Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deais idirghníomhach maidir le táirgiúlacht do gach ospidéal foilsithe ag an Aire Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Meitheamh 2025
  • An t-eolas is déanaí: 30 Meitheamh 2025

Tá sonraí agus léargais thábhachtacha táirgiúlachta na seirbhíse sláinte á bhfoilsiú inniu ag an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill y T.D., ina sonraítear infheistíocht chúram sláinte, an lucht saothair, an ghníomhaíocht agus an fheidhmíocht ar fud na seirbhíse sláinte.

Tugtar gealltanas i gClár an Rialtais, 2025, 'Todhchaí na hÉireann a Chosaint go ndéanfar táirgiúlacht a leabú i gcúram othar agus go ndéanfar trédhearcacht iomlán a chinntiú maidir le sonraí a fhoilsítear. Le foilseachán an lae inniu cuirtear ke hanailísíocht a foilsíodh in 2024 ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Réigiúin Sláinte chun léargas a thabhairt ar leibhéal an ospidéil agus na speisialtachta agus feidhmiúlacht idirghníomhach á cur leis ag an am céanna.

Sa bhliain 2024, rinne an tseirbhís sláinte ceithre mhilliún coinnea sholáthar d'othair sheachtracha, méadú 19% ar líon na gcoinní a soláthraíodh in 2019. Ina theannta sin, bhí 1.2 milliún coinne cásanna lae ann (ar méadú 13% é), 690,000 coinne d'othair chónaitheacha (ar méadú 8% é) agus 1.8 milliún teacht i láthair éigeandála ospidéil (ar méadú 22% é ).

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

"Ciallaíonn táirgiúlacht níos fearr rochtain níos tapúla agus torthaí sláinte níos fearr d'othair" Téama lárnach de Chlár an Rialtais 2005 is ea táirgiúlacht, agus tá trédhearcacht ríthábhachtach chun an sprioc seo a bhaint amach.

“Sa bhliain 2025, tá infheistíocht €10 billiún á déanamh againn inár n-ospidéil phoiblí. Beidh an deais ina chabhair don phobal tuiscint a fháil ar a bhfuil i gceist leis an leibhéal maoinithe sin. Feidhmeoidh sé mar uirlis freisin do bhainisteoirí cúram sláinte agus do chliniceoirí chun réimsí dea-chleachtais agus tearcfheidhmíochta a shainaithint de réir speisialtachta, ospidéil agus réigiúin. Mar chóras, ní mór dúinn a bheith níos solúbtha maidir le foghlaim ó réimsí atá ag feidhmiú go maith agus infheistíocht a dhéanamh iontu agus aghaidh a thabhairt ar aon bhacainní atá roimh tháirgiúlacht a mhéadú.

"Beidh muid ag díriú ar roinnt táscairí táirgiúlachta le linn na bliana seo chugainn, amhail líon na gcoinní d'othair sheachtracha in aghaidh an chomhairleora agus meánfhad na fanachta in ospidéal."

“Léiríonn na sonraí go bhfeiceadh an gnáthchomhairleoir ospidéil níos mó othar in aghaidh na bliana roimh 2019 ná mar a chonaic in 2024, in ainneoin méaduithe suntasacha ar infheistíocht.” Ní mór dúinn tuiscint a fháil ar an gcúis leis seo agus cad iad na nithe ar féidir iad a dhéanamh chun tacú leis an gcóras cúram othar atá éifeachtach agus níos fearr a sholáthar.”

Tá an deais ar fáil go poiblí anois agus taispeántar sonraí uirthi a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

  • Na hathruithe déimeagrafacha ar an daonra mar spreagadh leis an méadú ar an éileamh ar chúram sláinte.
  • Caiteachas agus lucht saothair.
  • Treochtaí maidir le gníomhaíocht ospidéil arna gcoigeartúde réir phraghas aonaid an tseachadta.
  • Treochtaí maidir le táirgiúlacht chun go mbeidh méadrachtaí ann amhail meánlíon na n-othar a fheictear in aghaidh an chomhairleora.
  • Liostaí feithimh le haghaidh cúram sainliachta.