Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte Glao den Choiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh ar Aighneachtaí 2025

Sheol an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, Glao den Choiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh (NSAC) ar Aighneachtaí 2025 inniu.

Is coiste neamhspleách é NSAC a dhéanann moltaí don Aire Sláinte maidir le cláir scagthástála nua daonra-bhunaithe a thabhairt isteach nó le hathruithe ar chláir atá ann cheana féin.

Is próiseas bliantúil é an Glao ar Aighneachtaí seo, a thugann cuireadh do dhaoine den phobal agus do ghairmithe sláinte aighneachtaí a dhéanamh maidir le cláir scagthástála in Éirinn. Tá na haighneachtaí seo tábhachtach chun bonn eolais a chur faoi chlár oibre an Choiste.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Aithním an ról tábhachtach atá ag cláir náisiúnta scagthástála sláinte daonra ar chúram sláinte nua-aimseartha. Is minic a chumasaíonn scagthástáil, atá in ann galair a aithint go luath, sula dtagann aon siomptóm, rochtain ar chóireáil luath, le torthaí feabhsaithe tuartha dóibh siúd a bhaineann úsáid as, chomh maith le ráta báis laghdaithe.

"Tá ár gClár Rialtais tiomanta don leathnú leanúnach de chláir scagthástála, chun sláinte ár ndaonra a fheabhsú tuilleadh. Tá glaonna ar aighneachtaí tábhachtach chun bonn eolais a sholáthar, a theastaíonn ó NSAC, chun moltaí a dhéanamh dom agus spreagfainn daoine go láidir aighneacht a sheoladh.”

Dúirt Cathaoirleach an NSAC, an Dr Suzanne Crowe:

“Ar son an Choiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh, táim sásta an seoladh de Ghlao ar Aighneachtaí na bliana seo a fheiceáil.

“Do Ghlao na bliana seo, tá foirm iarratais ar líne tugtha isteach againn. Tá clár oibre athchumraithe curtha i bhfeidhm againn, a shonraíonn an stádas do gach iarratas a rinneadh cheana féin leis an NSAC, i mbealach atá soiléir agus trédhearcach. Má tá moltaí agat ar conas ár bpróiseas iarratais a fheabhsú tuilleadh, chuirfimis lán fáilte roimh do mholtaí.”

“Cosúil le Glaonna ar Aighneachtaí a tharla cheana féin, mholfainn d’éinne le togra acu le haghaidh clár nua scagthástála nó le moladh chun cláir scagthástála reatha na hÉireann a chur, iarratas a sheoladh sula ndúnann an Glao ar an Aoine, 12ú Meán Fómhair 2025."

Fanfaidh an Glao ar Aighneachtaí 2025 ar oscailt go dtí 5pm Aoine 12ú Meán Fómhair 2025. Tá sonraí iomlána ar conas aighneacht a sheoladh ar fáil ag www.nsacommittee.gov.ie


Notes

Is coiste comhairleach neamhspleách é NSAC a chuireann comhairle ar an Aire agus ar an Roinn Sláinte maidir le gach togra nua do chláir scagthástála daonrabhunaithe agus athruithe ar chláir reatha.

Bunaíodh an Coiste níos déanaí in 2019, i ndiaidh moltaí a rinneadh sa tuarascáil Dr Gabriel Scally ar an gclár scagthástála CervicalCheck. Buaileann siad le chéile trí nó ceithre huaire in aghaidh na bliana. Tá baill ceaptha ag an Roinn Sláinte ar bhonn deonach, le hionadaíocht trasna réimse leathan saineolais.

Tá na sé chlár scagthástála reatha daonrabhunaithe thíos a leanas:

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an bpróiseas iarratais agus conas a mheastar iarratais ag an gCoiste, téigh chuig an suíomh NSAC nó déan teagmháil leis an rúnaíocht go díreach ag NSAC_Secretariat@health.gov.ie