Molann an tAire Donnelly seirbhís charadachta faoi stiúir oibrithe deonacha a thacaíonn le daoine a bhfuil galar Alzheimer orthu in Iarthar na hÉireann
- Foilsithe: 21 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Meaitseálann seirbhís charadachta Western Alzheimers daoine deonacha le compánach comhoiriúnach a bhfuil néaltrú air.
- Thacaigh 53 duine deonach le 47 teaghlach thar thréimhse 2 bhliain in Iarthar na hÉireann.
Mhol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, tionscnamh ag Western Alzheimers chun seirbhís charadachta a thairiscint do dhaoine le néaltrú. Féachann an tseirbhís le duine deonach a mheaitseáil le duine le néaltrú d'fhonn tacaíocht agus comhluadar a sholáthar. Tháinig feabhas ar fholláine coirp agus mheabhrach na ndaoine a bhfuil néaltrú orthu i Ros Comáin, Gaillimh agus Maigh Eo a ghlac páirt sa tseirbhís mar thoradh ar an gcomhluadar a fuair siad.
Ag labhairt dó faoin tseirbhís, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:
“Ar Lá Domhanda Alzheimer, is iontach an rud é ceiliúradh a dhéanamh ar thionscnamh a chuir feabhas ar fholláine na ndaoine atá ag maireachtáil le galar Alzheimer in Éirinn. Maidir le daoine atá ag maireachtáil le néaltrú, tá sé chomh tábhachtach go mbraitheann siad go bhfuil baint acu lena bpobal, ach chomh maith leis sin, go leanann nasc an phobail ar aghaidh, agus go mbeidh laghdú ar an stiogma a bhaineann leis an ngalar mar thoradh air. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do Western Alzheimers as a dtionscadal agus do na daoine deonacha go léir a d'fheabhsaigh caighdeán saoil na ndaoine a bhfuil néaltrú orthu sa réigiún trína gcomhluadar.
“Tá an tseirbhís charadachta seo leabaithe laistigh de shamhail chúraim nuálach; samhail a chuireann béim ar chúram comhtháite agus ar aistriú cúraim chuig an bpobal, áit a bhfuil an t-othar i gcroílár dhearadh agus sholáthar na seirbhíse. Níl anseo ach sampla amháin de smaointeoireacht agus d'athrú nuálach a fheictear trí Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare."
Dúirt Rita, cúramóir teaghlaigh as Maigh Eo, ar bhain a máthair Sheila úsáid as an tseirbhís charadachta tar éis di diagnóis néaltrú a fháil:
“Bhí lagmhisneach ar mo mháthair agus bhí sí ag éirí tostach. Bhí sé deacair orm sos a fháil ó chúram a thabhairt do bheirt tuismitheoirí agus do mo leanaí féin. Ó fuair sí cara tríd an tseirbhís charadachta tá níos mó muiníne aici agus tá sí i bhfad níos sona. Tá sí ag dul amach as an teach, ag dul ar shiúlóidí agus ag dul ar cuairt chuig áiteanna a thaitníonn léi. Coinníonn sé aclaí í go meabhrach agus go fisiciúil. Bíonn sí i gceart i gcomhair an lae agus tugann sé sos domsa, a cúramóir.”
D'earcaigh Western Alzheimers 58 duine deonach trí fheachtas fógraíochta spriocdhírithe i nGaillimh, i Maigh Eo agus i Ros Comáin. Chríochnaigh 53 duine deonach oiliúint agus thacaigh siad le 47 teaghlach ar fud an Iarthair. De ghnáth chaith an duine deonach 2-3 uair an chloig gach seachtain i dteach an teaghlaigh, agus dá bhrí sin bhí an príomhchúramóir in ann sos a ghlacadh. Léiríonn an t-aiseolas a tugadh go bhfuil sásamh na seirbhíse an-ard.
Maoiníodh seirbhís charadachta Western Alzheimers trí Chiste Lánpháirtíochta Sláintecare agus tá sí á príomhshruthú chun maoiniú a fháil ar bhonn bliantúil.