Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann na hAirí Sláinte comhghairdeas le Dr Lorraine Nolan as a ceapachán mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an nGníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Meitheamh 2025
  • An t-eolas is déanaí: 24 Meitheamh 2025

Rinne an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill agus an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí Jennifer Murnane O'Connor, comhghairdeas le Dr Lorraine as a ceapachán mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an nGníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh (EUDA).

Ceapadh Dr Nolan, atá anois ina Príomhfheidhmeannach ar an Údarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA) faoi láthair, tar éis cruinniú an Bhord Bainistíochta EUDA i Liospóin an tseachtain seo. Tabharfaidh sí faoina ról ón 1 Eanáir 2026. Tá an EUDA freagrach as cabhrú le hullmhacht an AE le dul i ngleic leis an gcontúirt de dhrugaí mídhleathacha, trí mhonatóireacht, taighde agus anailís.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

"Bhí áthas orm tacú le ceapachán Dr Lorraine Nolan agus guím gach rath uirthi agus í ag ullmhú chun tabhairt faoin ról dúshlánach agus spreagúil seo, mar cheannaire ar an EUDA, chun a mandáid agus a maoiniú feabhsaithe a sholáthar.

"Bhí sí le moladh agus í mar Phríomhfheidhmeannach den HPRA, mar cheannaire láidir ar leigheas agus táirgí leighis a rialáil le linn tréimhse thábhachtach ina raibh an-chuid athruithe ag tarlú maidir le feidhmeanna rialála an údaráis. Léiríonn a saineolas leathah i gcúrsaí rialála agus a dea-theist as a bheith as obair le líonraí rialála san AE agus go hidirnáisiúnta go bhfuil sí breá cáilithe chun EUDAS a stiúradh."

Dúirt an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí Jennifer Murnane O'Connor:

“Ba mhaith liom mo chomhghairdeas mór a dhéanamh le Dr Nolan as a ceapachán, a aithníonn a saineolas bainistíochta iontach. Beidh ról tábhachtach ag an EUDA, faoi cheannaireacht Dr Nolan, maidir le forbairt agus cur chun feidhme na straitéise Drugaí nua an AE. Táim ag súil go mór le plé a bheith agam leis an Dr Nolan ar conas is féidir linn freagairt an AE do na dúshláin chasta agus athraitheacha a bhaineann leis an gcruachás drugaí a neartú, go háirithe le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, sa dara chuid de 2026."


Nótaí

An Dr Lorraine Nolan

Tá an Dr Nolan ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach an HPRA ó 2016. Le linn a téarma oifige, threoraigh sí an eagraíocht go rathúil trí athrú suntasach ar a príomhfheidhmeanna rialála agus leathnú ar a hoibríochtaí, rud a d’ardaigh stádas an HPRA ar leibhéal náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta. Lena chois sin, chinntigh a ceannaireacht dhiongbháilte agus straitéiseach le linn an Bhreatimeacht agus phaindéim COVID-19 gur chuir an rialtóir náisiúnta do chógais agus feistí leighis go mór le dul i ngleic rathúil leis na dúshláin sin.

Tá ról suntasach ag an Dr Nolan i gceannaireacht rialáil na gcógas agus na bhfeistí leighis ar leibhéal Eorpach. Trína hiarphost mar Chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta Ghníomhaireacht Leigheasra na hEorpa (EMA) (2022–2025) agus trína ballraíocht i nGrúpa Bainistíochta na nGníomhaireachtaí Cógais (HMA), bhí róil shuntasacha aici ar an leibhéal seo a mhúnlaigh straitéis agus a fheabhsaigh an seachadadh ar bhealach dearfach.

Sular tháinig sí chuig an HPRA, d’oibrigh an Dr Nolan ar feadh roinnt blianta sa tionscal príobháideach i réimse fhorbairt drugaí agus chomh maith leis sin i seirbhísí stáit na heolaíochta fóiréinse.

Is ceimiceoir í ó thaobh oiliúna de, agus chríochnaigh sí a PhD agus taighde iardhochtúireachta i seachadadh drugaí trasdhermach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.