Foilsíonn an tAire Sláinte Tuarascáil Eatramhach um Thascfhórsa Sláinte ar líne.
- Foilsithe: 14 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Meitheamh 2025
D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD an Tuarascáil Eatramhach um Thascfhórsa Sláinte ar líne inniu.
Bunaíodh an Tascfhórsa i Meán Fómhair 2024, chun an moll mór fianaise a bhí ag méadú ó Éirinn agus go hidirnáisiúnta, a aithint, a léiríonn an nasc idir chineálacha áirithe gníomhaíochtaí ar líne agus an dochar fisiciúil agus meabhrach a dhéantar do leanaí agus do dhéagóirí.
Tá an Tascfhórsa tar éis roinnt réimsí tosaíochta a aithint le haghaidh idirghníomhú féideartha. Tá na smaointí agus moltaí seo, atá ag teacht chun cinn, curtha i sé chatagóir straitéiseach, a bheidh mar chreat don phlé agus na moltaí leanúnacha:
- Reachtaíocht/ Rialáil
- Oideachas
- Faisnéis/Ardú Feasachta
- Timpeallacht Shábháilte
- Polasaí Bunaithe ar Chearta
- Taighde/ Fianaise
Tá an Tascfhórsa anois ag bogadh ar aghaidh chuig céim ríthábhachtach dá gcuid oibre. Táthar ag súil go dtiocfaidh tuarascáil a coimisiúnaíodh ó Institiúid na Sláinte Poiblí go luath. Déanfaidh sé seo tuairisciú ar nochtadh leanaí do tháirgí a dhéanann dochar do shláinte ar líne agus leagfaidh sé amach roghanna chun cosaintí a fheabhsú in Éirinn. Tá an Tascfhórsa tar éis cur chuige dírithe a ghlacadh maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí; tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh trí thairseach thiomnaithe ar líne. Déanfar breithniú ar na torthaí seo sna seachtainí amach romhainn.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Cuireann an tírdhreach digiteach deiseanna gan fasach ar fáil ach fós féin, bíonn rioscaí suntasacha leis freisin do pháistí agus do dhaoine óga. Táim ag súil leis an Tuairisc Dheiridh a fháil ón Tascfhórsa i mí Dheireadh Fómhair 2025. Tar éis dom machnamh a dhéanamh ar a mholtaí, tá sé i gceist agam beartais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm go gasta, chun gníomhú i dtreo sábháilteacht ar líne a chinntiú agus a fheabhsú do pháistí agus do dhaoine óga.”
Dúirt an Cathaoirleach den Tascfhórsa Sláinte ar líne, Jillian van Turnhout:
“Tá áthas orm an Tuarascáil Eatramhach seo a chur i láthair, a léiríonn sé mhí de dhíograis ó na baill den Tascfhórsa Sláinte ar líne. Agus na moltaí deireanacha á bhforbairt againn, táimid dírithe ar an gcothromaíocht thábhachtach a bhaint amach idir na buntáistí digiteacha agus na cosaintí a theastaíonn ó leanaí agus ó dhéagóirí.”
Nótaí
Leagann an Tuarascáil Eatramhach síos an dul chun cinn atá déanta ag an Tascfhórsa go dtí seo agus léiríonn sé an tslí chinnte don Tuarascáil Dheiridh, a bheidh tugtha don Aire i mí Dheireadh Fómhair 2025.
Iarradh ar an Tascfhórsa sonraí a thabhairt faoin dochar sóisialta, meabhairshláinte, fisiciúil agus gnéasach atá ag tarlú, lena n-áirítear imní, easpa codlata, neamhoird itheacháin, féin-dochar, agus smaoineamh féinmharaithe.
Tá an Tascfhórsa ag forbairt freagra straitéiseach sláinte poiblí do na dochair seo.
Tá baill an Tascfhórsa ag tnúth go mór le freastal, i mí Iúil, ar an seisiún críochnaithe de Chomhdháil Náisiúnta na nÓg go háirithe, atá tiomnaithe do shábháilteacht ar líne, chun a gconclúidí agus a moltaí a chloisteáil go díreach.
Ag cruinniú oifigiúil Airí Sláinte an Aontais i mí an Mheithimh 2025, breithneoidh na hAirí dréacht "Conclúidí ón gComhairle maidir le Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánaigh a Chur Chun Cinn agus a Chosaint sa Ré Dhigiteach" lena nglacadh. Díreoidh na conclúidí sin ar an gcaoi ar féidir leis na Ballstáit agus le Coimisiún an AE, ina n-aonar agus i dteannta a chéile, gníomhartha iomchuí a dhéanamh.