Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Butler roimh ghealltanas an FSS do chonarthaí buana do chéimithe san altranas meabhairshláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 8 Meán Fómhair 2025

Chuir an tAire Meabhairshláinte agus Príomh-Aoire an Rialtais, Mary Butler, fáilte inniu roimh an ngealltanas ó Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Bernard Gloster, go dtairgfear post buan laistigh den tseirbhís sláinte do gach céimí san altranas meabhairshláinte in 2025 faoin 19 Meán Fómhair 2025.

Dúirt an tAire Butler:

“Is céim thar a bheith dearfach í seo dár seirbhís sláinte agus, go háirithe, do chúram meabhairshláinte. Cuirim fáilte mhór roimh an deimhniú seo go dtairgfear conarthaí buana do gach céimí san altranas meabhairshláinte in 2025, agus go mbeidh na tairiscintí sin i bhfeidhm faoin 19 Meán Fómhair. Tugann sé seo deimhneacht do chéimithe nua ag tús a ngairmeacha beatha agus cinntíonn sé go mbainfidh othair leas as lucht saothair níos cobhsaí agus níos inbhuanaithe."

Chuir an tAire Butler leis an méid sin, ag rá:

“Is cur chuige maith é seo don fhoireann agus d’othair. Tríd an spleáchas ar fhoireann ghníomhaireachta a laghdú agus trí chinntiú gur féidir lenár n-altraí cumasacha poist bhuana a fháil, neartófar seachadadh seirbhísí meabhairshláinte ar fud na tíre. Ciallóidh sé freisin go mbeidh níos mó leanúnachais ann maidir le cúram d’othair, rud atá chomh tábhachtach maidir le seirbhísí meabhairshláinte.”

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na ceardchumainn d’ altranas síciatrach, leis an FSS agus le hoifigigh na Roinne as a rannpháirtíocht leanúnach. Déanfaidh na gealltanais seo difríocht mhór maidir lenár lucht saothair a chobhsú, tacú leis an bhfoireann, agus feabhas a chur ar sheirbhísí meabhairshláinte ar fud na tíre.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat