Leagtar béim i dtuarascáil nua ar threochtaí dearfacha maidir le hiompraíocht sláinte daoine óga in Éirinn
- Foilsithe: 26 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 3 Eanáir 2025
Tá déagóirí in Éirinn (15 bliana d’aois) in Éirinn fabhrach inchurtha lena gcomhghleacaithe idirnáisiúnta ó thaobh rangaithe maidir le caitheamh tobac, ól alcóil, gníomhaíocht fhisiciúil agus vacsaíniú papalómaivíreas daonna (HPV).
Áirítear le sonraí ó thuarascáil nua ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) raon táscairí lena dtaispeántar conas a éiríonn le daoine óga in Éirinn ó thaobh iompraíocht sláinte de.
Léiríonn 'Sracfhéachaint ar an tSláinte: Eoraip 2022: Staid na Sláinte i dTimthriall an Aontais Eorpaigh' na nithe seo a leanas:
- i measc leanaí 15 bliana d’aois, tá an ráta caitheamh tobac is ísle ag Éirinn, ag 7%, agus i measc na rátaí caitheamh tobac cannabais is ísle, ag 4%, san AE
- tá an céatadán de leanaí 15 bliana d’aois a thuairiscigh go raibh siad ar meisce arís agus arís eile ar na cinn is ísle san AE, ag 13 %
- Tá Éire i measc na gcúig thír is fearr san AE ó thaobh an chiona de leanaí 15 bliana d’aois a shásaíonn na leibhéil gníomhaíochta coirp a mholtar
- Tá Éire i measc na dtíortha, nach bhfuil ach och gcinn dóibh ann, a bhain ráta vacsaínithe HPV amach do bhuachaillí de níos mó ná 60% in 2023.
Leagtar béim sa tuarascáil freisin ar roinnt ábhar imní Tuairiscíonn beagnach leath (47%) de leanaí 15 bliana d'aois nach n-itheann siad torthaí ná glasraí go laethúil, cé go bhfuil sé seo faoi bhun mheán an Aontais de 56%.
Is é 20% an ráta róthrom nó murtaill i measc leanaí 15 bliana d’aois, rud beag níos ísle ná meán an Aontais de 21%. Is é an ráta tomhaltais deochanna siúcra-mhilsithe san aoisghrúpa seo ná 8%, níos ísle ná meán an Aontais de 14%. Luann an foilseachán an tionchar atá ag an Cáin ar Deochanna Siúcra-Mhilsithe in Éirinn, a tugadh isteach in 2018, as a d’eascair laghdú measta ar iontógáil siúcra ó dheochanna boga carbónáitithe ó 5kg an duine in 2018 go dtí níos lú ná 4kg in 2022.
Dúirt an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí Colm Burke:
“Léiríonn an tuarascáil seo treochtaí a chothódh misneach, go háirithe i measc aoisghrúpaí níos óige, rud a léiríonn an tionchar dearfach atá ag ár n-iarrachtaí chun tacú le daonra níos sláintiúla.
“Tá Éire chun tosaigh le fada an lá maidir le dul i ngleic le rátaí caitheamh tobac, agus leanaimid ag obair i dtreo na físe d’Éirinn saor ó thobac, lena n-áirítear an aois íosta chun tobac a dhíol a ardú go 21. Táimid ag déanamh dul chun cinn freisin maidir le dochar a bhaineann le halcól a laghdú, agus tá roinnt beart san Acht Sláinte Poiblí (Alcól), 2018 deartha chun leanaí a chosaint. Déanann Buiséad 2025 foráil freisin do sheachadadh clár coiscthe drugaí atá bunaithe ar fhianaise chun daoine óga a dhíspreagadh ó iompraíocht díobhálach.
“I dtéarmaí cothaithe agus gníomhaíochta coirp, tá sé thar a bheith dearfach a fheiceáil go bhfuil ag éirí níos fearr le hÉirinn i bhformhór na dtíortha san AE, ach ní féidir linn a bheith bogásach. Leantar den obair ar thionscnaimh a chumasóidh timpeallacht bia níos sláintiúla a chruthú, lena n-áirítear feachtas nua Safefood.
“Chomh maith leis sin, rinneadh infheistíocht shuntasach in 2024 i dtionscadail chun tacú le gníomhaíocht fhisiciúil mhéadaithe thar gach aois, lena n-áirítear clár na mBratach Scoile Gníomhaí, Parkrun agus uasghráduithe ar áiseanna snámha lasmuigh agus rianta siúlóide. In 2025 díreoimid ar chur leis an obair sin, agus muid faoi theoir ag an gCreat Náisiúnta um Ghníomhaíocht Choirp a fhoilseofar go luath.
“Is cúis áthais dom freisin na rátaí arda vacsaínithe HPV. Tá sé de phribhléid againn sa tír seo rochtain a bheith againn ar vacsaíní sábháilte agus éifeachtacha, agus molaim do dhaoine an deis a thapú chun iad féin a chosaint trí na vacsaíní a thairgtear dóibh a ghlacadh."
Faigh rochtain ar thuarascáil ECFE 'Sracfhéachaint ar an tSláinte: Eoraip 2022.