English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Litir oscailte dóibh siúd a rinneadh a vacsaíniú maidir leis an gcéad rud eile a tharlóidh - ón Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá éagóir déanta ag an bpaindéim seo ar gach uile dhuine in Éirinn, ar go leor bealaí difriúla agus éagsúla. Rinne gach duine íobairtí deacra; bhí an tréimhse le bliain anuas ar cheann de na blianta ba dhúshlánaí ar an mbealach ab uathúla i saol an mhóraimh. Táimid go léir sa bhád céanna ina leith sin.

Bhí ní ba mhó deacrachtaí roimh roinnt dínn, áfach: ar an gcéad dul síos, sibhse a bhí thíos le méala mar gheall ar an ngalar seo agus a bhí thíos le caillteanas ar bhealach a rinne an galar seo a shrianadh go cruálach agus na srianta a leagann sé orainn. Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do gach duine díobh.

Tá na daoine siúd i gceist freisin ar cuireadh in iúl dóibh go bhfuil siad leochaileach ó thaobh leighis de i leith éifeachtaí troma an víris seo, cibé acu mar gheall ar bhur mbunghalar nó bhur n-aois. D’iarr an phaindéim seo oraibh íobairtí suntasacha a dhéanamh agus thug sibh aghaidh ar an dúshlán gan choinne seo. Trí sibh féin a chosaint agus fanacht sa bhaile, ní haon amhras gur chabhraigh sibh leis an ngalar seo a chur faoi chois agus rinne seo daoine eile a chosaint agus thug sé saol go leor daoine slán.

Chloígh na daoine siúd a bhfuil baol níos ísle rompu i leith an ghalair leis an gcomhairle sláinte poiblí freisin ar chaighdeán an-ard chun an méid cásanna a bhí á scaipeadh a choimeád íseal agus chun na líonta cásanna a choimeád faoi smacht arís go tapa, nuair ba ghá.

Is eol dúinn go léir an tionchar a imríonn an saol is iomláine a mhaireachtáil - i dtaobh sóisialú, aclaíochta, teaghlaigh, oibre agus taistil - ar ár sláinte fhisiciúil agus ár meabhairshláinte. Is tábhachtach a chuimhneamh go gcosnaíonn iompar bunúsach aonair sinn go léir, ar bhonn aonair agus mar phobal, gurb iad an rannchuidiú is tábhachtaí agus is éifeachtaí is féidir linn uile a thabhairt chun cosc a chur ar tharchur an ghalair, fiú nuair a bhímid vacsaínithe. Leanfaidh an t-iompar seo le bheith mar chroíghné dár bhfreagairt leanúnach do COVID-19 de réir mar a thosaímid ag sóisialú níos mó agus mar a bhímid ag tnúth le casadh le daoine muinteartha a mb’fhéidir nár chasamar leo le fada an lá.

Tuar mór dóchais é Clár Vacsaínithe COVID-19. Chuir vacsaíniú ar chumas iad siúd is mó atá i mbaol go leor saoirse a bhaint amach arís a bhain an víreas seo díobh. De réir mar a dhéantar níos mó daoine a vacsaíniú, táimid in ann roinnt méaduithe a mholadh ar dheiseanna sóisialta a chruthaíonn baol níos ísle, cuairteanna a thabhairt ar an teaghlach, seirbhísí pearsanta, miondíol neamh-bhunriachtanach agus filleadh ar sheirbhísí reiligiúnacha, ar bhealach sábháilte agus rialaithe.

