Léiríonn an tAire Sláinte a tacaíocht d’fhorbairtí bonneagair móra a bhaineann le máinliacht agus hoinceolaíocht san Iarthuaisceart
- Foilsithe: 28 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Iúil 2025
Léirigh an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD a tacaíocht inniu (Luan, 28 Iúil) d’infheistíochtaí suntasacha nua i mbonneagar cúraim sláinte sa réigiún thiar thuaidh, sna sála ar mholadh déanta ag Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Bernard Gloster. I measc na moltaí seo, tá mol máinliachta nua in aice le hOspidéal Ollscoile Shligigh, le mol máinliachta nua á mholadh freisin d’Ospidéal na hOllscoile Leitir Ceanainn, chomh maith le seirbhís leathnaithe oinceolaíochta.
Ag labhairt faoi na moltaí seo, dúirt an tAire:
“Tá an Clár Rialtais tiomanta do mhol máinliachta a fhiosrú san Iarthuaisceart. Táim de shíor ag cur béime ar an ngéarghá le cinntiú go bhfuil rochtain ag othair sa réigiún seo ar acmhainneacht mháinliachta atá leordhóthanach agus tráthúil. Is í an tosaíocht chinnte ná gníomhaíocht mháinliachta san Iarthar agus Iarthuaisceart a mhéadú.
“Is céim thábhachtach an lae inniu í maidir leis ngealltanas sin a chomhlíonadh agus táim sásta tacú leis an moladh seo ón FSS. Táim cinnte go gcuirfidh Tony Canavan, Oifigeach Feidhmiúcháin Réigiúnach, FSS an larthair agus an larthuaiscirt, in éineacht lena fhoireann, tús leis na moltaí seo a chur chun cinn, ag obair go dlúth le bainistíocht ospidéil, speisialtachtaí cliniciúla, agus foireann na n-eastát chun an chéim dhearaidh a chur chun cinn, cead pleanála a chinntiú, agus chun ullmhú le haghaidh tairisceana d’oibreacha tógála.
"Tagann na hinfheistíochtaí seo lenár Straitéis um Chúram Lae Siúlach Roghnach agus leis an gClár Náisiúnta Rialaithe Ailse. Cinnteoidh siad go mbeidh rochtrain thráthúil ag othair san Iarthuaisceart ar chúram ardchaighdeáin máinliachta agus oinceolaíochta.
“Táim ag súil go mór le dul chun cinn na bhforbairtí seo a fheiceáil, a dhéanfaidh difear dáiríre agus buan do shaolta na ndaoine sa réigiún sin. “
Sligeach
Tógfar mol máinliachta aonair nua, le dhá sheomra obráide ann, i Sligeach. Méadóidh an mol seo cumas máinliachta roghnaithe sa réigiún. Ag tarraingt ar na múnlaí rathúla atá ann cheana I dTamhlacht agus ag Sliabh Carmel, Baile Átha Cliath, cabhróidh an mol le liostaí feithimh a laghdú agus rochtain ar chúram sceidealaithe a fheabhsú.
Dún na nGall
Feicfear forbairt de mhol máinliachta nua, le dhá sheomra obráide ann ag Ospidéal na hOllscoile Leitir Ceanainn, in aice leis an ospidéal é féin, chomh maith le 30 cathaoir shiúlach, oinceolaíochta- 15 cathaoir nua, 15 cathaoir ionaid. Cabhróidh an dé-infheistíocht seo le seirbhísí cóireála ailse, agus seirbhísí máinliachta a fheabhsú araon i nDún na nGall.
Tríd an dearadh nua den mhol máinliachta, eascófar leathnú ceartingearach sa todhchaí, a théann I ngleic leis an riachtanas fadtéarmach le haghaidh tuilleadh leapacha sa réigiún. Chun tacú leis seo, déanfar Plean um Rialú Forbartha (DCP) don láthair ag Ospidéal na hOllscoile Leitir Ceanainn a choimisiúnú, chun amlíne na bhforbairtí sa todhchaí a stiúradh.
Leanfaidh an FSS air anois ag forbairt na n-iarratas pleanála don dá shuíomh, ag déanamh teagmhála leis an húdaráis áitiúla chuí, a bheith ullmhaithe ag an am céanna, a chinntíonn rollach amach comhordaithe agus éifeachtach de na tionscadail riachtanacha sláinte seo.