Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nuashonrú ar sheachadtaí vacsaín COVID-19 - Dé Céadaoin, an 12 Bealtaine 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 12 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

De réir straitéis chlár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann, déanfar gach vacsaín atá ar fáil a dháileadh a thapúla agus is féidir ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de, agus tús áite a thabhairt dóibh siúd is leochailí do COVID-19.

Tá an clár bunaithe ar phrionsabail na sábháilteachta, na héifeachtachta agus na cothroime, agus é ina chuspóir breoiteacht throm, daoine a thabhairt chun ospidéil agus básanna de bharr ionfhabhtú COVID-19 a laghdú.

Seo a leanas nuashonrú ar an líon iomlán vacsaíní a seachadadh go hÉirinn, go dtí Dé Domhnaigh, an 9 Bealtaine 2021, an lá sin san áireamh.

Period Pfizer Moderna AstraZeneca Janssen Total
To end March 2021 737,100 109,200 340,800 1,187,100
Week 14 ending 11 April 2021 135,720 135,720
Week 15 ending 18 April 2021 136,890 34,800 14,400 14,400 200,490
Week 16 ending 25 April 2021 136,890 19,200 36,000 192,090
Week 17 ending 2 May 2021 191,880 22,800 174,800 12,000 401,480
Week 18 ending 9 May 2021 182,520 32,400 214,920
Total 1,521,000 218,400 566,000 26,400 2,331,800

Amhail Dé Luain, an 10 Bealtaine, tá 1,882,635 dáileog de vacsaín tugtha in Éirinn, agus tá ar a laghad dáileog amháin faighte ag breis agus 35% den daonra 16 bliana d’aois agus níos sine.

D’iarr Moderna Inc go gcoimeádtar 50% dá vacsaín siar chun an dara dáileog a thabhairt. Ar an gcuma chéanna, tá an méid cuí maolán bailithe agus á choimeád siar do na vacsaíní go léir eile lena chinntiú go bhfuil an dara dáileog ar fáil don tseachtain seo chugainn.

CRÍOCH