Léiríonn Tuarascáil go bhfuil an ráta is airde de dhea-shláinte ag Éirinn ar fud an AE
- Foilsithe: 27 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 27 Nollaig 2023
Tá aird tarraingthe ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, ag an Aire Sláinte Poiblí agus Folláine agus Sláinte Náisiúnta, Hildegarde Naughton, agus ag an Aire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, ar ráta ard dea-shláinte tuairiscithe na hÉireann, mar atá doiciméadaithe i Staid na Sláinte san AE Éire: Próifíl Sláinte Tíre 2023.
Déanann an tuarascáil, a fhoilsítear gach dara bliain, comparáid idir Éirinn agus tíortha eile an Aontais Eorpaigh (AE) agus meán an AE thar raon táscairí lena n-áirítear sláinte, fachtóirí riosca, agus feidhmíocht an chórais sláinte.
I measc na mbuaicphointí:
- Tuairiscíonn 80% de mhuintir na hÉireann go bhfuil siad i mbarr a sláinte, an leibhéal is airde san AE
- Tá rátaí mortlaíochta na hÉireann de thoradh cúiseanna inchoiscthe agus inchóireáilte thart ar 20% níos ísle ná meáin an AE faoi seach agus tar éis laghdú ag ráta níos tapúla le deich mbliana anuas
- Tá daonra na hÉireann ag aois 65 sa tríú háit toisc go bhfuil an t-ionchas saoil saor ó mhíchumas is airde acu ar fud an AE uilig
- Tá an méid daoine a ghlac vacsaíní fliú, COVID-19 agus HPV i bhfad os cionn mheán an Aontais Eorpaigh
- Fuair 96% de dhaoine fásta an príomhchúrsa iomlán vacsaínithe COVID-19 in 2022, i gcomparáid le meán an Aontais Eorpaigh de 82%, agus fuair 76% an dara teanndáileog, a bhí ar an dara ceann ab airde san Aontas Eorpach
Dúirt an tAire Donnelly:
“Soláthraíonn na Próifílí Sláinte Tíre seo forléargas gonta agus ábhartha ó thaobh beartais de ar sheirbhísí sláinte agus sláinte sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Leagann siad béim ar na saintréithe agus na dúshláin i ngach tír i gcomhthéacs comparáidí trastíre. Chabhraigh siad linn i gceapadh beartas agus is bealach tábhachtach iad don fhoghlaim fhrithpháirteach agus don mhalartú deonach."
Tuairiscíonn 37% den daonra os cionn 16 bliana d'aois go ndéanann siad 150 nóiméad ar a laghad de ghníomhaíocht choirp in aghaidh na seachtaine, ráta atá níos airde ná meán an AE de 33%. Laistigh den ghrúpa céanna, tuairiscíonn 33% go n-itheann siad cúig phíosa torthaí agus glasraí go laethúil.
Tugtar le fios sa tuarascáil freisin go bhfuil níos mó ná 35% de na básanna go léir in Éirinn inchurtha i leith fachtóirí riosca iompraíochta lena n-áirítear caitheamh tobac, rioscaí cothaithe, tomhaltas alcóil agus gníomhaíocht fhisiciúil íseal.
Dúirt an tAire Naughton:
“Tá an infheistíocht i gcosc chun treochtaí leibhéil murtaill atá ag ardú a aisiompú riachtanach chun sláinte dhaonra na hÉireann a chosaint. Is cúis áthais dom a fheiceáil go bhfuil laghdú 5% tagtha ar na leibhéil otrachta a thuairiscigh daoine aonair le ceithre bliana anuas. Is plean deich gcéim é an beartas um otracht agus an plean gníomhaíochta (OPAP), atá anois ina ochtú bliain, atá á sheachadadh ag an Roinn Sláinte le comhpháirtithe tras-Rialtais agus ilearnálacha faoi choimirce Éire Shláintiúil.
“Tá an Rialtas tiomanta do dhul i ngleic le neamhionannais sláinte tríd an gclár Sláintecare Healthy Communities, agus earcaíodh 19 Oibrí Bia agus Cothaithe Pobail le dhá mhí dhéag anuas. Tá sé seo ag tacú le pobail páirt a ghlacadh in iompar stíl mhaireachtála níos sláintiúla chun dea-shláinte a chur chun cinn go fadtéarmach.
“Tá áthas orm freisin go bhfuil tuilleadh daoine ag baint na leibhéal molta de ghníomhaíocht choirp amach. Mar aon le dul i ngleic le murtall, tá gá le cur chuige trasearnála chun gníomhaíocht choirp a chur chun cinn. Táim ag tnúth le cur leis na feabhsuithe ar leibhéil gníomhaíochta coirp in 2024 nuair a bheidh comharba don Phlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp tugtha chun críche agus seolta."
Léirítear sa tuarascáil freisin go bhfuil rátaí scagthástála ailse in Éirinn an-ard go ginearálta ag 49.5% d'ailse cholaireicteach, 72% d'ailse Cheirbheacs, atá os cionn mheán an Aontais Eorpaigh, agus 74% d'Ailse Chíche.
I mbliana den chéad uair tá sliocht faoin meabhairshláinte sa tuarascáil. Leagtar amach ann an chaoi ar chuidigh Straitéis na hÉireann chun Féinmharú a Laghdú le rátaí féinmharaithe a laghdú le deich mbliana anuas.
Dúirt an tAire Butler:
“Is príomhthosaíochtaí don Rialtas iad folláine mheabhrach a chur chun cinn agus feabhas a chur ar na seirbhísí atá ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu, agus is meabhrú iad na figiúirí seo ar an bhfáth a bhfuil sé tábhachtach go gcoinneoimid an intinn agus an tiomantas sin.
“Tá áthas orm a rá go bhfuil Comhfhís, ár mbeartas náisiúnta meabhairshláinte, agus Ceangail ar Feadh an tSaoil an straitéis náisiúnta um fhéinmharú agus féindochar a laghdú, ag dul chun cinn faoi mo shainchúram mar Aire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta.
“Is féidir le pé duine deacrachtaí meabhairshláinte a bheith acu ag am ar bith le linn a saoil, agus tá sé tábhachtach go gcuirfimid seirbhísí cuí i bhfeidhm ionas gur féidir le daoine rochtain a fháil ar an gcúram ceart san áit cheart, ag an am ceart, ag brath ar a gcuid riachtanas. Leanfaidh mé orm ag cur meabhairshláinte chun cinn, chomh maith le luath-idirghabháil agus téarnamh i mo ról mar Aire, agus muid ag cur feabhsuithe ar fáil ar fud na seirbhísí go léir, agus don daonra ar fad".
Nótaí
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo.