English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn Airí Sláinte Donnelly, Butler agus Feighan Seirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí nua go hoifigiúil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Samhain 2022
  • An t-eolas is déanaí: 7 Samhain 2022
  • **Soláthróidh an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí (NFMHS) cúram do 170 othar ar an gcampas, chomh maith le seirbhísí pobail agus príosúin in-rochtana
  • **Is mór an t-éacht é an Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar (CMH) a athlonnú chuig saoráid úrscothach, shaintógtha i bhforbairt seirbhísí meabhairshláinte.
  • **Beidh Seirbhís Meabhairshláinte Fóiréinsí Leanaí agus Ógánach (FCAMHS) agus Aonad Athshlánúcháin Dianchúraim (ICRU) lonnaithe ar an láthair freisin
  • **Tá NFMHS ar cheann de na cinn is nua-aimseartha go hidirnáisiúnta agus is é an tionscadal caipitil sláinte is mó lasmuigh de chóras na nOspidéal Géarmhíochaine Ginearálta, ar chostas os cionn €200 milliún.

D'oscail an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD, an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD agus an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí Frank Feighan TD an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí (NFMHS) nua go hoifigiúil i bPort Reachrann, Co. Bhaile Átha Cliath ag fógairt tús le ré nua i seirbhísí meabhairshláinte agus i meabhairshláinte fóiréinseach in Éirinn.

Seachadann athlonnú an Phríomh-Ospidéil Mheabhair-Ghalar (CMH) i nDún Droma go dtí an tsaoráid úrscothach shaintógtha nua seo, gealltanas sa Chlár Rialtais agus is príomhchuspóir é de Chomhfhís, an beartas náisiúnta meabhairshláinte. Tá críochnú na saoráide nua seo mar bhonn agus taca ag nuashonrú an Achta Meabhair-Shláinte 2001 agus is éacht mór é i bhforbairt seirbhísí meabhairshláinte.

Leis an gcampas nua fóiréinseach is féidir seirbhís nua-aimseartha meabhairshláinte fóiréinsí a chur ar fáil agus cuireann sé líonra saoráidí fóiréinseacha ar fáil chun idirghabháil chuí thráthúil a cheadú.

Ag labhairt dó ag an oscailt oifigiúil, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly:

“Is lá suntasach agus stairiúil é seo do sheirbhís sláinte na hÉireann. Tugann an tsaoráid nua iontach seo fíor-athrú riachtanach ar shaol na ndaoine is leochailí inár sochaí.

“Athdhearbhaíonn an oscailt seo tiomantas an Rialtais gur chóir cúram sláinte a sholáthar don ghrúpa leochaileach seo de réir na luachanna, na bprionsabal agus na gcineálacha cur chuige céanna a bhaineann le gach duine eile sa tsochaí.

“Tuigtear inniu fís, iarrachtaí agus dóchas an oiread sin daoine thar na blianta – iad siúd a oibríonn inár seirbhísí meabhairshláinte, iad siúd a úsáideann na seirbhísí sin agus iad siúd a d'oibrigh go dian ar a son."

Tiocfaidh an tsaoráid nua i bPort Reachrann in áit an Phríomh-Ospidéil Mheabhair-Ghalar (CMH) i nDún Droma atá 172 bliain d'aois le Seirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí. Nuair a bheidh an tsaoráid ag feidhmiú go hiomlán cuirfidh sí cúram ar fáil do 170 othar ar an gcampas.

Cuirfidh an NFMHS seirbhís náisiúnta meabhairshláinte treasach ar fáil. Oibreoidh sé le seirbhísí áitiúla meabhairshláinte i ngach cearn den tír agus le for-rochtain chuig príosúin/cúirteanna tríd an tSeirbhís Idirchaidrimh Cúirteanna agus Inrochtana Príosúin (PICLS) dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte ardleibhéil acu. Áirítear leis an tsaoráid nua CMH nua 130 leaba, Aonad Athshlánúcháin Dianchúraim (ICRU) 30 leaba agus aonad Seirbhíse Meabhairshláinte Fóiréinsí Leanaí agus Ógánach (FCAMHS) 10 leaba.

Ag labhairt di ar maidin, dúirt an tAire Stáit le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler TD:

“Is lá dearfach é seo do sheachadadh seirbhísí meabhairshláinte in Éirinn. Le hoscailt an lae inniu tá gealltanas an Chláir Rialtais á chomhlíonadh againn chun an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí nua a oscailt i bPort Reachrann.

“Tá sé seo ar cheann de na saoráidí meabhairshláinte fóiréinsí is nua-aimseartha san Eoraip agus cuireann sé deiseanna nua ar fáil chun cúram agus torthaí den chaighdeán is airde a sholáthar do chuid de na cásanna meabhairshláinte is casta agus is leochailí in Éirinn. Léiríonn sé an tionscadal caipitil sláinte is mó riamh lasmuigh de chóras na n-ospidéal Géarmhíochaine Ginearálta ar chostas os cionn €200 milliún.”

