Fógraíonn an tAire Sláinte go bhfuil tús curtha le Cuid 2 den Acht um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáint Phoiblí) 2024
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Meitheamh 2025
D’fhógair an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill T.D. inniu go bhfuil tús curtha le Cuid 2 den Acht um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáint Phoiblí) 2024, maidir le deonú agus trasphlandú.
Forálann forálacha an Achta, atá i bhfeidhm ó inniu, do chreat reachtaíochta náisiúnta do dheonú orgán agus do sheirbhísí trasphlandaithe den chéad uair in Éirinn.
Ó inniu, beidh córas éasca rogha an diúltaithe do dheonú orgán i bhfeidhm in Éirinn.
Tríd an gcóras seo, tugtar cead le fios le haghaidh orgán a dheonú seachas más cás é gur roghnaigh an duine gan a bheith ina dheontóir orgán nuair a fhaigheann siad bás.
Rachfar i dteagmháil le teaghlaigh ar bhonn leanúnach, mar chuid de phróiseas deonaithe orgán atá sábháilte agus ómósach, agus ba cheart go mbeadh mianta an duine atá básaithe mar chuid lárnach de gach cinneadh. Tá treoirlínte foilsithe anois chun cabhrú leis an bpróiseas seo a thuiscint.
Tá na bealaí do dheonuithe orgán beo leathnaithe chun cuidiú le deonú altrúíoch neamhdhírithe a cheadú, rud a ligeann do dheontóirí beo deonú do chóras trasphlandaithe seachas do dhuine áirithe. Chomh maith leis sin, tá Scéim Aisíocaíochta do Dheontóirí Beo á cur ar bhonn dlíthe don chéad uair.
Bhí na hathruithe seo faoi réir comhairliúchán leathan agus an reachtaíocht, reachtaíocht tacaíochta agus treoirlínte á bhforbairt, chomh maith le socruithe praiticiúla eile, lena n-áirítear an Chlárlann um Dheonú Orgán opt-out ábhartha de chuid an HSE.
Agus í ag machnamh ar thábhacht na céime seo, dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Tá áthas orm an reachtaíocht seo, a bhfuiltear ag súil leis le fada, a achtú. Tá cead mar bhunchloch an dlí seo. Trí thús a chur le Cuid 2 an Achta seo, táimid ag súil go méadófar an líon deontóirí in Éirinn trí dheonú orgán a normalú, agus meas á thaispeáint ar mhianta daoine agus a dteaghlach.
"Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a raibh ról acu na forálacha seo a mhúnlú agus a chur i bhfeidhm. Molaim do gach duine a mianta féin faoi dheonú orgán a phlé lena dteaghlaigh."
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin athrú seo, téigh chuig: www.gov.ie/organdonation
Nótaí
An tAcht um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáint Phoiblí)) 2024
- Dréachtaíodh an tAcht chun foráil a dhéanamh do:
- coinníollacha ginearálta maidir le horgáin agus fíochán a bhaint, a dheonú agus a úsáid ó dhaoine éagtha agus ó dhaoine beo le haghaidh trasphlandú
- rialacháin do scrúduithe iarbháis neamhchróinéara agus cróinéara araon i suíomhanna ospidéil agus neamh-ospidéil
- coinníollacha ginearálta agus rialacháin maidir le scrúdú anatamaíocha
- coinníollacha ginearálta agus rialacháin maidir le taispeáint phoiblí de choirp tar éis an bháis
Tugann an tAcht isteach ceanglas reachtúil nua maidir le toiliú ar fud na ngníomhaíochtaí sin go léir chomh maith le cosaintí chun sláine an choirp dhaonna a chosaint roimh agus tar éis an bháis, agus chun cosc a chur ar aon orgán a choinneáil gan toiliú sa todhchaí.
Ón 17ú Meitheamh, tá córas éasca rogha an diúltaithe do dheonú orgán mar chuid den acht maidir le toiliú le haghaidh deonú orgán. Faoin reachtaíocht sin, measfar toiliú do dheonú orgán ach amháin sa chás gur dhiúltaigh an duine, le linn dó a bheith beo, a bheith ina dheontóir orgán tar éis an bháis. Is é sin le rá, nuair a chuirfear tús leis an Acht, glacfar leis go bhfuil duine toilteanach a orgáin a dheonú tar éis a bháis, mura ndéanfaidh sé ráiteas agóide i gcoinne deonaithe. Roimhe seo, bhí an neasghaol freagrach as cinntí a dhéanamh faoi dheonú orgán.