Tá na daoine siúd a rinneadh a vacsaíniú go dtí seo na daoine céanna, den chuid is mó, ar mholamar dóibh clutharú a dhéanamh i dtosach na paindéime. Is féidir libh anois an baile a fhágáil arís agus tús a chur athuair le go leor rudaí a bhíodh á ndéanamh agaibh, a luaithe a laghdófar na srianta ón 10 Bealtaine. D’fhéadfadh cuairt a thabhairt ar an trá, turas chuig músaem, cuairt a thabhairt ar chara, nó dul ar thuras chun casadh le garleanaí nár chas tú leo le fada an lá a bheith i gceist leis seo. Is tábhachtach go mbíonn sibh san airdeall ar an gcomhairle sláinte poiblí a bhaineann libh agus go mbeartaíonn sibh cloí leis go sábháilte – ach is tábhachtach leanúint oraibh agus tabhairt faoi!

Is eol dom go bhféadfadh go bhfuil sibhse a d’fhan taobh istigh, a laghdaigh an méid daoine a ndearna sibh teagmháil leo agus a leanann le gach rud a dhéanamh chun sibh féin a chosaint ó COVID-19 a bheith imníoch faoi bhur gciorcal sóisialta a athoscailt, fiú ar bhealach sábháilte agus rialaithe agus fiú cé go bhféadfadh go ndearnadh sibh a vacsaíniú. Cé go dtuigtear go bhfuil an imní seo ar dhaoine, is féidir libh bheith muiníneach as bhur vacsaín, is cuma cén vacsaín a fuair sibh. Agus is féidir libh bheith muiníneach go dtugann na bearta simplí a mholaimid fíorchabhair chun an baol a laghdú go dtiocfaidh an galar seo oraibh.

Bealach chun cabhrú le himní a bhainistiú is ea bhur dturas a phleanáil, cén t-iompar a úsáidfidh sibh san áireamh, cinntigh go bhfuil masc agaibh agus go bhfuil díghalrán lámh ar fáil daoibh, roinnt am breise a thabhair daoibh féin chun gur féidir libh sluaite a sheachaint, leanúint oraibh le scaradh sóisialta a dhéanamh agus bhur mbealach á dhéanamh go dtí agus ó bhur gceann scríbe go sábháilte agus go compordach. Déan measúnú riosca ar bhur roghanna agus bhur dtimpeallachtaí – má bhraitheann sibh neamhchompordach nó míshábháilte, bíodh de mhisneach agaibh siúl leat agus filleadh air arís eile amach anseo. Spreag daoine muinteartha an dearcadh céanna a bheith acu faoi thús áite a thabhairt dá sábháilteacht féin.

I gcás go leor daoine, ní bheadh deis agaibh bheith chomh gníomhach agus a bhídís roimhe seo. Is dóchúil gur imir seo tionchar diúltach ar shoghluaisteacht agus ar aclaíocht, agus ar mhuinín. Is tábhachtach a bheith ar an eolas air seo agus roinnt ama a thabhairt do do chorp dul i dtaithí ar bheith níos gníomhaí.

Is é an t-am anois an t-am chun bogadh chun cinn, dul amach faoin spéir agus casadh lena chéile arís. De réir a mar dhruideann an samhradh linn, ba cheart dúinn go léir tairbhe a bhaint as na tráthnónta geala agus an aimsir níos teo. Uirlis thábhachtach é aclaíocht amuigh faoin aer chun ár sláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte a chosaint.

Ní thugann seo le fios go bhfuil an phaindéim thart. Is fada an bóthar atá gafa againn go léir agus tiocfaidh feabhas breise ar rudaí ach tá an baol ann go fóill go dtiocfaidh borradh breise ar an ngalar seo mar gheall ar dhaoine a bheith ag casadh leis an iomarca daoine go sóisialta, go háirithe taobh istigh, i dtithe agus i suíomhanna eile. Is tábhachtach go leanaimid ag cloí leis na srianta agus leis an gcomhairle sláinte poiblí. Dá mhéid a dhéanaimid, is é is mó is féidir linn borradh baolach ar chásanna a sheachaint, a mbeadh orainn an dul chun cinn a mhoilliú atá á dhéanamh againn le bearta a laghdú dá bharr a bheartaímid a dhéanamh sna seachtainí agus na míonna amach romhainn.