Molann an tAire Sláinte do theaghlaigh clárú ar son cúram LG do leanaí atá 6 agus 7
- Foilsithe: 11 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 15 Lúnasa 2023
Inniu, d'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, tús le clárú do chártaí cuairte LG do leanaí atá 6 agus 7. Ó inniu, Dé hAoine 11 Lúnasa 2023, tá scéim na gCártaí Cuairte LG do Leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois á leathnú chun go mbeidh scéim na gCártaí Cuairte LG do Leanaí faoi bhun 8 mbliana d'aois i gceist, ag soláthar cúram LG do pháistí faoi bhun 8 mbliana d'aois do leanaí in Éirinn. Léiríonn an gníomh seo an chéad chéim sa leathnú is mó i gcáilitheacht do chúram LG saor in aisce i stair na stáit a chlúdóidh breis is 500,000 duine.
Ag fógairt an tús le clárúcháin, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:
"Tá an-áthas orm tús a rá go gcuirfear tús le clárúcháin inniu do leanaí atá 6 bliana agus 7 mbliana d'aois don scéim leathnaithe Cártaí Cuairte LG do Leanaí faoi bhun 8 mbliana, fad is a bheidh uathshíniú ar chártaí cuairte LG reatha go dtí 8ú breithlá linbh. Soláthróidh an leathnú seo cúram LG saor in aisce do thart ar 78,000 leanbh ar aois 6 nó 7 ar fud na hÉireann a fhaigheann cúram LG faoi láthair ar bhonn príobháideach. Áiritheoidh sé seo nach mbeidh costas mar bhac ar chúram sláinte agus go soláthrófar tacaíocht riachtanach do theaghlaigh maidir leis na dúshláin ag baint leis an gcostas maireachtála. Is céim thábhachtach í seo i dtreo cúram sláinte uilíoch. "
Ó inniu, is féidir le tuismitheoirí leanaí atá 6 bliana agus 7 mbliana d'aois a chlárú chun cárta cuairte LG a fháil ar hse.ie. Le mórán leanaí, ní bheidh gá clárú a dhéanamh mar déanfaidh an FSS uathshíneadh ar chártaí linbh a bhain 6 bliana d'aois amach i ndiaidh 1 Iúil 2023.
Tá an leathnú seo tacaithe ag an gcomhaontú cinniúnach idir an Roinn Sláinte, an FSS agus Ceardchumann Dochtúirí na hÉireann, sínithe i Mí Iúil 2023 a chuir sraith tacaíochtaí airgeadais i bhfeidhm do LGanna.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Táimid tiomanta don chúram sláinte chun go mbeadh sé réasúnta do theaghlaigh. Tá deireadh curtha againn le táillí d'othair chónaitheacha, do leanaí ar dtús agus ansin do chách - ag sábháil suas le €800 do theaghlaigh in aghaidh na bliana. Tá an t-uasmhéid le híoc ag teaghlaigh faoin Scéim Íocaíochta Drugaí íslithe againn go dtí €80 in aghaidh na míosa. Táimid tar éis leanúint ar aghaidh chomh maith ag tógáil ar ár gcomhoibriú le Cleachtadh Ginearálta agus tar éis comhaontú a urrú le Ceardchumann Dochtúirí na hÉireann (CDÉ) a thacaíonn le LGanna chun níos mó baill foirne a earcú agus a choimeád chun freastal ar an éileamh. Táimid ag déanamh infheistíocht chun áiteanna traenála LG a mhéadú go suntasach, le fógra úrnua ag léiriú conas a mhéadódh áiteanna traenála faoi aon trian faoi 2024, agus táimid inár bpáirtithe anois leis an gColáiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann ar a scéim traenála LG neamh-AE rathúil atá ag soláthar achmhainn méadaithe láithreach. [*féach na sonraí thíos faoi Nóta do na hEagarthóirí].
"Is comhartha é an leathnú seo ar scéim na gCártaí Cuairte de gharsprioc tábhachtach fad is a soláthraímid teaghlaigh le rochtain ar chúram LG saor in aisce do leanaí suas le 7 mbliana d'aois, ag síneadh cúram ar feadh 2 bhliain sa bhreis i saol an linbh. Táim tiomanta i dtaobh é a áirithiú nach mbeadh an costas sin mar bhac ar chúram sláinte do leanaí. Trí chumas an linbh cuairt a thabhairt ar an LG saor in aisce a áirithiú, tugtar rochtain ar chúram sláinte ag an am ceart dóibh chun a gcuid sláinte agus folláine fhad-téarmach a áirithiú. "
Is é an leathnú ar chúram LG saor in aisce do leanaí atá 6 agus 7 an chéad chéim den leathnú i gcáilitheacht ar chúram LG gan táillí faoin gComhaontú LG 2023. Leanfar é le leathnú a dhéanamh ar chúram LG go daoine ag tuilleamh suas leis an ioncam airmheánach i Mí Mheán Fómhair agus Mí na Samhna i mbliana. San iomlán, meastar go bhfuil thart ar 500,000 duine aonair sa bhreis le bheith cáilithe faoin leathnú seo, 78,000 leanbh d'aois 6 agus 7 agus 430,000 duine aonair ag tuilleamh suas leis an ioncam airmheánach. Toisc gurb é seo an leathnú is mó riamh de cháilitheacht do chúram LG gan táillí geallta, is gá tús céimnithe a chur i bhfeidhm chun pulcadh lomán sa phróiseas iarratais a sheachaint. Tosóidh iarratis faoin leathnú ioncaim airmheánach in dhá thréimse, ar 11 Meán Fómhair agus 13 Samhain.
