Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Murnane O’Connor Comhairliúchán Poiblí maidir le Cosc Féideartha ar Úsáid Tráchtála Leapacha Gréine in Éirinn

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Iúil 2025
  • An t-eolas is déanaí: 25 Iúil 2025

Sheol an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor TD comhairliúchán poiblí náisiúnta inniu maidir le cosc féideartha ar úsáid tráchtála leapacha gréine in Éirinn.

Tagann an tionscnamh seo sna sála ar thuarascáil ón Institiúid um Shláinte Phoiblí (IPH), a thugann fianaise láidir maidir leis na rioscaí sláinte a bhaineann le húsáid leapacha gréine. Molann an tuarascáil cosc ar úsáid tráchtála leapacha gréine chun an mhinicíocht d’ailse chraicinn a laghdú, an cineál ailse is coitianta in Éirinn.

Bhunaigh an tAire Murnane O’Connor Grúpa Oibre Tras-Rannach le déanaí chun impleachtaí an choisc seo ar bheartas, an dlí agus ar shláinte phoiblí a fhiosrú. Cuirfidh an Grúpa Oibre dea-chleachtais idirnáisiúnta san áireamh, go háirithe ó thíortha cosúil leis an Astráil, áit ar cuireadh cosc ar úsáid tráchtála leapacha gréine cheana féin.

Dúirt an tAire Murnane O’Connor:

"Is céim thábhachtach í seo i gcomhthéacs ár dtiomantais le sláinte phoiblí a chosaint.

"Tá an fhianaise soiléir; níl aon leibhéal sábháilte d'úsáid leapacha gréine. In ainneoin reachtaíochta reatha, tá leapacha gréine fós in úsáid ag daoine óga, a mhéadaíonn an riosca d’ailse chraicinn dháiríre dóibh.

“Caithfimid gníomhú go láidir chun dochar inseachanta a chosc. Táim ag moladh go nglacann gach duine páirt sa chomhairliúchán poiblí. Is céim thábhachtach í seo inár n-iarrachtaí chun sláinte ár bpobal, go háirithe daoine óga, a chosaint ar charcanaigin atá aitheanta.”

Tríd an gcomhairliúchán, tá aiseolas á iarraidh ón bpobal, ghairmithe cúraim sláinte, gheallsealbhóirí na hearnála agus ghrúpaí abhcóideachta maidir le cosc molta agus an tionchar féideartha a bheadh aige. Beidh tionchar ag na hiarratais uilig ar mholtaí an Ghrúpa Oibre chuig an Rialtas níos déanaí sa bhliain.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Mary Horgan:

“Tá an fhianaise a nascann úsáid leapacha gréine le hailse chraicinn doshéanta. Is dochar inseachanta é seo, agus mar sin, is gá dúinn díriú ar pholasaithe a chosnaíonn daoine ar na huirlisí seo.

“Is é an sprioc ná cinntiú go bhfuil gach moladh bunaithe ar fhianaise, ar eolaíocht, tosaíochtaí sláinte poiblí agus an taithí phearsanta de dhaoine ar fud na hÉireann. Toisc go gcuirfidh torthaí an chomhairliúcháin phoiblí bonn eolais faoi obair an Ghrúpa Oibre Tras-rannach, tá sé riachtanach gur proiséas cuimsitheach agus ionchuimsitheach é an comhairliúchán poiblí, a chuireann tuairim gach geallsealbhóir san áireamh.”

Fanfaidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt go dtí 3 Deireadh Fómhair 2025, agus is féidir iarratais a sheoladh trí ríomhphost fosta.

Is féidir teacht ar tuilleadh sonraí faoin gcomhairliúchán anseo.