Maoiniú breise fógartha ag an Aire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta don Chlár um Thithe Sláintiúla a Thacaíonn le Daoine Breacaosta don bhiliain 2025
- Foilsithe: 1 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- tá an Clár um Thithe Sláintiúla a Thacaíonn le Daoine Breacaosta ceaptha chun cuidiú le daoine breacaosta saol níos sláintiúla agus níos neamhspleáiche a chaitheamh ina dtithe féin ar feadh tréimhse níos faide
- tógann an maoiniú breise €0.667 milliún don Chlár um Thithe Sláintiúla a Thacaíonn le Daoine Breacaosta ar €5.2 milliún de mhaoiniú bliantúil athfhillteach
Tá maoiniú breise €0.667 milliún fógartha ag an Aire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler don Chlár um Thithe Sláintiúla a Thacaíonn le Daoine Breacaosta don bhiliain 2025. Leis an maoiniú nua seo cuirtear leis an maoiniú bliantúil athfhillteach tosaigh de €5.2 milliún ón mbuiséad do dhaoine breacaosta atá ag an Roinn Sláinte, maoiniú tosaigh lenar cumasaíodh leathnú ó naoi láthair phíolótacha go dtí gach ceann de na 31 údarás áitiúil ar fud na tíre.
Ó seoladh é i mí Iúil, tá rath ar an clár agus tá foireann iomlán de 44 comhordaitheoir áitiúil ann anois. Is clár nuálach comhordaithe tacaíochta é an Clár um Thithe Sláintiúla a Thacaíonn le Daoine Breacaosta atá ceaptha chun cuidiú le daoine breacaosta saol níos sláintiúla agus níos neamhspleáiche a chaitheamh ina dtithe féin ar feadh tréimhse níos faide.
Dúirt Máire de Buitléir, an tAire den Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta:
“Tá áthas orm maoiniú breise €0.667 milliún a fhógairt don Chlár um Thithe Sláintiúla a Thacaíonn le Daoine Breacaosta don bhliain 2025. Leis an infheistíocht ríthábhachtach seo cuirtear i bhfios go láidir a thiomanta atá muid an mianach saoil atá ag ár ndaoine breacaosta a fheabhsú.
“Tá an-rath ar an gclár cheana féin maidir le cabhrú le daoine breacaosta maireachtáil go neamhspleách agus go sláintiúil ina dtithe féin Leis an maoiniú úr seo, is féidir linn leanúint de bheith ag baint ár spriocanna amach agus de na spriocanna sin a shárú, chun a chinntiú go bhfaighidh níos mó daoine breacaosta an cúram agus an tacaíocht phearsantaithe atá de dhíth orthu. Is sampla iontach é seo de Sláintecare agus é i mbun gnímh, agus is léiriú é ar an gcaoi gur féidir le comhar tras-earnála cúram atá dírithe i ndáiríre ar an duine a chur ar fáil.”
Príomhéachtaí
- breis is 4,600 cuairt baile agus breis is 9,000 tacaíocht curtha ar fáil idir Bealtaine 2021 agus Nollaig 2023
- is é is aidhm don rolladh amach náisiúnta tacú le suas le 10,500 duine breacaosta in aghaidh na bliana.
- luann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) an clár mar shampla dea-chleachtais do chúram comhtháite duine-lárnach do dhaoine breacaosta
Leis an gClár um Thithe Sláintiúla a Thacaíonn le Daoine Breacaosta cuirtear múnla cuimsitheach cúraim ar fáil lena dtugtar tacaíocht do dhaoine breacaosta fanacht ina dtithe féin, nuair is féidir sin, chun dul isteach san ospidéal agus dul isteach go luath nó dul isteach nuair nach bhfuil gá leis i gcúram cónaitheach a sheachaint. Is féidir le rannpháirtithe iad féin a chur ar aghaidh nó a bheith curtha ar aghaidh ag baill teaghlaigh, cairde, soláthraithe cúram sláinte, oideasóirí sóisialta, nó baill den phobal.
Déanann Comhordaitheoirí Áitiúla, atá lonnaithe i ngach údarás áitiúil, cuairteanna baile agus déanann siad measúnú ar na riachtanais i sé réimse: sláinte, tithíocht, tacaíochtaí sóisialta agus pobail, teicneolaíochtaí cúnta, aeráid, agus airgeadas. Oibríonn siad ansin le gach duine breacaosta chun plean gníomhaíochta a oireann don duine sin a dhearadh chun tacú lena sláinte agus lena neamhspleáchas.
Nuair a dhéanfar an clár a rolladh amach go náisiúnta, leanfar leis an gclár de dheiseanna a lorg chun comhpháirtíochtaí a bhunú le gníomhaireachtaí agus le heagraíochtaí eile chun tacaíochtaí cuimsitheacha a sholáthar do dhaoine breacaosta.
Nótaí
Sheol an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta Mary Butler feidhmiú céimneach náisiúnta an Chláir um Thithe Sláintiúla a Thacaíonn le Daoine Breacaosta an 10 Iúil 2024 in éineacht leis an Aire Stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Alan Dillon. Cuireann an Rialtas Áitiúil ar fáil é trí Sheirbhís Chomhroinnte Aoisbhá Éireann arna óstáil ag Comhairle Contae na Mí.
Luaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an cur chuige a glacadh sa Chlár um Thithe Sláintiúla a Thacaíonn le Daoine Breacaosta mar shampla dea-chleachtais chun cúram comhtháite duinelárnach a sholáthar do dhaoine breacaosta. Cuireadh an clár sin i dtábhacht freisin mar chás-staidéar sa chéad tuarascáil ar dhul chun cinn Deacáid na Náisiún Aontaithe um Aosú Folláin a foilsíodh i mí na Samhna 2023.
Tá an Clár um Thithe Sláintiúla a Thacaíonn le Daoine Breacaosta ag teacht ó thaobh straitéise de le roinnt beartas rialtais, lena n-áirítear:
- an Clár Rialtais (Cúram Sláinte Uilíoch, Gníomhú ar son na hAeráide)
- ráiteas beartais comhroinnte na Roinne Sláinte agus na Roinne Tithíochta 'Roghanna Tithíochta dár nDaonra atá ag Dul in Aois'
- Sláintecare
- Tithíocht do Chách
- An Clár um Phobail Shláintiúla
- Treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Tithíocht agus Sláinte