English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leasuithe ar an mBille Sláinte (Atáirgeadh Daonna Cuidithe), 2022 faofa ag an Rialtas

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 12 Nollaig 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly inniu cinneadh an Rialtais téacs na Leasuithe ar Chéim an Choiste (CSAanna) de Bhille Sláinte (Atáirgeadh Daonna Cuidithe), 2022 a cheadú. Áirítear leis sin forálacha nua i dtaobh comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le máthairionadaíocht a rialáil agus maidir le haitheantas a thabhairt do shocruithe áirithe máthairionadaíochta san am a chuaigh thart.

Tá an meamram Rialtais curtha isteach ag an Aire Sláinte, i gcomhar leis an Aire Dlí agus Cirt agus leis an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

Cuimseofar sa reachtaíocht chasta agus fhorleathan seo den chéad uair rialachán ar raon leathan cleachtas a dhéantar sa dlínse seo, lena n-áirítear: deonú gaiméití agus suthanna don atáirgeadh daonna cuidithe (AHR) agus taighde; máthairionadaíocht altrúíoch intíre; tástáil ghéiniteach réamh-ionchlannaithe suthanna; atáirgeadh daonna iarbháis; agus taighde suthanna agus gascheall.

Dúirt an tAire Donnelly inniu:

“I gcás go leor teaghlach ar fud na tíre, is cloch mhíle thábhachtach í dul chun cinn an lae inniu maidir leis an reachtaíocht seo. Is tosaíocht iomlán domsa é an Bille um Atáirgeadh Daonna Cuidithe seo a chríochnú agus is céim shuntasach eile í chun ár dtiomantas do Chlár an Rialtais a chomhlíonadh."

"Cosnóidh an reachtaíocht leasaitheach seo cearta agus sábháilteacht leanaí, a dtuismitheoirí agus gach duine a bhfuil baint acu le socrú máthairionadaíochta. Tar éis dom bualadh le go leor acu, tá a fhios agam cé chomh fada is a throid siad ar son an dul chun cinn seo. Tá an reachtaíocht á cur faoi bhráid an Choiste Oireachtais um Shláinte anois agus creidim go ndéanfaimid tuilleadh dul chun cinn i mí Eanáir.

“Chomh maith leis na forálacha nua ceannródaíocha seo a bhaineann le máthairionadaíocht, atá le cur leis an mBille, cuirfidh sé bealach ar fáil do na céadta teaghlach Éireannach chun aitheantas foirmiúil a fháil ón Stát do shocruithe máthairionadaíochta atá déanta acu, nó a dhéanfaidh siad, sa bhaile nó i ndlínsí eile.

“Bhí m'oifigigh i dteagmháil go forleathan le comhghleacaithe sna ranna ábhartha agus le hOifig an Ard-Aighne agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don chur chuige comhoibríoch agus comhairliúcháin a glacadh chun an reachtaíocht seo a fhorbairt.”

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee:

“Is céim thábhachtach chun cinn é an lá inniu maidir le soiléireacht dhlíthiúil a chur ar fáil do neart teaghlach agus leanaí.

“Leagtar amach sna leasuithe a bhí faofa ag an Rialtas cur chuige maidir le máthairionadaíocht idirnáisiúnta agus socruithe máthairionadaíochta san am a chuaigh thart, a chomhlíonann cuspóirí agus moltaí Thuarascáil Chomhchoiste Speisialta an Oireachtais um Ionadaíocht Idirnáisiúnta.

“Tabharfaidh na forálacha reachtacha nua tús áite do chosaint chearta, leasanna agus leasa leanaí agus máithreacha ionaid, agus rachaidh siad go mór chun tairbhe do theaghlaigh a bhfuil leanaí acu a rugadh trí mháthairionadaíocht.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don chomhoibriú agus don rannpháirtíocht fhorleathan, leis an Aire Donnelly, leis an Aire O'Gorman agus lena Ranna maidir le saincheisteanna a bhaineann le rialáil na máthairionadaíochta idirnáisiúnta agus le haitheantas a thabhairt do shocruithe máthairionadaíochta roimhe seo.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis na teaghlaigh agus na grúpaí abhcóideachta ar fad a bhí i mbun feachtais ar feadh na mblianta ar an gceist seo agus bhí sé de phléisiúr agam aithne a chur orthu. Táim ag tnúth le tuilleadh teagmhála leis na hAirí de réir mar a théann an obair ar aghaidh leis an mBille Sláinte (Atáirgeadh Daonna Cuidithe).”

Dúirt an tAire Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Comhtháthú, Roderic O’Gorman:

“Cuirim fáilte roimh chinneadh an lae inniu téacs leasuithe Chéim an Choiste ar an mBille Sláinte (Atáirgeadh Daonna Cuidithe) a cheadú. Trí na leasuithe sin, tabharfar isteach creat rialála do shocruithe máthairionadaíochta intíre agus idirnáisiúnta araon. Tá sé mar aidhm ag an gcéim an-dearfach seo bealach a chur ar fáil chun aitheantas a thabhairt do thuismíocht do na tuismitheoirí sin a bhfuil teaghlaigh curtha le chéile acu cheana féin trí mháthairionadaíocht agus dóibh siúd a bhfuil sé i gceist acu é sin a dhéanamh.

“Mar Aire Leanaí, dírím ar chearta agus leasanna an linbh a chosaint, chomh maith leis na forálacha molta seo, tabharfar isteach na cosaintí cuí agus riachtanacha chun a chinntiú go gcosnaítear gach páirtí.”

Tá sé i gceist go gcuirfear na forálacha reachtacha faofa a bhaineann le máthairionadaíocht idirnáisiúnta san áireamh sa Bhille ag Céim an Choiste, chomh maith le bearta chun go bhféadfaí aitheantas cúlghabhálach a thabhairt do thuismíocht maidir le socruithe máthairionadaíochta intíre agus idirnáisiúnta.