An Bille Meabhair-Shláinte, 2024 curtha trí gach céim den Dáil ag an Aire Meabhairshláinte Mary Butler T.D.
- Foilsithe: 9 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 14 Iúil 2025
Tá an Bille Meabhair-Shláinte, 2024 curtha trí gach céim de Dháil Éireann inniu ag an Aire Meabhairshláinte Mary Butler T.D, le críoch á cur leis an gCéim Tuarascála agus Céim Dheiridh anocht, Céadaoin 9 Iúil 2025. Leanfaidh an Bille ar aghaidh chuig Seanad Éireann anois san Fhómhair, céim riachtanach eile sula mbeidh sé achtaithe.
Ag labhairt anocht, dúirt an tAire Butler:
“Táim an-sásta go bhfuil an Chéim Tuarascála agus an Chéim Dheiridh bainte amach ag an mBille Meabhair-Shláinte, 2024 i nDáil Éireann. Is céim ríthábhachtach í seo maidir le reachtaíocht mheabhairshláinte a nuachóiriú, chun cearta na ndaoine a úsáideann na seirbhísí sin a chosaint.
“Bhí ionadh orm go seasfadh roinnt de na leasuithe, a bhí molta ag an lucht freasúra ag an gCéim Choiste agus arís ag Céim na Tuarascála, do chur chuige seanaimseartha, in áit cur chuige duinelárnach a thacaíonn le cearta daoine.
“Bhí díomá orm go háirithe faoi na tagairtí aineolacha a rinneadh ag deireadh na díospóireachta, a thug le fios nach ndéanfadh an Bille foráil do rialúchán CAMHS, ach forálann an Bille go sonrach do rialáil seirbhísí sláinte sa phobal- CAMHS san áireamh- ag an gCoimisiún Meabhair-Shláinte.”
Foilsithe den chéad uair i mí Iúil 2024, chuaigh an Bille ar aghaidh chuig an Dara Céim Mí Mheán Fómhair seo caite, chuig Céim na gCoistí i mí an Mheithimh 2025, agus anois chuig Céimeanna na Tuarascála agus Dheiridh, gné a léiríonn an méid idirbheartaíochta agus feabhsúcháin a tharla i rith an phróisis.
I measc na mbuaicphointí den Bhille- an t-athbhreithniú is mó ar dhlíthe Meabhairshláinte le 20 bliain- tá:
- Próiseas leasaithe iontrála agus coinneála neamhdheonach, a chinntíonn go n-ailíníonn agus go nuashonraíonn muid ár ndlíthe i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta um chearta duine.
- Forálacha feabhsaithe maidir le cead, a chiallaíonn go ndéanfaimid an córas ceada le haghaidh cóireála a athchóiriú go hiomlán do dhaoine a cuireadh isteach go neamhdheonach, daoine atá 16 agus 17 mbliana d’aois san áireamh.
- Maoirseoireacht rialála leathnaithe a chinntiú agus beidh an Coimisiún Meabhair-Shláinte freagrach as gach seirbhís meabhairshláinte sa phobal, chomh maith le Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS).
Mhol an tAire Butler na geallsealbhóirí sin a raibh páirt acu an Bille a thabhairt chun críche go dtí seo:
“Gabhaim buíochas ó chroí le hoifigigh mo Roinne féin a d'oibrigh gan stad chun an Bille Meabhair-shláinte seo a chur chun cinn go dtí an chéim seo. Fosta, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an FSS, an Coimisiún Meabhair-Shláinte, daoine a bhfuil taithí saoil acu agus a dteaghlaigh, agus na grúpaí abhcóideachta go léir, lena raibh idirbheartaíocht fíor-luachmhar againn, chomh maith lena n-ionchur a tugadh. Chuir gach céim den Dáil go mór le neart na reachtaíochta seo.
Leanfaidh an Bille ar aghaidh chuig seisiún an fhómhair i Seanad Éireann. Nuair a bheidh sé rite, cinnteofar dátaí tosaithe agus creatlach cur chun feidhme, go háirithe maidir le rialáil CAMHS agus oifigigh údaraithe.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Butler:
“Cinntíonn an Bille seo go láidir ár dtiomantas do chóras meabhairshláinte duinelárnach, cearta-bhunaithe a chur I bhfeidhm. Le críochnú na reachtaíochta seo i nDáil Éireann, táimid níos gaire do chosaintí a achtú, do na daoine sin a bheith ag brath ar sheirbhísí meabhairshláinte sna blianta amach romhainn.”
Nótaí
Déanfar foráil sa Bhille nua, i measc nithe eile:
- Próiseas nuashonraithe iontrála agus coinneála neamhdheonach do dhaoine a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha meabhairshláinte acu, lena n-áirítear sraith athbhreithnithe critéar iontrála.
- Cur chuige ollchóirithe maidir le toiliú le cóir leighis do dhaoine a ligtear isteach go neamhdheonach.
- Leathnú ar fheidhm rialála an Choimisiúin Mheabhair-Shláinte chun gach áit chónaithe agus seirbhís meabhairshláinte pobail a chur san áireamh, lena n-áirítear gach CAMHS pobail.
- Ailíniú níos dlúithe le prionsabail na nAchtanna um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 agus 2022.
- Cosaintí níos láidre do dhaoine a bhfuil rochtain acu ar chóireáil othar cónaitheach.
- Cúram agus cóireáil leanaí agus daoine óga, lena n-áirítear forálacha a chuireann ar chumas daoine 16 agus 17 mbliana d’aois toiliú le cóireáil sláinte meabhrach nó diúltú di.