English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Molann an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta HIQA as 15 bliana de rialáil tithe altranais

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Labhróidh an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, inniu le Comhdháil an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) agus iad ag comóradh 15 bliana de rialáil tithe altranais agus ag machnamh ar an gcéim thábhachtach seo i bhfeabhsú leanúnach an chórais cúraim chónaithe fhadtéarmaigh in Éirinn.

Dúirt an tAire Butler:

“Thug an chomhdháil seo deis iontach dúinn machnamh a dhéanamh ar ról ríthábhachtach HIQA maidir le monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh caighdeán rialála i dtithe altranais. Tacaíonn cigireachtaí HIQA le hardchaighdeáin a choinneáil laistigh den earnáil seo, ag cinntiú go bhfuil cúram sábháilte agus cuí á fháil ag cónaitheoirí i dtithe altranais ar fud na hÉireann."

Chinntigh an tAire Butler tiomantas láidir an Rialtais seo do sheirbhísí do dhaoine aosta de réir phrionsabail Sláintecare:

"Táim tiomanta do thacaíocht a thabhairt do dhaoine agus iad a chumasú chun rochtain a fháil ar na tacaíochtaí cearta, ag an am ceart, laistigh den tseirbhís sláinte. Léirítear é seo i mBuiséad 2025, rud a fhágfaidh go mbeidh an infheistíocht iomlán i seirbhísí do dhaoine scothaosta beagnach €3 bhilliún an bhliain seo chugainn. Is í seo an infheistíocht is mó i seirbhísí Daoine Scothaosta i stair an Stáit."

Leag an tAire Butler béim ar an obair leanúnach laistigh den Roinn Sláinte chun an creat rialála do thithe altranais a neartú agus chun tacú le comhlíonadh na Rialachán. Ina measc, tá:

  • An tAcht Sláinte (Forálacha Ilghnéitheacha) (Uimh. 2), 2024, a achtaíodh le déanaí, a thug isteach roinnt athruithe ar an Acht Sláinte 2007 chun cumhachtaí an Phríomhchigire a neartú.
  • An Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais (RSI) ar fiú €10 milliún í, a chabhraíonn le tithe altranais deonacha agus príobháideacha incháilithe trí rannchuidiú le hoibreacha chun comhlíonadh Rialachán 27 (Cosaint in aghaidh ionfhabhtaithe) agus Rialachán 28 (Réamhchúraimí dóiteáin) a fheabhsú.

Mar fhocal scoir, chuir an tAire Butler in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán le HIQA agus go n-aithníonn sí an obair chrua agus dúthracht na foirne HIQA chun tacú le soláthar cúraim ar ardchaighdeán do chónaitheoirí ag soláthraithe tithe altranais ar fud na tíre.