English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

D’fhógair an tAire Carroll Mac Néill go gcuirfear tús le teiripe athsholáthair hormón (TAH) mhaoinithe ag an stát do mhná ón 1 Meitheamh agus go gcumhdófar an táille urghnaimh – céim chun cinn i gcomparáid le Buiséad 2025 lenar cumdaíodh costais an chóga

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025

Iarrann an tAire ar chógaslanna clárú le gur féidir le mná táirgí TAH iomlán a fháil saor in aisce ón 1 Meitheamh

Leag an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, amach inniu (Dé Máirt, 15 Aibreán 2025) an chaoi ina gcuirfear an tionscnamh i mBuiséad 2025 maidir le Teiripe Athsholáthair Hormón (TAH) , ar tionscnamh é atá ceaptha chun rochtain a thabhairt d’othair ar tháirgí agus ar chógais TAH gan aon chostas agus an chaoi inar forbraíodh an tionscnamh sin.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Carroll MacNeill:

“Scríobh mé chuig gach cógaslann pobail inniu ag iarraidh go dtacódh siad agus go n-éascódh siad na mná ina bpobail chun rochtain a fháil ar tháirgí agus ar cógais TAH atá maoinithe ag an Stát.

"Agus é sin á dhéanamh dom, táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt do gach cógaslann rannpháirteach trí tháille urghnaimh €5.00 a íoc leo in aghaidh gach cógas/táirge TAH a fhodháiltear ar gach othar incháilithe, lena n-áirítear na hothair sin atá ann faoi láthair faoi na Scéimeanna GMS/DPS agus do gach othar eile atá ar oideas TAH (“othair phríobháideacha”), agus deontas aonuaire €1,000 do gach cógaslann pobail a bheidh rannpháirteach.

"Tá an 1 Meitheamh socraithe agam mar an dáta tosaithe i gcomhar na tacaíochta seo. Ar an gcaoi sin beidh deis ag na cógaslanna rannpháirteacha iad féin a réiteach chun an scéim TAH saor in aisce a éascú dá gcustaiméirí.

"Ciallaíonn sé seo go mbeadh mná in ann an táirge agus na cógais a rochtain gan aon chostas, lena n-áirítear táillí urghnaimh i gcógaslanna rannpháirteacha ón 1 Meitheamh. Is céim chun cinn é seo i gcomparáid leis an mbeart i mBuiséad 2025 lenar cumhdaíodh costas an chógais amháin, beart ar b'éigean do na mná íoc as an táille urghnaimh faoi. Faoin mbeart nua seo ní bheidh ar mhná aon rud a íoc má chláraíonn a gcógaslann. anapáis orthu.

"Tá sé mar thosaíocht agamsa agus ag an Rialtas feabhas a chur ar an gcúram roimh an meanapás, lena linn, agus ina dhiaidh. Táimid tiomanta deireadh a chur le costas cógas agus táirgí TAH do mhná agus i mBuiséad 2025 cuireadh maoiniú ar fáil chun táirgí TAH arna maoiniú ag an Stát a sholáthar do mhná a bhfuil airíonna an mheanapáis orthu.

"Tá súil agam go gcuirfear le gealltanas an lae inniu maidir le táille urghnaimh €5 in aghaidh an táirge agus deontas aonuaire €1,000 do chógaiseoirí rannpháirteacha, go gcuirfear an tionscnamh seo ar fáil do mhná na hÉireann, agus tugaim faoi deara go bhfuil sé seo sa bhreis ar an ngealltanas i mBuiséad 2025 chun costas an chógais a chumhdach.”

Tabharfaidh FSS fógra inniu do gach cógaslann pobail faoi na socruithe aisíocaíochta, an próiseas rannpháirtíochta agus an mheicníocht chun an deontas €1,000 a fháil. Cuirfear tús le feachtas eolais sna laethanta amach romhainn lena dtabharfar eolas breise d’othair. Chuirfí deireadh freisin leis na táillí oidis do shealbhóirí cárta leighis maidir le cógais agus táirgí TAH atá ar an liosta aisíocaíochta.

Is oth leis an Roinn Sláinte nach rabhthas in ann teacht ar chomhaontú le hAontas Cógaiseoirí na hÉireann (IPU) maidir le cur i bhfeidhm comhaontaithe an bhirt seo a, in ainneoin go ndearnadh plé leo ina leith ar feadh míonna.

Chun iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach ar an tsaincheist atá fágtha maidir le táillí urghnaimh, thug an tAire na roghanna seo a leanas don Aontas:

Táille urghnaimh €5 in aghaidh gach táirge/cógais TAH a dháiltear ar gach othar incháilithe, lena n-áirítear na hothair sin atá ann faoi láthair faoi na Scéimeanna GMS/DPS agus gach othar eile dá ordaítear TAH (“othair phríobháideacha”) le maoiniú ón leithdháileadh comhcheangailte do 2025 don chógaslann agus don TAH, agus deontas aonuaire €1,000 do gach cógaslann pobail rannpháirteach.

Deontas aonuaire €3,000 do gach cógaslann pobail rannpháirteach. Bheadh de chead ag Cógaslanna Pobail ansin leanúint de tháillí urghnaimh a ghearradh mar a rinneadh cheana, ag féachaint do na socruithe atá ann cheana féin.

