English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Molann Príomhoifigeach HSCP do chomhghleacaithe HSCP cur lena gcosaint le 'vacsaíní fliú agus COVID

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Nollaig 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá Príomhoifigeach HSCP, Fiona Steed ag moladh do HSCP eile, cur lena gcosaint in aghaidh an fhliú agus Covid trí vacsaíní a fháil.

Ag labhairt di agus a 'vacsaín fliú agus teanndáileog COVID faighte aici mar chuid den phiarchlár vacsaínithe in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, mhol an Príomhoifigeach HSCP do gach duine atá incháilithe, ach go háirithe comhghleacaithe HSPC, an deis a thapú chun a gcosaint a threisiú sula sroicheann séasúr an víris riospráide a bhuaicphointe.

Tugtar na vacsaíní d'oibrithe cúraim sláinte ag clinicí vacsaínithe siúil isteach agus ag dochtúir teaghlaigh nó cógaiseoir do dhaoine eile. Is féidir an dá vacsaín a thabhairt ag an am céanna.

Cuirfidh an clár vacsaínithe séasúrach na nithe seo a leanas ar fáil:

  • Vacsaín in aghaidh an fhliú atá ina sprae sróine dóibh siúd idir 2-17 mbliana d'aois
  • Vacsaín in aghaidh an fhliú in-insteallta do gach grúpa incháilithe eile

Tá teanndáileog COVID ar fáil freisin dóibh siúd atá 50 bliain d'aois agus os a chionn, agus do ghrúpaí áirithe eile, lena n-áirítear daoine atá imdhíon-lagaithe.

Dúirt an Príomhoifigeach HSCP, Fiona Steed:

“Is bealach sábháilte agus éifeachtach iad vacsaíní chun muid féin, ár dteaghlaigh agus daoine a bhaineann úsáid as ár seirbhísí a chosaint ó thinnis riospráide, a scaiptear timpeall ag an am seo den bhliain.

“Tá clinicí vacsaínithe siúil isteach, cosúil leis an áit a bhfuil mé inniu, ag feidhmiú ar fud na tíre d'oibrithe cúraim sláinte. Is bealach tapa, éasca é a bheith in ann an dá vacsaín a fháil ag an am céanna chun ár gcosaint a threisiú agus chun an baol de thinneas dáiríre a laghdú.

“Toisc go mbíonn baol níos mó ann go bhfaighidh páistí óga an fliú agus go mbíonn siad i bhfad níos tinne leis, mholfainn do thuistí an sprae sróine de 'vacsaín fliú a fháil dá bpáistí, a thugtar go tapa agus saor ó phian.”