Cuireann an tAire Meabhairshláinte fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála ón gCoimisiún Meabhair-Shláinte maidir le laghdú ar úsáid cleachtas sriantach in ionaid cheadaithe
- Foilsithe: 31 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Lúnasa 2025
Chuir an tAire Meabhairshláinte Mary Butler TD fáilte inniu roimh thuarascáil ón gCoimisiún Meabhair-Shláinte maidir le laghdú ar úsáid cleachtas sriantach in ionaid cheadaithe in Éirinn 2023 agus 2024.
Cuireann an tuarascáil théamach seo ón gCigire um Sheirbhísí Meabhairshláinte, an tOllamh Jim Lucey, béim ar an treocht shuntasach anuas i gcleachtais shriantacha le blianta beaga anuas sna sála ar chur chun feidhme rialacha athbhreithnithe, bunaithe ar chearta an duine, lena rialaítear úsáid aonraithe agus srianta meicniúla, agus Cód Cleachtais maidir le húsáid srianta fisiciúla.
Dúirt an tAire Butler:
“Cuirim fáilte roimh an tuarascáil dhearfach seo ón gCoimisiún Meabhair-Shláinte. Deimhníonn sé athrú suntasach ó chleachtais shriantacha atá ina sprioc thábhachtach dár mbeartas náisiúnta meabhairshláinte, Comhfhís.
"Tá sé spreagúil an tionchar a bhíonn ag cur chuige atá dírithe ar an duine agus atá bunaithe ar chearta an duine i leith cúram meabhairshláinte a fheiceáil, i gcomhréir le Straitéis an Choimisiúin um Aonrú agus Laghdú Srianta.
"Cuirim fáilte ar leith roimh an laghdú níos mó ná 90% ar úsáid aonraithe agus ar na srianta fisiciúla i seirbhísí CAMHS.”
Cuireann úsáid srianta fisiciúla agus aonrú i suíomhanna meabhairshláinte isteach go mór ar théarnamh duine ó ghalar meabhairshláinte. Is féidir leis na cleachtais seo a bheith trámach go háirithe do dhaoine a bhfuil stair tráma nó mí-úsáide acu agus is gá go mbeadh sé mar rogha dheireanach.
Mar thoradh orthu, d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra do dhaoine páirt a ghlacadh i gcaidrimh theiripeacha agus i gcóireáil, agus lagaíonn sé mothú an tsuaimhnis agus dínite, atá ríthábhachtach don téarnamh.
Chuir an tAire Butler leis an méid sin, ag rá:
“Tá a fhios agam go bhfuil gach ball foirne inár seirbhísí meabhairshláinte tiomanta do chur chuige atruach, dírithe ar an duine, agus ar théarnamh agus cúram á thabhairt do dhaoine le linn a dtréimhsí is leochailí.
"Táim ag obair go gníomhach le hoifigigh mo Roinne agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun tacú le baill foirne agus le bainistíocht chun deireadh a chur le húsáid aonraithe agus na srianta nuair is féidir, lena n-áirítear trí áiseanna níos nua-aimseartha a fhorbairt.
"I mbliana, tá méid gan fasach ar luach €31m leithdháilte agam do thionscadail chaipitil i meabhairshláinte, agus táim cinnte go mbainfimid i bhfad níos mó amach sna cúig bliana atá amach romhainn faoin bPlean Forbartha Náisiúnta athbhreithnithe.
"Áirítear leis an mBille nua Meabhairshláinte, atá á chur chun cinn agam tríd an Oireachtas, réimse cosaintí i gcásanna ina bhféadfadh cleachtais shriantacha a bheith riachtanach go fóill.
"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’obair chrua agus do dhíograis na foirne uile san earnáil mheabhairshláinte, atá ag iarraidh úsáid cleachtas sriantach inár seirbhísí a laghdú agus, sa deireadh, deireadh a chur leis.”
Leanfaidh an tAire Butler agus an Roinn Sláinte ag obair go dlúth leis an gCoimisiún Meabhair-Shláinte agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) araon chun cultúr atá dírithe ar an duine, ar chearta an duine agus ar théarnamh a leabú inár seirbhísí meabhairshláinte.
Nótaí
Tharla tabhairt isteach na Rialacha agus an Chóid athbhreithnithe - a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023 - mar gheall ar fhorbairtí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, dul chun cinn i dtaca le cúram atá dírithe ar an duine, agus fianaise lena léirítear gur féidir le cleachtais srianta droch-iarmhairtí fisiciúla agus síceolaíocha a bheith acu.
Príomhstaidreamh ón tuarascáil
Sonraí maidir le Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS): ó bhí 2018 ann, tá laghdú 91% tagtha ar úsáid na leithlise agus srianta fisiciúla i seirbhísí de chuid CAMHS (ó 2,608 eachtra in 2018 go 238 eachtra in 2024).
Sa bhliain 2022 (an bhliain dheiridh ina raibh feidhm fós ag an gCód Cleachtais bunaidh maidir le Cleachtais Srianta), bhí 2,945 eachtra maidir le srianta fisiciúla ann ina raibh 1,078 duine i gceist. An bhliain dár gcionn in 2023, bhí 2,572 eachtra srianta ann (ina raibh 879 cónaitheoir i gceist). Thit líon na n-eachtraí go 2,092 in 2024 (ina raibh 844 cónaitheoir i gceist).
Maidir le líon na ndaoine ar cuireadh srianta fisiciúla orthu in ionaid cheadaithe in Éirinn, tháinig laghdú 22% air ó bhí 2022 ann agus laghdú 30% ó bhí 2018 ann. Thit an ráta úsáide srianta in aghaidh 100,000 duine ó 57.2 in 2022 go 49.9 in 2023, agus go 40.6 in 2024. Laghdú 29% ar an ráta in aghaidh 100,000 duine idir 2022 agus 2024, agus laghdú 66% ó 2018 atá i gceist leis sin.
Thit líon na n-eachtraí a bhain le srian a chur ar duine agus é ina luí béal faoi ó 411 in 2023 go 194 in 2024. Laghdú 53% idir 2023 agus 2024 a bhí i gceist leis sin
Mhair mórchuid na n-eachtraí (97.4% agus 97.9%) a bhain le srianta fisiciúla deich nóiméad nó níos lú, agus mhair breis agus trí cheathrú de na heachtraí (75.54% agus 80.8% faoi seach) cúig nóiméad nó níos lú.
Is suntasach gur tharla laghdú 89% ar líon na n-eachtraí a bhain le srianta fisiciúla a mhair níos mó ná 15 nóiméad idir 2022 (271 eachtra a bhain le srianta fisiciúla) agus 2024 (nuair a mhair 31 eachtra a bhain le srianta fisiciúla níos mó ná 15 nóiméad).