An Bille um Fhaisnéis Sláinte rite trí Chéim an Choiste sa Dáil ag an Aire Sláinte
- Foilsithe: 16 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Iúil 2025
Tá an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, tar éis an Bille um Fhaisnéis Sláinte a chur chun cinn trí Chéim an Choiste sa Dáil inniu (Dé Céadaoin 16 Iúil).
Forálann an Bille um Fhaisnéis Sláinte do bhunú taifead sláinte leictreonach do gach othar in Éirinn, chomh maith le rochtain na n-othar ar a sonraí sláinte féin a fheabhsú agus faisnéis sláinte a roinnt go cuí do chúram díreach. Thairis sin, trí chumhacht a thabhairt d’ Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) eolas sláinte a fháil ó sholáthróirí cúraim sláinte le haghaidh fáthanna tánaisteacha, tacóidh an Bille níos fearr le seirbhísí sláinte a phleanáil agus a sheachadadh sa todhchaí.
Foilsíodh an Bille um Fhaisnéis Sláinte in mí Iúil 2024 agus ritheadh é tríd an Dara Céim i mí mheán Fómhair. Cuireadh siar an Bille le lánscor na 33ú Dála ach cuireadh ar ais é ar riar na hoibre.
Dúirt an tAire Carroll McNeill:
“Buíochas mór leis na baill uilig den Roghchoiste um Shláinte as a dtacaíocht agus a n- idirbheartaíocht inniu. Táim an-sásta go bhfuil an Bille um Fhaisnéis Sláinte anois rite trí Chéim an Choiste sa Dáil.
"Is gné straitéiseach riachtanach é an Bille um Fhaisnéis Sláinte do “Digital for Care: Creat Sláinte Digiteach d'Éirinn 2024-2030' agus é ina chéad bheartas i sraith beartas, a thacóidh le cur chun feidhme den Rialachán Spás Eorpach Sonraí Sláinte (EHDS). Inniu, táimid céim amháin eile chun tosaigh chun a chinntiú go bhfuil córas faisnéise sláinte ag Éirinn, atá oiriúnach don fheidhm agus thar aon rud eile, a fheabhsaíonn cúram othair agus cóireáil."