English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Molann an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta gach duine a thug faoi 'Mo Phlean Meabhairshláinte'

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Eanáir 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá fáilte curtha ag an Aire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, roimh an nglacadh suntasach de 'Mo Phlean Meabhairshláinte,' de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), ina bhfuil pleananna meabhairshláinte pearsantaithe curtha i gcrích ar líne anois ag breis is 12,000 duine, gné a chuireann béim ar an bhfeasacht mhéadaitheach agus ar an gcur chuige réamhghníomhach i leith na meabhairshláinte in Éirinn.

Sheol an tAire Butler 'Mo Phlean Meabhairshláinte' FSS i mí na Bealtaine, uirlis ar líne agus idirghníomhach atá deartha chun cabhrú le daoine aonair machnamh a dhéanamh ar a riachtanais mheabhairshláinte agus comhairle phearsantaithe a fháil.

Tá an tAire ag moladh do dhaoine eile céimeanna réamhghníomhacha a ghlacadh i mí Eanáir dá meabhairshláinte agus dá bhfolláine trí chlárú le haghaidh 'Mo Phlean Meabhairshláinte.', a bhfuil sé mar aidhm aige é a dhéanamh níos éasca do dhaoine a meabhairshláinte a bhainistiú i measc na n-éileamh uilig na laethanta seo.

Dúirt an tAire Butler:

"Is mí thar a bheith dúshlánach í mí Eanáir don mheabhairshláinte agus don fholláine mhothúchánach. De réir mar a thagann deireadh le séasúr na féile agus a thagann gnáthchúrsaí an lae ar ais arís, bíonn brú pearsanta ar go leor daoine ó rúin na hAthbhliana nua, brú airgid, agus uaigneas méadaithe.

"Tá deacrachtaí meabhairshláinte cosúil le strus leanúnach, giúmar íseal, imní agus fadhbanna codlata coitianta. Bíonn claonadh ag daoine glacadh leo mar is gnáth agus mar chuid dá saol laethúil agus ní thuigeann siad gur cuid de do mheabhairshláinte iad ar fad."

Dúirt an tAire Butler freisin:

"Mura bhfuil mo Phlean Meabhairshláinte úsáidte agat go fóill, mholfainn duit triail a bhaint as anois – ní thógann sé ach cúpla nóiméad agus tabharfaidh sé comhairle shaincheaptha duit ó fhoinse iontaofa. Tá an-áthas orm a fheiceáil go bhfuil plean curtha i gcrích ag 12,000 duine cheana féin, agus cur chuige réamhghníomhach á ghlacadh acu chun aire a thabhairt dá meabhairshláinte féin."

Cuireann FSS agus eagraíochtaí comhpháirtíochta réimse tacaíochtaí meabhairshláinte ar fáil. Ina measc seo tá tacaíochtaí téacs agus gutháin, comhairleoireacht phearsanta agus ar líne, cúrsaí rialaithe struis, cleachtaí análaithe, agus go leor eile. I gcás daoine atá ag lorg eolais ar roghanna tacaíochta, tabhair cuairt ar yourmentalhealth.ie nó glaoigh ar líne eolais Do Mheabhairshláinte FSS ar shaorghlao 1800 111 888, pé am lá nó oíche.


Nótaí: