Cuireann an tAire Murnane O’Connor fáilte roimh chreidiúnú oifigiúil de Líonra Náisiúnta Cathracha agus Contaetha Sláintiúla, chomh maith le hainmniú na Gaillimhe, Luimnigh agus Phort Láirge
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 23 Meitheamh 2025
Chuir an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí , Jennifer Murnane O’Connor TD, fáilte inniu roimh Líonra Náisiúnta Cathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann, inar ainmníodh Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge ina gcathracha creidiúnaithe faoin gcreat European Healthy City in Phase VII (2019-2025), de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus iad anois I measc líonra cathracha mór le rá eile trasna na hEorpa a bhfuil clú bainte amach acu as a dtiomantas le sláinte, cothromas agus inbhuanaitheacht a chur ag croílár rialachais áitiúla agus forbartha.
Dúirt an tAire Murnane O’Connor:
“Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Líonra Náisiúnta Cathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann, Gaillimh, Luimneach agus Port Láirge as an aitheantas seo a bhfuil tuillte acu.
“Is fianaise é ainmniú na gcathracha seo mar Chathracha Sláintiúla na hEorpa de chuid an WHO de na hiarrachtaí comhoibrithe idir an FSS, na hÚdarás Áitiúla, na heagraíochtaí pobail agus deonacha, institiúidí acadúla agus geallsealbhóirí tábhachtacha eile. Léiríonn an creidiúnú seo an gealltanas leanúnach chun cathracha níos sláintiúla, cothrom agus níos inbhuanaithe a chruthú.”
Cinntíonn an creidiúnú seo ceannaireacht na gcathracha maidir le polasaí nuálach, trasearnála a chur i bhfeidhm, a chuireann sláinte phoiblí, ionchuimsiú sóisialta agus maireachtáil uirbeach inbhuanaithe chun cinn. Tagann an creidiúnú mór le rá seo sna sála ar phróiseas dian measúnaithe faoin gclár Cathracha Sláintiúla na hEorpa WHO, a dhéanann measúnú ar chathracha ar fud an domhain maidir lena gcumas beartais agus tionscnaimh a chur i bhfeidhm a dtugtar tosaíocht do shláinte, cothromas, agus forbairt uirbeach inbhuanaithe.
Agus creidiúnú faoin gclár Cathracha agus Contaetha Sláintiúla WHO bainte amach, beidh buntáistí le feiceáil i nGaillimh, Luimneach agus Port Láirge, ailínithe go díreach leis an sainordú de Choistí Forbartha Pobail Áitiúil (LCDCs) d’fhorbairt áitiúil.
Dúirt An Méara John Moran:
“Tugann an éacht seo le fios an obair chrua atá i gceist le pobail agus foirne Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a bhfuil tiomanta go mion agus go comhoibritheach do Luimneach níos sláintiúla a chothú do chách. Tá ‘Luimneach Níos Sláintiúla’ mar chroílár dár bhfís, do chlár an mhéara “Tuilleadh do Luimneach.” Treoróidh sé seo ár n-iarrachtaí chun sláinte phoiblí a fheabhsú, stíleanna maireachtála gníomhacha a chur chun cinn agus ionchuimsiú sóisialta a chothú ar fud Luimnigh. Ba mhaith linn a chinntiú go gcuirfear an tionchar ar shláinte mhuintir na háite san áireamh trí gach rud a dhéanann/nach ndéanann muid. “
Dúirt an Méara de Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, Clr Jason Murphy:
“Táim chomh bródúil gur bhain Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge an creidiúnú tábhachtach de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte seo amach. Léiríonn sé ár dtiomantas chun sláinte agus folláine a fheabhsú do chách i bPort Láirge agus neartaíonn sé ár gcumas chun tionscnaimh sláinte agus folláine cumasacha a sholáthar dá bpobal.”
Éascaíonn ainmniú den Líonra Náisiúnta Cathracha agus Contaetha Sláintiúla, i nGaillimh, bPort Láirge agus Luimnigh mar Chathracha Eorpacha Sláintiúla WHO:
- Rochtain ar shaineolas idirnáisiúnta agus dea-chleachtas trí theagmháil idir an líonra WHO le breis is 100 cathair atá páirteach
- Cúrsaí sláinte a chur san áireamh agus a chomhtháthú i bpolasaithe agus pleananna gach rialtas áitiúil, an Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) ach go háirithe, trína gcreat láidir do shláinte.
- Comhoibriú idirearnálach, chomh maith le comhpháirtíochtaí idir an Údarás Áitiúil, FSS, grúpaí pobail agus deonacha, gníomhaireachtaí reachtúla agus pobail áitiúla.
- Teagmháil bhríoch le saoránaigh agus pobail, trí fhreagracht roinnte agus úinéireacht a chothú
- Fís fhadtéarmach d’fhorbairt inbhuanaithe trí bhéim a chur ar timpeallachtaí sláintiúla a chruthú, truailliú a laghdú, iompar gníomhach a spreagadh agus rochtain ar sheirbhísí riachtanacha a chinntiú.
Nótaí
Gluaiseacht dhomhanda de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) atá sa chlár do Chathracha Sláintiúla, clár a bunaíodh ar dtús in 1987 agus 11 chathair aonair ann. Tá an coincheap bunaithe ar thábhacht na gníomhaíochta áitiúla agus ar an ról lárnach atá ag rialtais áitiúla agus Údaráis Áitiúla maidir le sláinte agus forbairt inbhuanaithe. De réir mar a leath clár EDS do Chathracha Sláintiúla, bunaíodh Líonraí Náisiúnta.
Leis na Líonraí Náisiúnta, tugtar tacaíocht do gach cathair agus contae laistigh ina dtír agus déantar nasc eatarthu agus na tíortha sin. I láthair na huaire, is ann do Líonraí Náisiúnta creidiúnaithe i 21 tír i réigiún Eorpach EDS, agus tugtar le chéile leo níos mó ná 1,100 cathair, contae agus baile. Fuair Líonra Náisiúnta Chathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann creidiúnú ó EDS in 2016.
Is éard is aidhm do Líonra Náisiúnta Chathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann struchtúr a fhorbairt chun tacú le hÚdaráis Áitiúla an Creat 'Éire Shláintiúil' a chur i bhfeidhm.
Oibríonn cathair nó contae sláintiúil chun:
- Sláinte agus folláine a fheabhsú trí thimpeallachtaí fisiciúla agus sóisialta a chruthú agus a fheabhsú i gcónaí.
- Acmhainní pobail a fhorbairt a chabhraíonn le daoine tacú lena chéile agus a lánacmhainneacht a bhaint amach.
Is cabhair iad Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (CFPA) maidir le háiteanna sláintiúla a chruthú mar is féidir le daoine teacht ar an saol, fás aníos, maireachtáil, bheith ag obair agus dul in aois agus na háiteanna sin a chothabháil. Tá CFPC bunaithe ag gach údarás áitiúil chun cláir forbartha áitiúla agus cláir forbartha pobail a fhorbairt, a chomhordú agus a chur i bhfeidhm.
Oibríonn na CFPCanna le raon eagraíochtaí agus grúpaí, agus tá siad sároiriúnach do bheith ag tacú leis an tionscadal Éire Shláintiúil mar fhreagairt ar riachtanais mhuintir na háite. Is comhpháirtithe tábhachtacha iad CFPCanna maidie le togra Éire Shláintiúil a bhaitn amach trí Líonra Náisiúnta Chathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann a fhorbairt.