Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Laghdaíonn an tAire Sláinte an muirear a ghearrtar in aonaid mhionghortuithe

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Nollaig 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

D’fhógair Simon Harris TD, an tAire Sláinte, inniu gur laghdaíodh an muirear a ghearrtar i leith freastal ar aonad mionghortuithe.

Shínigh an tAire ionstraim reachtúil lena laghdaítear an muirear ó €100 go €75. Tiocfaidh an t-athrú sin i bhfeidhm láithreach.

Dúirt an tAire Harris:

“Tá 11 aonad mionghortuithe ann ar fud na tíre agus, ón lá inniu, laghdófar an muirear a ghearrtar iontu.

“Ba mhaith linn ár seacht ndícheall a dhéanamh cabhrú leis na brúnna ar ár Rannóga Éigeandála a mhaolú agus creidimid gur féidir lenár nAonaid Mhionghortuithe cabhrú linn déanamh amhlaidh.”

Cóireáiltear in Aonaid Ghortuithe gortuithe nach dóigh go mbeidh ligean isteach san ospidéal ag teastáil ina leith. Áirítear leo cnámha briste, asaltú, leonadh, stangadh, créachtaí, scalladh agus miondónna. Déanann na baill foirne in Aonaid Ghortuithe x-ghathanna, laghdaíonn siad asaltú ailt, cuireann siad teilgean plástair ar othair, agus cóireálann siad créachtaí trí ghreamanna a chur iontu nó ar bhealaí eile.

Dheimhnigh an tAire Harris freisin gur cuireadh €13 mhilliún eile ar fáil chun cabhrú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le linn an gheimhridh.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Tá 11 Aonad Mionghortuithe ann ar fud na tíre.

Aonad Gortuithe Cholm Cille, Baile Uí Lachnáin

Aonad Gortuithe Dhún Dealgan

Mearchlinic Gortuithe an Mater, Margadh na Feirme

Aonad Gortuithe Mhuineacháin

Aonad Gortuithe Ros Comáin

Aonad Gortuithe Inse

Aonad Gortuithe an Aonaigh

Aonad Gortuithe Naomh Eoin, Luimneach

Aonad Gortuithe na Trócaire, Corcaigh

Aonad Gortuithe Mhala

Aonad Gortuithe Bheanntraí