Leanfar le dul i gcomhairle le teaghlaigh mar chuid de phróiseas deonaithe orgán atá sábháilte agus measúil, agus ba cheart go mbeadh mianta an duine nach maireann lárnach in aon chinneadh.
Cuireann an tAcht creat ar fáil freisin maidir le deonú orgán, fíocháin agus ceall ó dheontóirí beo agus tugtar isteach bonn reachtach le haghaidh deonú beo altrúíoch neamhthreoraithe i.e. deonú ó dheontóirí beo don chóras trasphlandaithe, ní do dhuine sonrach, i gcás inar féidir deonuithe a shannadh d’othair atá sainaitheanta ag an bhfoireann chliniciúil.
Táthar ag súil go gcuideoidh tosú Chuid 2 den Acht, a bhaineann le deonú orgán agus trasphlandú agus cur i bhfeidhm na mbeart iarmhartach leis an líon deontóirí in Éirinn a mhéadú agus spreagfar deonú orgán chun saolta a shábháil i gcúinsí nuair is féidir sin.
Treoirlínte do Bhaill Teaghlaigh Ainmnithe
- Tugann an tAcht isteach an coincheap de bhall teaghlaigh ainmnithe, is é sin, an Duine a rachfar i gcomhairle leo maidir le cead nó dearbhú nach bhfuil an duine i gcoinne an deonaithe.
- Sonraíonn na Treoirlínte do Bhall Teaghlaigh Ainmnithe ról na mball teaghlaigh ainmnithe" i gcomhthéacs toiliú faoin gCuid 2 den Acht a bhaineann le deonú agus trasphlandú agus na critéir a chaithfear a chomhlíonadh
- Tá na Treoirlínte ar fáil ag www.gov.ie/organdonation
Rialacháin ar Scéim Aisíocaíochta do Dheontóirí Beo 2025
- Tugadh isteach na Rialacháin um Fhíochán Daonna (Trasphlandú, Scrúdú Iarbháis, Scrúdú Anatamaíoch agus Taispeáint Phoiblí) (Scéim Aisíocaíochta do Dheontóirí Beo) 2025 chun bonn reachtúil a chur faoin Scéim Aisíocaíochta do Dheontóirí Beo 2025
- Go dtí seo, tá an polasaí a bhaineann leis an Scéim Aisíocaíochta do Dheontóirí Beo i bhfeidhm ar bhonn neamhreachtúil. Tá sé mar aidhm ag an bpolasaí dídhreasuithe airgeadais a laghdú do dheontóirí beo féideartha, chun a chinntiú leanann an líon de dheontóirí beo ar aghaidh ag leathnú. Tá an polasaí bunaithe ar an tuisicint cé go bhféadfaí an aísíocaíocht a cheadú, ní féidir an aisíocaíocht a a bheith ina cúiteamh airgeadais d’aon dheontóir féideartha.
Maoiniú €2 mhilliún do 2025
- D'fhógair an tAire Sláinte €2 mhilliún breise de mhaoiniú forbartha nua do sheirbhísí trí Dheonú Orgán agus Thrasphlandú Éireann chun tacú leis na haschuir agus an leas is fearr a bhaint astu, arb rudaí iad a thagann ó chur chun cinn an ghealltanais seo de Chlár an Rialtais.
- Tacóidh le agus feabhsóidh an maoiniú sin seirbhísí deonaithe orgán agus trasphlandaithe, ag cur le cumas na hÉireann trasphlandú orgáin a shábhálann beatha a chur ar fáil. Níos cruinne fós, cuirfidh sé na rudaí seo a leanas ar fáil:
- forbairt an struchtúir náisiúnta de Dheonú agus Trasphlandú Orgán Éireann;
- leathnú an Iniúchta Náisiúnta Deontóirí Féideartha;
- infreastruchtúr méadaithe foirne do dheonú orgán; agus
- forbairt na Seirbhíse Náisiúnta Aisghabhála Orgán.
Is é an sprioc ná:
- infhaighteacht orgán le haghaidh trasphlandú a mhéadú;
- an liosta feithimh trasphlandaithe reatha de 650 duine a laghdú; agus
- deonú orgán a chur chun cinn trí chur i bhfeidhm an Achta um Fhíochán Daonna 2024.