Nuashonrú ar sheachadtaí vacsaín COVID-19 - an 17 Márta 2021
- Foilsithe: 17 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
De réir straitéis chlár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann, déanfar gach vacsaín atá ar fáil a dháileadh a thapúla agus is féidir ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de, agus tús áite a thabhairt dóibh siúd is leochailí do COVID-19.
Tá an clár bunaithe ar phrionsabail na sábháilteachta, na héifeachtachta agus na cothroime, agus é ina chuspóir breoiteacht throm, daoine a thabhairt chun ospidéil agus básanna de bharr ionfhabhtú COVID-19 a laghdú.
Seo a leanas nuashonrú ar an líon iomlán vacsaíní a seachadadh go hÉirinn:
Amhail an 14 Márta, tugadh 617,050 dáileog de vacsaín in Éirinn.
Cuireadh vacsaíniú le Vacsaín AstraZeneca COVID-19 ar fionraí go sealadach an tseachtain seo (Seachtain 11). Is féidir teacht ar eolas breise anseo.
D’iarr déantúsóir vacsaín Moderna go gcoimeádtar 50% siar chun an dara dáileog a thabhairt. Ar an gcuma chéanna, tá an méid cuí maolán bailithe agus á choimeád siar do na vacsaíní eile lena chinntiú go bhfuil an dara dáileog ar fáil don tseachtain seo chugainn. Déantar thart ar 95% de na vacsaíní go léir atá ar fáil a thabhairt laistigh de sheacht lá i ndiaidh dóibh Éire a iontráil.
CRÍOCH