English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Molann an tAire Stáit Mary Butler do sholáthraithe tithe altranais éilimh a chur isteach don Scéim do Thithe Altranais (RSI)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Molann an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta do sholáthraithe tithe altranais éilimh a chur isteach sula ndúnfar An Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais (RSI) d'iarratais ar an 15 Samhain 2024.

  • Tá €10 milliún den Scéim Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais (RSI) ag cabhrú le tithe altranais chun feabhas a chur ar chomhlíonadh rialála maidir le cosc ionfhabhtaithe agus sábháilteacht ó dhóiteán
  • Tá suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais atá cáilithe le haghaidh oibreacha ábhartha faoin Scéim seo
  • Is féidir éilimh a chur isteach le haghaidh oibreacha incháilithe a rinneadh idir an 1 Eanáir 2020 agus an 15 Samhain 2024.

Leis an aidhm chun feabhas a chur ar chosc ionfhabhtaithe agus ar shábháilteacht ó dhóiteán i dtithe altranais príobháideacha agus deonacha, tá suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais atá cáilithe d’oibreacha struchtúrtha chun comhlíonadh a fheabhsú le Rialachán 27 (Cosaint in aghaidh ionfhabhtaithe) agus / nó Rialachán 28 (Réamhchúraimí Dóiteáin) de SI Uimh 415/2013, Acht Sláinte 2007 (Cúram agus Tacaíocht do Chónaitheoirí in Ionaid Ainmnithe do Dhaoine Scothaosta) Rialacháin 2013 (leasaithe).

Is féidir le tithe altranais a rinne oibreacha struchtúrtha faoin scéim seo costais na n-oibreacha seo a éileamh más rud é go ndearnadh iad idir an 1 Eanáir 2020 agus an 15 Samhain 2024, má chomhlíonann siad critéir na scéime. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta seo, agus ní chuirfear síneadh leis an scéim seo.

Dúirt an tAire Butler:

“Bhí an-áthas orm maoiniú a fháil i mBuiséad 2024 don Scéim nua Feabhsúcháin Sábháilteachta do Chónaitheoirí i dTithe Altranais agus impím ar gach teach altranais atá incháilithe iarratas a dhéanamh. Is cúis áthais dom a fheiceáil gur bhain tithe altranais i ngach contae tairbhe as an scéim seo go dtí seo agus, gur íocadh íocaíochtaí ar luach €6.5 milliún le 284 teach altranais go nuige seo

“Tá an scéim deartha chun tacú le tithe altranais príobháideacha agus deonacha chun feabhas a chur ar chosc ionfhabhtaithe agus ar shábháilteacht ó dhóiteán agus chun comhlíonadh na rialachán a chinntiú. Tuigim gur féidir le hoibreacha, a dhéantar chun comhlíonadh a fheabhsú, a bheith costasach do thithe altranais, go háirithe do thithe altranais níos lú, deonacha agus níos sine. Is í aidhm na scéime seo ná cuid den bhrú airgeadais a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh air seo a laghdú agus suas le €25,000 ar fáil do gach teach altranais atá cáilithe le haghaidh oibreacha incháilithe.

“Molaim d'aon teach altranais nach bhfuil iarratas déanta acu cheana a n-iarratais a chur isteach. De rogha air sin, murar bhain teach altranais leas as an €25,000 iomlán atá ar fáil agus má tá oibreacha incháilithe déanta aige, molaim dóibh éileamh eile a chur isteach.

"I gcónaí, dírím ar shábháilteacht agus ar fholláine na gcónaitheoirí. Tá sé tábhachtach go gcuirfí daoine aosta agus a dteaghlaigh ar a suaimhneas go gcomhlíonann ár n-áiseanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh na caighdeáin is fearr is féidir."

Tá sonraí na scéime, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, ar fáil ar shuíomhanna Gréasáin an FSS agus an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) .


Nótaí:

  • Déanfaidh an Roinn Sláinte maoirsiú ar an scéim agus tabharfaidh sí tuairisc don Aire Butler faoi oibriú na scéime.
  • Déanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an scéim a riaradh agus déanfaidh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) an próiseas iarratais a riar agus tacaíocht agus comhairle a sholáthar don FSS.
  • Déanfar íocaíochtaí gach ráithe.
  • Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta deiridh, an 15 Samhain 2024.