English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leagann an tAire Donnelly an bhéim ar an tábhacht a bhaineann le córais sláinte atá seasmhach ó thaobh na haeráide agus atá inbhuanaithe - An 30 Deireadh Fómhair 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, T.D., go dtacaíonn Éire le dhá thionscnamh sláinte dhomhanda a dhéanann Córais agus Saoráidí Sláinte atá Seasmhach ó thaobh na hAeráide de agus Ísealcharbóin a chur chun cinn.

Lorgaíonn na tionscnaimh seo, a chuireann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus Clár Sláinte COP26 chun cinn, athléimneacht agus inbhuanaitheacht chórais sláinte a neartú ar fud na cruinne sula mbeidh comhdháil aeráide COP26 ar siúl, a thitfidh amach i nGlaschú i Samhain 2021.

Ag labhairt dó ar thábhacht an chéad tionscnaimh, lena chinntiú go ndéantar córais sláinte a ullmhú go leordhóthanach do thionchair an athraithe aeráide, dúirt an tAire Donnelly:

“Tá na tionscnaimh seo thar a bheith tráthúil, nuair a chuirtear tionchair mhéadaitheacha an athraithe aeráide a thugtar faoi deara in Éirinn agus ar fud an domhain agus na rabhaidh shoiléire a chuimsítear i dTuarascáil an PIRAA a foilsíodh le déanaí san áireamh. D’fhorbair na príomhearnálacha go léir in Éirinn, an earnáil sláinte san áireamh, pleananna oiriúnaithe ina dtugtar cuntas ar thionchair reatha an athraithe aeráide agus ar na tionchair a bhfuil súil leo, agus tá gníomhartha curtha san áireamh agam le hullmhú do na tionchair seo sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide a bheidh ag teacht aníos. Ábhar buartha atá ag dul i méid ar fud an domhain é leochaileacht chórais sláinte do thionchair an athraithe aeráide, agus cuirim fáilte roimh na tionscnaimh seo i dtaobh feasacht a mhúscailt ar agus gníomh a chur chun cinn le hathléimneacht ár gcóras a chinntiú.”

Maidir leis an dara tionscnamh, a dhéanann forbairt córais sláinte ísealcharbóin a chur chun cinn, thug an tAire faoi deara nach féidir breithniú a dhéanamh ar an earnáil sláinte leis féin, ach thug sé chun solais an tábhacht a bhaineann le gníomh comhtháiteach ar fud na n-earnálacha go léir le hastaíochtaí a laghdú:

“Gheall Éire d’astaíochtaí atá neodrach ó thaobh fuinnimh a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050, agus do laghdú 51% ar astaíochtaí faoi dheireadh na ndeich mbliana amach romhainn. Teastaíonn gníomh comhtháite uile-rialtais uaidh seo, agus tá ról le glacadh ag an earnáil sláinte lena chinntiú go leanann sé agus go dtacaíonn sé leis an réimse gníomhartha a theastaíonn lena chur ar ár gcumas ár n-uaillmhianta a bhaint amach. Fad atáthar ag tacú leis an tionscnamh i bprionsabal, beartaím scrúdú níos mionsonraithe a dhéanamh ar an rannchuidiú a thabharfaidh an earnáil sláinte do phróiseas an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide agus fardal astaíochtaí gás ceaptha teasa náisiúnta na hÉireann a cheistiú le ról na hearnála sláinte i gconair na hÉireann a léarscáiliú i dtreo ár gcuspóirí aeráide a bhaint amach.”

Mar fhocal scoir, léirigh an tAire a spéis i dtorthaí Chlár Sláinte COP26 agus torthaí na comhdhála a bhaineann leis an tsláinte.