Nuashonrú ar chruinniú an Aire Donnelly le SIAC
- Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 20 Meán Fómhair 2021
Bhí cruinniú táirgiúil ag an Aire Sláinte leis an gComhairle Chomhairleach um Chur i bhFeidhm Sláintecare (SIAC) tráthnóna inniu.
Thug an tAire Donnelly breac-chuntas ar thiomantas an Rialtais do chur i bhfeidhm Sláintecare, arb é ár treochlár é do Chúram Sláinte Uilíoch.
Ghabh an tAire buíochas le baill an SIAC as an tacaíocht a thug siad d’Oifig an Chláir Sláintecare.
Pléadh raon saincheisteanna maidir leis an gcur i bhfeidhm leanúnach.
Críoch