Leathnú ar an scéim frithghiniúna saor in aisce chun mná 26 bliana d'aois a chur san áireamh, ón 1 Eanáir 2023
- Foilsithe: 16 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go leathnófar an scéim frithghiniúna saor in aisce chun mná 26 bliana d'aois a chur san áireamh, ón 1 Eanáir 2023.
Seoladh an scéim frithghiniúna saor in aisce do mhná idir 17 agus 25 bliana d'aois an 14 Meán Fómhair 2022. Tá an scéim oscailte faoi láthair do mhná idir 17 agus 25 bliana d'aois a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn. Tá mná incháilithe in ann cuairt a thabhairt ar dhochtúirí teaghlaigh agus ar áiseanna leighis eile ar nós clinicí pleanála teaghlaigh le haghaidh comhairliúcháin maidir leis na roghanna frithghiniúna is fearr dóibh.
Ón 14 Meán Fómhair 2022, tá breis agus 2,200 Dochtúir Teaghlaigh, ionad cúraim phríomhúil, ionad pleanála teaghlaigh agus clinicí sláinte mac léinn tar éis conarthaí a shíniú le FSS chun seirbhísí a sholáthar faoin scéim, agus soláthraithe breise ar feitheamh. Ar an gcaoi chéanna, tá os cionn 1,850 cógaslann rannpháirteach sa scéim freisin.
Ón 1 Eanáir 2023 beidh an scéim oscailte do dhaoine 26 bliana d'aois agus leathnófar tuilleadh í chun 27 go 30 bliain d'aois a chur san áireamh ón 1 Meán Fómhair 2023. Cuirtear maoiniú ar fáil, trí Bhuiséad 2023, chun an scéim a leathnú chuig daoine 16 bliana d'aois, faoi réir comhairliúcháin ar fud an Rialtais, comhairle dlí agus leasú reachtach. Leithdháileadh maoiniú iomlán thart ar €32 milliún i mBuiséad 2023 chun tacú leis an scéim.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá áthas orm leathnú na scéime frithghiniúna saor in aisce a fhógairt do dhaoine 26 bliain d'aois san Athbhliain. Tá sláinte na mban ina príomhthosaíocht dom féin agus don Rialtas seo i gcónaí. Is cloch mhíle eile í an lá inniu maidir lenár ngealltanais chun tacú le sláinte na mban a chomhlíonadh, chun rochtain ar fhrithghiniúint a leathnú agus chun na moltaí a rinne an Comhchoiste um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht a chomhlíonadh. Ón 1 Eanáir cuirfidh an leathnú seo tacaíochtaí breise ar fáil do mhná agus dá bpáirtithe i gcomhthéacs na géarchéime costais mhaireachtála."
Déantar oidis a dháileadh ag do rogha cógaslainne áitiúil. Má roghnaítear LARCanna (m.sh. cornaí agus ionchlannáin), filleann othair ar sholáthraí seirbhíse atá rannpháirteach sa scéim chun an gléas a fheistiú, agus a bhaint ina dhiaidh sin. Tá na costais seo go léir clúdaithe go hiomlán ag an Stát agus tá siad saor in aisce don othar.
Tá eolas maidir leis an scéim ar fáil trí láithreán gréasáin FSS www.sexualwellbeing.ie. Déantar an fhaisnéis seo a nuashonrú go rialta agus tugtar sonraí iomlána inti maidir le conas rochtain a fháil ar an scéim.
Nótaí:
Do mhná incháilithe, foráiltear leis an scéim frithghiniúna saor in aisce don méid seo a leanas:
- An costas a bhaineann le frithghiniúint ar oideas.
- An costas a bhaineann le comhairliúcháin le Dochtúirí Teaghlaigh agus gairmithe leighis ábhartha eile chun roghanna frithghiniúna a phlé le hothair incháilithe agus chun oidis a sholáthar ina leith sin.
- An costas a bhaineann le feistiú agus/nó le baint cineálacha éagsúla Frithghiniúna Inchúlaithe Fadtéarmaí (LARC) móide aon seiceálacha riachtanacha, ag gairmithe leighis atá deimhnithe chun LARCanna a fheistiú/a bhaint (e.g. feistí ionútaracha (IUD), córais ionútaracha (IUS), cornaí agus ionchlannáin).
- An costas a bhaineann leis an raon leathan roghanna frithghiniúna atá ar fáil faoi láthair do shealbhóirí cárta GMS (leighis), a bheidh ar fáil tríd an scéim seo freisin, lena n-áirítear instealltaí frithghiniúna, ionchlannáin, IUSanna agus IUDanna, an paiste agus an fáinne frithghiniúna, agus cineálacha éagsúla piolla frithghiniúna béil, lena n-áirítear frithghiniúint éigeandála.
- An costas a bhaineann le dochtúirí teaghlaigh agus gairmithe leighis eile a chur faoi oiliúint agus a dheimhniú chun LARC a fheistiú agus a bhaint
Ón 1 Eanáir 2023, beidh mná atá 17 mbliana d'aois go dtí an lá roimh a 27 breithlá incháilithe le haghaidh frithghiniúna saor in aisce faoin scéim. Fanfaidh mná a bhfuil cornaí, IUDanna, IUSanna nó ionchlannáin curtha isteach acu faoin scéim incháilithe le haghaidh na seiceálacha ina dhiaidh sin agus chun aon fheistí a cuireadh isteach roimh a 27 lá breithe a bhaint saor in aisce, d'fhonn leanúnachas cúraim a chinntiú.