English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagann an tAire Burke béim ar thionchar na hinfheistíochta i seirbhísí cóireála alcóil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá aird tarraingthe ag an Aire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke, ar thionchar na hinfheistíochta i seirbhísí drugaí agus alcóil mar go léiríonn figiúirí nua ardú 10% ar líon na gcásanna cóireála alcóil in 2023.

Léiríonn sonraí a thuairiscigh an Bord Taighde Sláinte (HRB) ina Chóras Náisiúnta Tuairiscithe Cóireála Drugaí (NDTRS) toradh na hinfheistíochta méadaithe i seirbhísí drugaí le blianta beaga anuas, agus tá líon na ndaoine i gcóireáil alcóil ag dul thar leibhéil réamh-COVID-19 anois. Rinneadh cóireáil ar 8,163 cás san iomlán le haghaidh úsáid alcóil in 2023, méadú 10% ar an 7,421 cás a tuairiscíodh in 2022.

Dúirt an tAire Burke:

"Tá bailiú sonraí ag an HRB ó sheirbhísí cóireála maidir le húsáid alcóil ríthábhachtach chun monatóireacht agus pleanáil a dhéanamh ar sheirbhísí.

"Cé go bhfáiltítear roimhe go bhfuil níos mó cásanna d'úsáid alcóil fadhbach ag fáil cóireála, is meabhrú iad na sonraí ar mhéid na faidhbe a bhaineann le húsáid alcóil agus ar an tionchar díobhálach a bhíonn ag spleáchas ar alcól. Is léir mar shochaí go gcaithfimid ár dtomhaltas alcóil a laghdú trí fhreagairt sláinte poiblí."

Dúirt an tAire Burke freisin:

"Leanann an Rialtas seo le bearta a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar ól alcóil in Éirinn. Tá áthas orm a rá gur cuireadh tús le 28 de na 31 foráil den Acht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018 go dtí seo, lena n-áirítear íosphraghsáil aonaid agus scaradh struchtúrach táirgí alcóil ó tháirgí eile in asraonta miondíola.

"Cuirfidh cur i bhfeidhm na tairsí craolta i mí Eanáir 2025 srian ar na hamanna d'fhógraí alcóil ar an raidió agus ar an teilifís, rud a laghdóidh nochtadh leanaí do na fógraí seo. Ina dhiaidh sin i mí na Bealtaine 2026, cuirfear ceanglais nua lipéadaithe sláinte i bhfeidhm maidir le táirgí alcóil.

"Le chéile, cuideoidh na bearta seo le tomhaltas alcóil a laghdú, cuideoidh siad le tomhaltóirí cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le hól alcóil agus moill a chur ar thomhaltas alcóil ag leanaí agus daoine óga."

Thug feasachán an HRB le fios gurbh ionann cásanna nua i gcóireáil alcóil agus níos mó ná dhá chás as gach cúig chás. Bhain ceann amháin as gach ceithre chás le húsáid il-druga.

Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt an tAire Burke:

"Tá seirbhísí cóireála ag déileáil le cásanna níos casta, toisc go bhfuil tomhaltas ard alcóil comhcheangailte le húsáid drugaí aindleathacha cosúil le cóicín agus cannabas. Is é sin an fáth go dteastaíonn seirbhísí cóireála uainn atá solúbtha agus duinelárnach, agus táim tiomanta a chinntiú go leanfaimid orainn ag cur na n-acmhainní riachtanacha ar fáil chun é seo a bhaint amach."

Is ionann an caiteachas poiblí measta ar sheirbhísí drugaí agus andúile in 2024 agus €163 milliún. Áirítear leis seo €6 mhilliún breise in 2024 chun seirbhísí drugaí a leathnú sa phobal, agus úsáidfear €2 mhilliún de chun freastal ar an éileamh méadaithe ar sheirbhísí, dearadh seirbhísí a fheabhsú, agus comhtháthú le cúram pobail a neartú.

Cuireadh maoiniú €500,000 ar fáil freisin in 2023 chun seirbhísí drugaí agus alcóil pobalbhunaithe a leathnú.

Tá tús áite á thabhairt ag an Roinn Sláinte freisin do thionscnaimh choiscthe, agus leithdháileadh €1.5 milliún in 2023 ar chúig thionscadal atá deartha chun úsáid drugaí agus alcóil a laghdú.

Ina theannta sin, rinne Clár Pobail Shláintiúla Sláintecare dhá Sheirbhís Chomhtháite Alcóil a phíolótú chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil úsáid dhíobhálach alcóil acu agus dá dteaghlaigh.

Dúirt an tAire Burke freisin:

"Mholfainn d'aon duine a bhfuil imní orthu maidir lena n-úsáid alcóil, nó le duine muinteartha nó cara, tacaíocht a lorg óna ndochtúir teaghlaigh, óna seirbhísí cóireála nó teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach drugaí agus alcóil."


Nótaí don Eagarthóir

Is é an NDTRS an córas faireachais náisiúnta a thaifeadann agus a thuairiscíonn ar chásanna cóireála drugaí agus alcóil in Éirinn. Tá an feasachán is déanaí, lena n-áirítear sonraí maidir le cóireáil alcóil do 2023, ar fáil ag www.hrb.ie.