“Tá sé tábhachtach, do dhaoine a úsáideann an tseirbhís agus dá dteaghlaigh, go dtacóidh an tsaoráid nua le seachadadh feabhsaithe cúraim atá dírithe ar an duine agus a mbeidh cearta an duine mar bhonn agus thaca aici. Fáiltím go háirithe roimh aonad nua ainmnithe do mhná amháin de réir an chleachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta is fearr.

“Táim ag tnúth le rolladh amach iomlán an Aonaid Dianchúraim Athshlánúcháin 30 leaba (ICRU) agus an aonaid CAMHS 10 leaba atá ar an gcéad aonad dá leithéid in Éirinn. Tá siad le hoscailt ar bhonn céimnithe idir 2023-2024."

Is é an coincheap dearaidh don tsaoráid nua ná tacú leis na bunróil an chúraim theiripigh agus na slándála le dínit, ag seachadadh ospidéal uathúil den scoth ina gcuimsítear na prionsabail is fearr a bhaineann le dearadh cúram meabhairshláinte ardslándála.

Ag labhairt dó ar maidin, dúirt an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí Frank Feighan TD:

“Fáiltím roimh oscailt an ospidéil nua meabhairshláinte. Is féidir le daoine a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha meabhairshláinte acu fadhbanna andúile a bheith acu freisin, rud dá ngairtear dédhiagnóis. Tá feabhas a chur ar sheirbhísí meabhairshláinte do phríosúnaigh a bhfuil dédhiagnóis acu mar chuid de chonairí cúraim comhtháite a fhorbairt d'úsáideoirí drugaí ardriosca, ar tosaíocht straitéiseach í sa straitéis náisiúnta frithdhrugaí. Tá súil agam go n-éascóidh an tsaoráid nua cur chuige comhcheangailte ó ghairmithe, ag cur cúram sláinte ar fáil do phríosúnaigh a bhfuil dédhiagnóis ag dul dóibh. Tá deis ann an tseirbhís sláinte seo a nascadh le clár cliniciúil dédhiagnóis FSS, ionas gur féidir le príosúnaigh leanúint ar aghaidh ag fáil tacaíochta ó shainseirbhísí meabhairshláinte sa phobal nuair a scaoiltear amach iad.”


Nótaí d’Eagarthóirí

An tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí (NFMHS)

I dteannta an Aonaid Athshlánúcháin Dianchúraim (ICRU) agus na Saoráide Meabhairshláinte Fóiréinsí Leanaí agus Ógánach (FCAMHS), cuirfidh an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí (NFMHS) cúig bhraisle de chúram meabhairshláinte fóiréinseach ar fáil freisin, lena n-áirítear Aonad Réamhscaoilte, Aonad Mná, Aonad Míchumais Intleachtúil Meabhairshláinte (MHID-F), Aonad Ard-slán agus Aonad Meán-slán.

Tá 130 seomra leapa d'othair aonair leagtha amach i mbardaí beaga timpeall ar spásanna comhroinnte laistigh agus lasmuigh, ina mbíonn comhghníomhaíochtaí agus teiripí ar siúl.

Cuireann 'sráidbhaile' áiseanna áineasa comhroinnte ar fáil, lena n-áirítear limistéar gairneoireachta, ionad aclaíochta, ceardlann adhmadóireachta agus seomra ceoil, agus tugann sraith clóis agus gairdíní imill shlána rochtain dhíreach d'othair ar an dúlra ó gach barda. Tá seirbhísí teiripeacha meabhairshláinte, Dochtúir Teaghlaigh agus fiaclóir sa tsráidbhaile freisin.

Soláthróidh sé timpeallacht a thacaíonn go dearfach le téarnamh othar agus lena chois sin:

  • Cinnteoidh sé go bhfuil othair ina gcónaí i gcóiríocht atá oiriúnach dá riachtanais, rioscaí agus do chaighdeáin nua-aimseartha cúraim sláinte
  • Feabhsóidh sé cáilíocht beatha na n-othar agus na gcúramóirí a úsáideann na seirbhísí
  • Méadóidh sé líon na leapacha ard-slána agus meán-slána de réir comparáidí idirnáisiúnta agus riachtanas náisiúnta
  • Soláthróidh sé sainchúram slán d'othair MHID-F & CAMH-F
  • Nuachóireoidh agus feabhsóidh sé cleachtas cliniciúil
  • Laghdóidh sé costais oibriúcháin na seirbhíse pro rata agus costais do FSS maidir le socrúchán othar sa Ríocht Aontaithe, i bpríosúin agus i seirbhísí eile FSS