Nótaí
Faoin gComhaontú LG 2023, leathnaítear scéim na gCártaí Cuairte LG ó leanaí idir 0 agus 5 bliana d'aois, chun go mbeidh leanaí atá 6 agus 7 san áireamh. Athraíonn sé scéim na gCártaí Cuairte LG do Leanaí faoi bhun 6 bliana go scéim na gCártaí Cuairte LG do Leanaí faoi bhun 8 mbliana d'aois.
Le Cárta Cuairte LG do Leanaí faoi bhun 8 mbliana, beidh gach leanbh idir 0 agus 7 i dteideal ar chárta cuairte LG. Beidh leanaí i dteideal air go dtí an 8ú breithlá.
Osclóidh clárúchán do chártaí cuairte LG do leanaí faoi bhun 8 mbliana d'aois do leanaí atá 6 agus 7 ón Aoine 11 Lúnasa 2023.
Is féidir le tuismitheoir (nó caomhnóir) leanbh a chlárú do scéim na gCártaí Cuairte do Leanaí faoi bhun 8 mbliana ar líne, ón Aoine 11 Lúnasa 2023, ar hse.ie/GPVisitCards.
Dóibh san nach bhfuil ábalta clárú a dhéanamh ar líne, ofráileann an FSS tacaíocht agus roghanna clárú trí fhoirm iarratais a sheoladh sa phost nó ar ríomhphost.
Do mórán teaghlaigh le leanaí óga, ní bheidh gá clárú a dhéanamh do scéim na gCártaí Cuairte LG do Leanaí faoi bhun 8 mbliana. Tá socruithe déanta ag an FSS áirithíonn go mbeidh uathshíniú ar Chártaí Cuairte do Leanaí faoi bhun 6 bliana atá bailí go dtí Dé Sathairn 1 Iúil 2023. Tá breis is 250,000 leanbh le cártaí bailí roimh an 1 Iúil 2023, nach mbeidh ar a dteaghlaigh clárú a dhéanamh arís chun cúram LG a áirithiú go dtí a 8ú breithlá.
Dá mba rud é gur chas leanbh 6 bliana d'aois i ndiaidh 1 Iúil 2023, beidh uathshíniú ar an gcárta cuairte LG. Dá mba rud é gur chas leanbh 6 bliana d'aois roimh 1 Iúil 2023, bheadh orthu a bheith cláraithe do chárta cuairte LG do leanaí faoi bhun 8 mbliana.
Chun leanbh a chlárú do scéim na gCártaí Cuairte do Leanaí faoi bhun 8 mbliana, is é a bheidh ag teastáil ón tuismitheoir ná:
- an leanbh a bheith idir 0-7 go hiniatach
- don tuismitheoir agus don leanbh a bheith ina gcónaí, nó é a bheith ar intinn acu cónaí in Éirinn ar feadh níos mó ná 1 bliain
- an leanbh a bheith cláraithe le LG, atá cláraithe chun seirbhísí a sholáthar do scéim na gCártaí Cuairte do Leanaí faoi bhun 8 mbliana
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an linbh
- Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí an tuismitheora
Clúdaíonn cárta cuairte LG do leanaí faoi bhun 8 mbliana:
- Cuairteanna saor in aisce ar LG
- Measúnaithe ag aoiseann 2 agus 5
- Cuartaíocht bhaile LG
- Cúram práinne LG lasmuigh de ghnáthuaireanta
- Cúram do leanaí le plúchadh
Thug an Rialtas cúram LG saor in aisce isteach do leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois in Iúil 2015. Sa bhliain 2015, bhí 270,000 leanbh gur íoc a dteaghlaigh as cúram LG in Éirinn, i dteideal ar chúram LG faoi scéim na gCártaí Cuairte LG do Leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois.
I mbliana, de réir torthaí an Daonáirimh 2022, tá thart ar 277,000 leanbh in Éirinn i dteideal ar chúram LG saor in aisce faoi scéim na gCártaí Cuairte do Leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois, níl leanaí le cárta leighis san áireamh. Tá rochtain ag 90% de leanaí i dteideal ar chárta cuairte LG do leanaí faoi bhun 6 bliana d'aois ar chúram LG saor in aisce tríd an scéim.
Meastar go bhfuil thart ar 78,000 leanbh sa bhreis atá 6 agus 7 i dteideal faoin leathnú seo ar chúram LG saor in aisce. San iomlán, meastar go bhfuil thart ar 370,000 leanbh i dteideal ar scéim na gCártaí Cuairte do Leanaí faoi bhun 8 mbliana d'aois.
Déanfaidh Seirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil an FSS próiseáil ar chlárúcháin do chártaí cuairte LG do pháistí atá 6 agus 7, ar an gcaoi chéanna leis na clárúcháin faoi bhun 6, trína bpróiseas clárúcháin ar líne. De ghnáth déantar próiseáil ar chlárúcháin laistigh de 7-10 lá.