Tacaíochtaí

Is féidir tuilleadh eolais faoi thacaíocht a lorg d'úsáid drugaí a fháil ar www.drugs.ie agus ar alcól ar www.askaboutalcohol.ie.

Tá léarscáil idirghníomhach de sheirbhísí cóireála drugaí agus alcóil ar fáil ag drugsandalcohol.ie.

Cuireann Líne Chabhrach Drugaí agus Alcóil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) tacaíocht, eolas agus treoir ar fáil d'aon duine atá buartha faoina n-úsáid drugaí nó alcóil féin, nó do dhuine muinteartha nó cara. Is féidir tuilleadh eolais faoi thacaíocht a lorg d'úsáid drugaí a fháil ar www.drugs.ie agus ar alcól ar www.askaboutalcohol.ie.

An tAcht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018

Síníodh an tAcht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018 ina dhlí an 17 Deireadh Fómhair 2018. Tá sé mar aidhm ag an reachtaíocht seo aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha an tomhaltais ar fhorais sláinte poiblí. Tá sé mar chuid de shraith beart atá deartha chun tomhaltas alcóil a laghdú agus chun an damáiste do shláinte, do shochaí agus do gheilleagar na tíre a theorannú.

Is iad na príomhspriocanna polasaithe atá ag an Acht Sláinte Poiblí (Alcól) 2018 ná:

  • Úsáid alcóil a laghdú go 9.1 lítear alcóil an duine in aghaidh na bliana.
  • Moill a chur ar cathain a thosaíonn páistí agus daoine óga ag ól alcóil.
  • Na dochair a dhéanann mí-úsáid alcóil a laghdú.
  • Soláthar agus praghas alcóil a rialáil agus a rialú chun an fhéidearthacht agus an mhinicíocht díobhála a bhaineann le halcól a íoslaghdú.

I measc na mbeart a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo tá scaradh struchtúrach táirgí alcóil ó tháirgí eile, urraíocht spóirt a rialáil, srianta ar ghníomhaíochtaí cur chun cinn áirithe agus íosphraghsáil aonaid.

I mí na Bealtaine 2023, síníodh rialacháin chun lipéadú cuimsitheach sláinte a thabhairt isteach ar tháirgí alcóil a dhíoltar in Éirinn. Forálann an dlí go gcuirfidh lipéid ar tháirgí alcóil méid calraí agus graim alcóil atá sa táirge in iúil. Tabharfaidh siad radhadh ar an mbaol a bhaineann le halcól a ól agus duine ag iompar clainne agus tabharfaidh siad rabhadh chomh maith ar bhaol galair ae agus ailsí marfacha a bhaineann le halcól a ól. Díreoidh na lipéid an tomhaltóir chuig suíomh Gréasáin FSS, www.askaboutalcohol.ie, le haghaidh tuilleadh eolais.

Tá tréimhse tosaigh trí bliana mar chuid den dlí chun am suntasach a thabhairt do ghnóthaí ullmhú don athrú. Beidh an dlí seo i bhfeidhm ó 22 Bealtaine 2026.

I mí na Samhna 2023, tugadh isteach an fhoráil do thairseach chraolta den Acht a chuireann srian ar amanna fógraí alcóil ar an raidió agus ar an teilifís. Tiocfaidh an fhoráil i bhfeidhm an 10 Eanáir 2025.

An Clár um Phobail Shláintiúla Sláintecare (SHC)

Oibríonn an Clár um Phobail Shláintiúla Sláintecare (SHC) i réimsí ar leith ina bhfuil tosca ardriosca do shláinte agus d'fholláine an phobail forleathan go háirithe mar gheall ar dhíothú, d'fhonn tionscnaimh spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na dúshláin sin laistigh de na pobail sin. Cuireadh naoi gceantar déag san áireamh sa chéad chéim den chlár, ar bhonn riachtanais, agus i gcomhairle le hearnáil na nÚdarás Áitiúil.

Faoi Phobail Shláintiúla Sláintecare, tá dhá cheantar tar éis Seirbhísí Comhtháite Alcóil a phíolótú chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil úsáid dhíobhálach alcóil acu agus dá dteaghlaigh. Tá ceathrar comhairleoirí, Altra, agus Oibrí Tionscadail ar na foirne pobalbhunaithe. In 2021, cuireadh tús le seirbhísí i gCorcaigh agus i Luimneach. Oibríonn na seirbhísí go dlúth le hAltraí Idirchaidrimh Alcóil in ospidéil ionas go mbeidh cur chuige comhcheangailte ann maidir le seachadadh seirbhíse ar fud suíomhanna pobail agus ospidéil.

Clár Alcól an FSS

Tá sé mar aidhm ag Clár Alcóil FSS Éire níos sláintiúla agus níos sábháilte a bhaint amach trí oibriú chun úsáid alcóil daoine aonair, úsáid alcóil an daonra agus neamhionannais sláinte a laghdú, agus leanaí, teaghlaigh agus pobail a chosaint ón dochar a bhaineann le halcól. Is gné suntasach den chlár é an suíomh Gréasáin agus an feachtas 'Ask About Alcohol' agus cuireann sé faisnéis fhíorasach ar fáil do dhaoine faoi na buntáistí a bhaineann le níos lú alcóil a ól dá sláinte fhisiciúil agus mheabhrach.