gá le seal a chaitheamh in ospidéil.

“Tá COVID fós linn, agus imíonn cosaint ina choinne le himeacht ama agus, mar sin, ba mhaith liom a mheabhrú dóibh siúd go léir atá incháilithe a gcosaint a threisiú le teanndáileog COVID an geimhreadh seo, chomh maith le coinneáil suas chun dáta lena vacsaín fliú."


Nótaí

Percentage excess deaths in OECD countries (adjusted and non-adjusted) in 2020 to 2022 compared to the baseline years, 2015-19
Download link for Íoslódáil

Soláthraíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí d'Éirinn.