Ní raibh comhaontú leis an Aontas mar thoradh ar na tairiscintí seo.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Carroll MacNeill:

"Ba mhaith go mbainfeadh cógaiseoirí a lán-acmhainneacht amach, ag soláthar sainsheirbhísí gairmiúla agus róil leathnaithe cúram sláinte acu mar le diagnóisiú agus oideas a thabhairt in aghaidh riochtaí sláinte coitianta. Leis seo is fearr a bheidh rochtain othar ar chúram sláinte, cuirfear dlús le diagnóisiú, agus cuirfear le téarnamh, agus muid ag leanúint de bheith ag leathnú seirbhísí DT do phobal na hÉireann atá ag dul i méid. Táim ag tnúth le bheith ag obair ar seo le cógaslanna i rith na bliana.”


Nótaí don Eagarthóir:

Chun rochtain a fháil ar an tacaíocht seo, iarrfar ar mhná clárú don Scéim Íocaíochta Drugaí (DPS).

Is féidir le daoine iarratas a dhéanamh ar an Scéim Íocaíochta Drugaí (DPS) ar líne, tríd an bpost nó trí ríomhphost.

Maidir le duine ar bith a luaitear san iarratas beidh orthu na nithe seo a leanas a sholáthar:

· Ainm iomlán

· Dáta breithe;

· Gnéas

· Uimhir PSP

· Seoladh:

· Sonraí teagmhála

Is féidir iarratais ar líne a dhéanamh ag https://www2.hse.ie/services/schemes-allowances/drugs-payment-scheme/apply/

Sláinte na mBan agus Cúlra an Tionscnaimh

· Le blianta beaga anuas tá sé ina thosaíocht ag an Rialtas cur leis an gcúram roimh, lena linn, agus ina dhiaidh an mheanapáis faoi Phleananna Gníomhaíochta leantacha maidir le Sláinte na mBan.

· Tá cloiste againn ó go leor mná go mbraitheann siad go ndéantar beag is fiú den taithí atá acu maidir leis an sos míostraithe, go bhfuil costas chúram an mheanapáis ina ualach, agus gur smaoinigh roinnt mná go fiú ar scor den obair suas mar gheall ar dhéine a n-airíonna.

· Mar fhreagra air sin, tá maoiniú suntasach curtha ar fáil do chur i bhfeidhm leanúnach na bhforbairtí i réimse an sosa míostraithe.

· D’éascaigh sé seo, ar bhealachcéimneach, raon idirghabhálacha tábhachtacha lena n-áirítear:

o bunú Ceannaire Cliniciúil DG do Shláinte na mBan in 2021;

o seoladh feachtas Náisiúnta um Fheasacht ar an Meanapás i 2022 freisin.

o deireadh a bheith curtha le CBL ar chineálacha TAH nach TAH béil iad ón 1 Eanáir 2023, agus

o oscailt sé chlinic speisialtóireachta sos míostraithe do mhná a bhfuil taithí chasta acu ar an sos míostraithe.

· I mBuiséad 2025, cuireadh céim eile ar fáil i dtreo tacú le mná a bhfuil sos míostraithe orthu, le €20 milliún leithdháilte agus ar fáil ó Eanáir 2025 chun táirgí HRT arna maoiniú ag an Stát a sholáthar do mhná a bhfuil airíonna sos míostraithe orthu.

· Ba é cuspóir an tionscnaimh seo na hidirghabhálacha seo a bhrú níos faide arís agus leanúint leis an móiminteam isteach i gcéim eile forbartha.

Cur i bhFeidhm a Éascú

· Tá an cur chuige maidir le cur i bhfeidhm an bhirt seo bunaithe ar úsáid a bhaint as ailtireacht scéime drugaí pobail atá ann cheana féin mar an Scéim Íocaíochta Drugaí chun aisíocaíocht na gcógaiseoirí a éascú.

· Tá an ailtireacht seo seanbhunaithe, is féidir í a úsáid le haghaidh aisíocaíocht ar leigheasanna HRT, le hoiriúnú íosta agus tógann sé ar chóras a thuigeann cógaslanna go maith.

· I bhfianaise chomhthéacs idirnáisiúnta dúshlánach an tsoláthair HRT agus an cheanglais maidir le húsáid níos mó a bhaint as Táirgí Íocshláinte Díolmhaithe (EMPanna) (cógais neamhcheadúnaithe) tacóidh úsáid ailtireacht na Scéime Íocaíochta Drugaí le haisíocaíocht EMPanna i gcás ina bhfuil ganntanas táirge HRT ar an liosta aisíocaíochta.

· In 2024, d’aisíoc an Stát tuairim is € 520 milliún i dtáillí dáileacháin agus breis is €1,200 milliún i gcostais leigheasanna le cógaslanna pobail a úsáideann an ailtireacht seo.

· Thacaigh sé seo le dáileadh breis agus 100 milliún cógas agus táirgí agus éilimh ar aisíocaíocht ghaolmhar in aghaidh na bliana. Tá an-eolas ag Cógaslanna Pobail ar an ailtireacht seo agus úsáideann siad í lá i ndiaidh lae.