Fógraíonn Airí bunú an Choiste Maoirseachta One Health
-
Ó: An Roinn Sláinte; Department of Agriculture, Food and the Marine
- Foilsithe: 9 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 14 Iúil 2025
Chuir an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill; an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Martin Heydon agus an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil Darragh O’Brien an Chomh-aireacht ar an eolas inniu maidir le bunú Coiste Maoirseachta trasrannach One Health.
Aithníonn One Health go bhfuil nasc láidir idir shláinte daoine, ainmhithe clóis agus fiáine, plandaí agus an timpeallacht i gcoitinne, éiceachórais san áireamh.
Bunaíodh an Coiste chun treoir a thabhairt don chur chuige One Health ar fud na hÉireann trí chomhoibriú a chumasú chun acmhainneacht agus comhoibriú a neartú go córasach i measc geallsealbhóirí éagsúla, laistigh agus lasmuigh den earnáil sláinte. Roinneann an Príomhoifigeach Leighis an tOllamh Mary Horgan an chathaoirleacht leis an bPríomhoifigeach Tréidliachta, Dr June Fanning agus Barry Quinlan, Leas-Ardrúnaí don Roinn Aeráide, agus Comhshaoil. I measc na mball tá ceannairí sinsearacha ó roinnt earnálacha, lena n-áirítear an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, Safefood, Uisce Éireann, ionadaíocht acadúil, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus an Príomhoifigeach Leighis agus an Príomhoifigeach Tréidliachta ó Thuaisceart Éireann.
Is í an fheidhm atá leis ná comhoibriú a chumasú, a fheabhsaíonn intleacht sláinte phoiblí agus fianaise chun críche cinnteoireachta, ionas gur féidir le hÉirinn bagairtí sláinte a chosc, a thuar, a bhainstiú go héifeachtach, chomh maith le hullmhú dóibh.
Dúirt an tAire Jennifer Carroll MacNeill:
“Is tábhachtach an chéim í an cur chuige One Health a chomhtháthú lenár gcreat beartais náisiúnta chun ár gcumas a neartú bagairtí sláinte a chosc, a aithint agus chun freagairt go cumasach dóibh. Tá an cur chuige seo riachtanach chun sláinte phoiblí a chosaint, tacú le sláinte ainmhithe agus sábháilteacht bia agus chun bithéagsúlacht agus ár dtimpeallacht chomhroinnte a chaomhnú.
“Is linne an fhreagracht seo uilig, agus táim buíoch de mo chomhghleacaithe uilig as a dtacaíocht agus a gcomhpháirtíocht maidir leis an tionscnamh seo. Tá áthas orm go bhfuil ár bPríomhoifigeach Leighis, an tOllamh Mary Horgan, mar chomhchathaoirleach ar an gCoiste Maoirseachta, rud a leagann béim ar an tábhacht de cheannaireacht láidir i measc na hearnála sláinte I gcomhthéacs an togra trasrannach, comhoibritheach seo.“
Dúirt an tAire Martin Heydon:
“Tacaím go hiomlán le comhbhunú an Choiste Maoirseachta náisiúnta seo, a léiríonn comhoibriú ar fud an rialtais agus ceannaireacht sa réimse One Health. Feidhmeoidh an cur chuige comhoibritheach One Health chun sláinte daoine, ainmhithe, plandaí agus éiceachóras a chothromú agus a bharrfheabhsú.
"Tacóidh an Coiste seo, trína triúr Cathaoirleach, leis an bPríomhoifigeach Tréidliachta, Dr June Fanning agus Barry Quinlan ina measc, le forbairt straitéise trasearnála agus comhoibritheach, a aithníonn cé chomh hidirnasctha is atá earnálacha éagsúla maidir le tacú le córas d’agraibhia athléimneach agus torthaí optamacha a chinntiú don tsochaí."
Dúirt an tAire Darragh O’Brien:
“De réir mar a athraíonn cúrsaí in Éirinn, tá rioscaí galair nua ag teacht chun cinn. Is forbairt dhearfach í bunú an Choiste Maoirseachta One Health maidir le cabhrú linn bagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn, a láimhseáil. Trí chomhpháirtíocht mo Roinne féin sa tionscnamh seo, ar a bhfuil Barry Quinlan ina chomhchathaoirleach ann, aithnímid go bhfuil ár sláinte agus bhfolláine fite fuaite lenár dtimpeallacht.
"Trí chomhoibriú i measc geallsealbhóirí a éascú, feabhsóidh an Coiste intleacht sláinte phoiblí agus fianaise chun críche cinnteoireachta. Táim ag súil go mór le cur leis ár gcomhpháirtíocht trasrannach agus trasearnála reatha agus muid ag dul i ngleic leis an bhfadhb thábhachtach seo.”
Tógann bunú an Choiste Maoireseachta One Health ar an gcur chuige rathúil chun plean gníomhaíochta náisiúnta Second One na hÉireann ar Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (iNAP2) a chur i bhfeidhm, chomh maith leis na hiarrachtaí comhoibritheacha le linn COVID-19.
Nótaí
Dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, sainmhínítear One Health mar “cur chuige comhtháite, atá dírithe ar shláinte na ndaoine, n-ainmhithe agus na n-éiceachóras a chothromú agus a bharrfheabhsú. Aithníonn sé go nádúrtha go bhfuil nasc láidir idir shláinte daoine, ainmhithe clóis agus fiáine, plandaí agus an timpeallacht i gcoitinne (éiceachórais san áireamh).