Fógraíonn an tAire Murnane O'Connor buaiteoirí na bliana 2025 den chomórtas ealaíne Get SunSmart!
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Meitheamh 2025
D'fhógair an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí Jennifer Murnane O’Connor inniu na buaiteoirí den cheathrú Comórtas Ealaíne na bPáistí Get SunSmart!
Reáchtáladh an comórtas, a fuair iarratais ó gach áit sa tír, i gcomhpháirtíocht le hÉire Shláintiúil agus an Clár Náisiúnta um Rialú Ailse i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), mar chuid d’fheachtas bliantúil SunSmart, a bhfuil sé mar aidhm aige feasacht a ardú agus glacadh le hiompraíochtaí cosanta craicinn a chur chun cinn.
Is iad na buaiteoirí le haghaidh 2025 ná:
- Réamhscoileanna– Alex Faconer, 4 bliana d’aois ó Bhaile an Phoill, Co. Chill Chainnigh
- Naíonáin Shóisearacha go Rang a hAon – Mohammad Salaar, 6 bliana d’aois ón Rinn, Baile Átha Cliath 4
- Rang a Dó go Rang a Ceathair – Irene Mariam Mathew, 10 mbliana d’aois ón Dúcharraig, Co. Chorcaí
- Rang a Cúig agus Rang a Sé – Alexandru Grati, aon bhliain déag d’aois ó Chluain Aodha, Baile Átha Cliath 15
Ag brath ar a n-aoisghrúpa, bhí sé de chúram ar na páistí bileoga SunSmart 5Ss a dhathú nó a bpictiúr féin a tharraingt a léiríonn conas a bheith SunSmart.
Dúirt an tAire Murnane O’Connor:
“Tá craiceann leanaí an-leochaileach maidir le damáiste na gréine ach go háirithe agus tá sé ríthábhachtach nósanna sláintiúla a spreagadh inár bpáistí ag aois óg ar mhaithe lena sláinte níos déanaí sa saol.
"Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh lenár mbuaiteoirí uilig, agus leis na daoine ar fad sa dara háit, as na hiarratais iontacha a sheol siad isteach, a léirigh a dtallann, a gcruthaitheacht agus a n-úrnuacht uilig. Ba chóir dóibh a bheith an-bhródúil as an méid atá bainte amach acu, ní hamháin mar gheall ar an gcaoi gur éirigh go maith leo sa chomórtas ach trí chabhair a thabhairt lenár dteachtaireacht SunSmart a scaipeadh.
“Tá ailse chraicinn inchoiscthe den chuid is mó, ach is í an ailse is coitianta in Éirinn, le 11,000 cás nua gach bliain. Dóibh siúd a bhíonn dóite go dona ag an ngrian le linn a n-óige (3 huaire nó níos mó roimh aois 20), tá riosca meileanóma 2-4 huaire níos airde ann níos déanaí sa saol. Is cuid thábhachtach dár bhfeachtas ailse craicinn a laghdú chun sláinte an daonra a fheabhsú go ginearálta agus tosaíonn sé seo le gníomhaíochtaí maithe chun cosaint na craiceann a chur i gcuimhne do na páistí.
Chun a bheith SunSmart, caithfidh tú an cód SunSmart a leanúint, ó Aibreán go Meán Fómhair, fiú ar laethanta scamallacha:
Caith éadaí ort a chlúdaíonn an oiread de do chraiceann agus is féidir, cosúil le muinchillí fada, t-léinte le cábaí;
Cuir ort an t-uachtar gréine speictream-leathan (UVA/UVB) uiscefhriotaíoch ina bhfuil fachtóir cosanta gréine (SPF) de 30+, ar a laghad, do dhaoine fásta agus 50+ do leanaí, le cosaint ard UVA. Cuir arís ort é go rialta;
Caith hata ar a bhfuil duilleog leathan: Cosain d’aghaidh, do chluasa agus do mhuineál;
Lorg scáth: Suigh faoi chlúdach na gcrann chun solas díreach na gréine a sheachaint agus úsáid scáth gréine ar do bhugaí nó pram. Coinnigh naíonáin agus leanaí amach as solas díreach na gréine;
Sleamhnaigh spéaclaí gréine ort chun do shúile a chosaint.
Téigh chuig www.gov.ie/getsunsmart chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gcód SunSmart.
Tá tuilleadh eolais faoi na buaiteoirí agus a bpíosaí ealaíne ar fáil anseo: https://youtu.be/svSM8SMPLIo
Nótaí
Tá an Comórtas Ealaíne Bí SunSmart! mar chuid den fheachtas SunSmart faoin bPlean Náisiúnta um Ailse Chraicinn a Chosc 2023-2026. Úsáideann sé réimse ardán chun a chroítheachtaireachtaí faoi iompraíochtaí cosanta craicinn a mhéadú. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.hse.ie/sunsmart
Faigheann gach buaiteoir Cárta Oidhreachta Teaghlaigh OPW, pas lae teaghlaigh do Zú Bhaile Átha Cliath, dearbhán leabhar Náisiúnta ar luach €20 agus mála féiríní Éire Shláintiúil. Beidh deis ag gach buaiteoir a gcuid ealaíne a bheith ar taispeáint fosta mar chuid d’fheachtas SunSmart 2025.