Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ministers for Health publish the National Sexual Health Strategy, 2025-2035

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Meitheamh 2025
  • An t-eolas is déanaí: 27 Meitheamh 2025

Sheol an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, T.D. agus an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O’Connor, T.D., an Straitéis Náisiúnta Sláinte Ghnéis, 2025–2035 inniu, tar éis don Rialtas í a cheadú.

Áirítear leis an straitéis réimse gealltanais atá dírithe ar shláinte ghnéasach dhearfach a chur chun cinn do gach duine in Éirinn, ag gach céim den saol.

Áirítear leis na tosaíochtaí:

  • Cumas a fheabhsú agus tástáil agus cóireáil ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha (IGTanna) a chur chun cinn tuilleadh, lena n-áirítear leathnú na seirbhíse tástála IGT sa bhaile.
  • Rochtain ar fhrithghiniúint a mhéadú tríd an tSeirbhís Frithghiniúna Saor in Aisce agus an tSeirbhís Náisiúnta Dáilte Coiscíní Saor in Aisce a leathnú.
  • Acmhainn a thógáil chun freastal ar an éileamh ar chosc agus cóireáil VEID, lena n-áirítear Próifiolacsas Réamhnochta (PrEP) agus Próifiolacsas Iarnochta (PEP) agus tacaíochtaí eile do dhaoine atá ina gcónaí le VEID.
  • Múnla Cúraim a fhorbairt do sheirbhísí sláinte gnéis a thugann tús áite do chosc, diagnóis, cóireáil, faisnéis agus faireachas i gcás STIanna agus VEID, agus ag an am céanna díriú ar chothromas geografach a fheabhsú i rochtain ar sheirbhísí.
  • Feabhsú rochtana ar vacsaíní a thacaíonn le sláinte ghnéasach, mar an vacsaín i gcoinne an Papalómaivíreas Daonna (HPV) agus na vacsaíní Heipitíteas A agus B.
  • Ag tacú le hobair earnáil an Cheartais agus Cuan i gcosc foréigin teaghlaigh, ghnéis agus inscnebhunaithe (DSGBV).

Lena chois sin, foilsíodh an chéad cheann de thrí phlean gníomhaíochta chun cur i gcrích na straitéise a chumasú inniu freisin. Foilseofar dhá phlean gníomhaíochta eile in 2028 agus 2031.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

“Sa straitéis chuimsitheach seo léirítear na deiseanna agus dúshláin athraitheacha atá ós ár gcomhair, agus leagtar amach na céimeanna nach mór dúinn a ghlacadh chun todhchaí níos sláintiúla a chinntiú go gach duine, beag beann ar aois, inscne, claonadh, eitneacht nó cúlra. Le deich mbliana anuas, tá dul chun cinn suntasach déanta againn ó seoladh an chéad Straitéis Náisiúnta Sláinte Ghnéis, agus muid ag aithint gur cuid riachtanach den tsláinte agus den fholláine iomlán í an tsláinte ghnéasach dhearfach.

"Is é an tosaíocht atá againn anois ná leanúint ar aghaidh ag forbairt agus ag leathnú seirbhísí a fhreagraíonn do riachtanais daoine ag gach céim den saol. Treoróidh ár bplean gníomhaíochta nua ár n-iarrachtaí atá le teacht, ina mbeidh bearta chun tacú le daoine atá ina gcónaí le VEID agus a tharchur a chosc, chomh maith le rochtain ar PrEP agus frithghiniúint saor in aisce a leathnú, i gcomhréir lenár ngealltanais sa Chlár Rialtais. Táimid tiomanta a chinntiú go bhfuil an deis ag gach duine saol sláintiúil agus sásúil a chaitheamh, agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis an Aire Murnane O’Connor, lenár bPríomh-Oifigeach Leighis an tOllamh Mary Horgan, chomh maith leis na geallsealbhóirí uile chun na spriocanna seo a bhaint amach.

Dúirt an tAire Murnane O’Connor:

"Léiríonn an lá inniu dul chun cinn mór inár dtiomantas do shláinte agus folláine ghnéis a chosaint agus a chur chun cinn do gach duine a chónaíonn in Éirinn. Is cur chuige nua-aimseartha, cuimsitheach agus fianaise-bhunaithe é an Straitéis seo, ceann a chuireann an fhaisnéis, an rochtain agus an tacaíocht ar fáil do dhaoine a theastaíonn uathu chun cinntí eolasacha a dhéanamh, rioscaí gan ghá a laghdú agus caidrimh shláintiúla a chothú. Trí oibriú i gcomhar le chéile trasna earnálacha, leanfaimid orainn ag briseadh síos stiogma agus ag tógáil sochaí níos sláintiúla, níos oscailte agus níos eolasaí do chách".

Dúirt an Príomhoifigeach Míochaine Eatramhach an tOllamh Mary Horgan:

"Is gné ríthábhachtach den tsláinte agus den fholláine iomlán í an tsláinte ghnéis, chomh maith le bheith ina cuid ríthábhachtach den tsláinte phoiblí níos leithne agus de rialú ionfhabhtaithe. Tá bearta iomadúla curtha san áireamh againn chun tacú le hacmhainneacht tástála, diagnóis, luathidirghabhála agus cóireála VEID agus STIanna agus í a fheabhsú agus é mar aidhm aici an dochar a dhéanann ionfhabhtuithe neamhchóireáilte a íoslaghdú.

"Tacóimid freisin le hiarrachtaí ríthábhachtacha earnáil an Cheartais agus Cuan chun foréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe a chosc. Ina theannta sin, comhoibreoimid leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, mar aon le comhpháirtithe idirnáisiúnta amhail an AE, na Náisiúin Aontaithe, agus an WHO, chun ár ngealltanais dhomhanda maidir le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a chomhlíonadh".

Tá an Straitéis Náisiúnta Sláinte Gnéis, 2025–2030 iomlán ar fáil anois ag  https://gov.ie/en/healthy-ireland/policy-information/national-sexual-health-strategy-2025-2035/


NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Seoladh an chéad Straitéis Náisiúnta Sláinte Gnéis in 2015 agus ba thosaíocht í faoin gCreat Éire Shláintiúil agus faoin bPlean Gníomhaíochta Straitéiseach, 2021-2025 ina dhiaidh sin. Tá Clár Sláinte Gnéis (SHP) de chuid FSS i gceannas ar chur i bhfeidhm na Straitéise agus ar bhainistiú seirbhísí sláinte gnéis. Tháinig athbhreithniú neamhspleách deiridh ar an Straitéis, arna sheoladh ag Crowe Ireland in 2023, ar an gconclúid gur éirigh leis an gcéad Straitéis Náisiúnta Sláinte Ghnéis, agus measadh gur cuireadh 49 de na 56 gníomh chun cinn go rathúil.

Is é fís na Straitéise nua Sláinte Gnéis "go mbainfidh gach duine in Éirinn taitneamh as sláinte agus folláine ghnéis dhearfach, agus rochtain acu ar fhaisnéis, oideachas agus seirbhísí ardchaighdeáin maidir le sláinte ghnéis ag gach céim den saol".

Beidh ionadaíocht tras-earnála san áireamh sa Ghrúpa Cur Chun Feidhme atá freagrach as an bPlean Gníomhaíochta. Áireofar ar a chuid oibre rannpháirtíocht othar agus an phobail a chabhróidh le forbairt an dara agus an tríú Plean Gníomhaíochta um Shláinte Ghnéis a sheolfar faoin Straitéis seo, do 2029-2032 agus 2032-2035, a chur ar an eolas.