Cuireann an tAire Carroll MacNeill fáilte roimh fheabhas ar fheidhmíocht na Roinne Éigeandála thar dheireadh seachtaine saoire bainc mhí Lúnasa agus gabhann sí buíochas le gach ball foirne san earnáil sláinte as a gcuid iarrachtaí agus tiomantas
- Foilsithe: 6 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 6 Lúnasa 2025
I ndiaidh deireadh seachtaine saoire bainc Naomh Bríd, d’iarr an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) anailís níos doimhne a chur ar fáil ar uainchlárú comhairleoirí ospidéil i ngach ospidéal géarmhíochaine, a dhírigh ar anailís a bhain le huainchlárú cinnteoirí sinsearacha um thráthnóna, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí i dtréimhsí amach anseo.
Chun feabhsuithe inbhuanaithe a spreagadh i seachadadh tráthúil de chúram práinneach agus éigeandála, cuireadh béim mhéadaithe ar sheachadadh seirbhísí comhtháite ar bhonn seacht lá.
I mí Feabhra, d’iarr Príomhfheidhmeannach an FSS, Bernard Gloster, ar Oifigigh Feidhmiúcháin Réigiúnacha (REOnna) an FSS uainchláir na gcomhairleoirí a athrú faoi dheireadh mhí an Mheithimh lena chinntiú go mbíonn comhairleoirí ar an láthair de ghnáth ag an deireadh seachtaine agus tráthnóna. Tacaíonn an Conradh Comhairleoirí Poiblí Amháin (POCC) leis seo, lena bhforáiltear d’obair ar an uainchlár ó 8am-10pm Luan go hAoine, agus 8am-6pm ar an Satharn. Táthar ag díriú anois ar na buntáistí a bhaineann leis an POCC, trí úsáid na n-uaireanta sa chonradh a uasmhéadú chun rochtain ar sheirbhísí a mhéadú tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Carroll MacNeill:
"Mar Aire Sláinte, táim dírithe ar fheabhsuithe bríocha a chur i gcrích inár gcóras cúram sláinte. Tá forbairt seirbhís sláinte 7-lá lárnach don mhéid seo, rud a chinnteoidh go mbeidh rochtain ag othair ar chúram riachtanach gach lá sa tseachtain. Tá dul chun cinn déanta le roinnt deireadh seachtaine saoire bainc anuas chun a chinntiú go bhfaigheann othair an cúram a theastaíonn uathu go tráthúil agus go héifeachtúil i rith na seachtaine."
“Ba mhórfhachtóir é an méadú ar líon na gcomhairleoirí atá ar an láthair thar dheireadh seachtaine saoire bainc mhí Lúnasa san laghdú suntasach 51% ar líon na n-othar ar thralaithe i gcomparáid le deireadh seachtaine Naomh Bríd. Bhí 55% níos lú othar ag fanacht ar thralaithe ag 8.00am Dé Máirt an 5 Lúnasa, i gcomparáid leis an Máirt i ndiaidh dheireadh seachtaine saoire bainc Naomh Bríd i mí Feabhra na bliana seo.”
Caithfidh gach ospidéal sreabhadh na n-othar a bhainistiú go cúramach seacht lá na seachtaine. Ní mór líon na n-othar a ligtear isteach agus a scaoiltear amach a choinneáil cothrom chun róphlódú a sheachaint, rud a fhágann go mbíonn othair ag fanacht ar thralaithe le haghaidh leapa. Is í an réiteach ar seo ná comhairleoirí agus seirbhísí tacaíochta a chur ar an láthair ag an deireadh seachtaine agus sa tráthnóna.
Ghabh an tAire Carroll MacNeill a buíochas fosta le gach ball foirne san earnáil sláinte as a gcuid iarrachtaí agus tiomantas:
“Gabhaim mo bhuíochas ó chroí leis na baill foirne uilig sna Ranna Eigeandála agus atá ag obair in ospidéil agus seirbhísí pobail as a gcuid oibre thar an deireadh seachtaine saoire bainc. Thug na seirbhísí faoi obair shuntasach arís sa tseachtain roimh dheireadh seachtaine na saoire bainc chun an líon urscaoilte agus sreabhadh othar a uasmhéadú, rud a bhí ina phríomhfhachtóir lena chinntiú go raibh dóthain acmhainne ag formhór na suíomhanna chun freastal ar na héilimh uilig thar dheireadh seachtaine na saoire bainc.”
Leanann roinnt suíomhanna de dhíriú ar chothromaíocht a bhaint amach idir acmhainn agus éileamh, róphlódú a sheachaint agus sreabhadh othar a bharrfheabhsú, lena n-áirítear Ospidéal Uí Chonghaile, Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre (MRH) An Tulach Mhór, agus Ospidéal Ollscoile Phort Láirge (UHW).
Le seachtainí agus míonna amach romhainn, díreofar go leanúnach ar cheannaireacht agus ar fheidhmíocht de Chúram Práinneach agus Éigeandála (UEC) i suíomhanna ábhartha, le tionscnaimh áirithe lena n-áirítear bainistíocht Aistriú Moillithe le haghaidh Cúraim (DTOC), feabhas a chur ar rochtain ar dhiagnóisic agus ar bhearta a bhaineann le sreabhadh othar.