Figiúirí míosúla na liostaí feithimh– Lúnasa 2025
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Meán Fómhair 2025
Foilsíodh na figiúirí is déanaí inniu maidir le liostaí feithimh ospidéil do mhí Lúnasa ag an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) agus léiríonn siad an dul chun cinn atá déanta trí chur chuige an phlean gníomhaíochta ilbhliantúil ó thaobh aghaidh a thabhairt ar thréimhsí fada feithimh le haghaidh cúraim. Léiríonn an tuarascáil ghníomhaíochta ospidéil is déanaí, arna foilsiú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), go bhfuil leibhéil mhéadaithe gníomhaíochta in ospidéil ann maidir le soláthar seirbhísí cúraim sceidealaithe agus seirbhísí cúraim neamhsceidealaithe.
Tá feabhsuithe suntasacha níos fadtéarmaí feicthe ag an tseirbhís sláinte ar thréimhsí feithimh ó cuireadh tús le cur chuige ilbhliantúil Phlean Gníomhaíochta na Liostaí Feithimh (WLAP) i Meán Fómhair 2021, lena n-áirítear laghdú de thart ar 56% ar líon na n-othar atá ag fanacht níos mó ná 12 mhí. Léiríonn an Plean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh (WLAP) 2025 a foilsíodh i mí Feabhra tiomantas an Rialtais amanna feithimh a laghdú d’othair, agus ar an gcaoi sin, rochtain ar chúram ospidéil a fheabhsú.
Bhí na méaduithe i líon na liostaí feithimh a bhí le feiceáil ag tús na bliana mar chuid de threocht ilbhliantúil a rabhthas ag súil leis ón mbrú ar an éileamh sa Gheimhreadh do chúram neamhsceidealaithe agus éigeandála agus leibhéil mhéadaithe na mbreoiteachtaí riospráide a bhí ann. Tá tionchar i gcónaí ag na méaduithe sin ar na liostaí feithimh i mbliana, agus baineann cion de na méaduithe atá ann le déanaí le réiteach ar shaincheist tuairiscithe nuair a cuireadh c. 7,000 othar le liosta feithimh OPD dá bharr sin.
Measann an FSS go mbeidh na méaduithe i líon na liostaí feithimh níos cobhsaí agus tiocfaidh feabhas ar fheidhmíocht de réir mar a shroichimid míonna deiridh na bliana. Tá comharthaí níos dearfaí sna figiúirí is déanaí and leanfaidh an Roinn le feabhsuithe a chur chun cinn, maidir le Liostaí Feithimh, trí theagmháil a dhéanamh le FSS agus CNCC. Áireofar leis seo rannpháirtíocht tríd an Tascfhórsa um Liostaí Feithimh, atá freagrach as rialachas agus cur i bhfeidhm WLAP 2025.
Tríd an Tascfhórsa, tá gníomhartha agus idirghabhálacha spriocdhírithe sonracha á gcur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar fheidhmíocht liostaí feithimh don chuid eile den bhliain. Tógann na bearta seo ar ghníomhartha atá ar siúl cheana féin agus áirítear leo úsáid iomlán Mhol Máinliachta Bhaile Átha Cliath Theas a bhrostú agus raon na speisialtachtaí a chlúdaíonn sé a leathnú, a chinntíonn go bhfeictear tuilleadh othar lasmuigh den liosta feithimh Othar Seachtrach tríd an gcóimheas New to Return a fheabhsú, chomh maith le conair an othair a bharrfheabhsú trí chur i bhfeidhm atreoruithe láraithe agus úsáid iomlán na mbeartas náisiúnta d’othair nár fhreastail (DNA) agus nach féidir leo freastal (CNA) a chur chun cinn.
Tá ospidéil ghéarmhíochaine na hÉireann ag seachadadh leibhéil níos airde gníomhaíochta agus ag cur cóireáil ar i bhfad níos mó othar ná riamh. Sa tuarascáil ghníomhaíochta rollach 12 mhí is déanaí ón ospidéal a d'fhoilsigh FSS, tugtar léargas ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus déantar na milliúin othar a fheiceáil agus a chóireáil gach bliain laistigh dár seirbhís ospidéil. Léirítear sa tuarascáil go raibh c. 4 mhilliún tinreamh OPD agus 1.93 tinreamh IPDC ó Mheitheamh 2024 go Bealtaine 2025. I gcomparáid leis na leibhéil ghníomhaíochta a soláthraíodh sa bhliain iomlán 2023, tá na figiúirí sin ina méaduithe de thart ar 10% ar ghníomhaíocht i Rannóga na nOthar Seachtrach (OPD) agus de thart ar 5% ar ghníomhaíocht maidir le hothair chónaitheacha agus othair cásanna lae (IDPC)
Chomh maith leis an gcúram pleanáilte seo, chuir ár n-ospidéil cóir leighis ar thart ar c. 1.86 milliún othar le linn na tréimhse céanna seo i gcúram éigeandála, rud a léiríonn méadú thart ar 10% ar an mbliain iomlán 2023 agus léiríonn sé na héilimh leanúnacha ar ár n-ospidéil. D’fhéadfadh roinnt cealuithe ar ghnáthaimh roghnacha a bheith mar thoradh ar thinreamh méadaithe RÉ agus ar éileamh méadaithe ar chúram neamhsceidealta, agus aithnítear an tionchar a bheidh aige sin ar othair.
Cé nach mian leis an tSeirbhís Sláinte fás a fheiceáil ar líon na ndaoine atá ag feitheamh ar chúram, tá gné dhearfach ag baint leis an bhfás ar líon na n-atreoruithe chuig ár seirbhísí ospidéil toisc go léiríonn sé go bhfuil rochtain ag daoine ar na seirbhísí atá de dhíth orthu, feasacht mhéadaithe ar sheirbhísí agus léiríonn sé leathnú ar sheirbhísí chomh maith.
Nótaí
Cuireadh tús leis an gcur chuige sa Phlean ilbhliantúil gníomhaíochta maidir le liostaí feithimh i Meán Fómhair 2021 chun liostaí feithimh agus tréimhsí feithimh ospidéil a laghdú agus athchóiriú a dhéanamh orthu ar bhealach inbhuanaithe.
Tá an rialtas tiomanta d’amanna feithimh a laghdú tuilleadh, ag díriú ar gach othar a bheith le feiceáil laistigh den sprioc Sláintecare de 10 seachtaine i gcás OPD (Rannóg na nOthar Seachtrach) agus 12 seachtaine do Chásanna IPDC (Othar Cónaitheach / Cásanna Lae) agus Ionscópacht Ghastraistéigeach (Scóipeanna IG).
Ag teacht leis an ngealltanas sin, tá maoiniú suntasach €420 milliún leithdháilte ar an bplean don bhliain 2025, €190 milliún don FSS agus €230 milliún don Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) san áireamh.
D’fhoilsigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill WLAP 2025 ar an 12 Feabhra agus leagann sé amach 25 ghníomh faoi na téamaí "Acmhainn a Sheachadadh", "Athchóiriú Cúraim Sceidealaithe a Chumasú" agus "Cúram Sceidealaithe a Athchóiriú."