English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an tAire Donnelly Clinic nua Gínéiceolaíochta Siúlach agus svuít bhreithe Baile-ón-mBaile in Ospidéal Ollscoile Shligigh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Feabhra 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Infheistíodh €1.1 milliún i gClinic nua Gínéiceolaíochta Siúlach do Réigiún Shligigh agus an Iarthuaiscirt
  • Infheistíocht €100,000 curtha ar fáil do svuít bhreithe Baile-ón-mBaile nua Suimhneas
  • Tionchar dearfach ag clinic ar fhigiúirí liosta feithimh othar seachtrach d'Ospidéal Ollscoile Shligigh –bíonn fíorthionchar ar shaol na mban ag laghduithe in amanna feithimh i réigiún an Iarthuaiscirt

D'oscail an tAire Sláinte, Stephen Donnelly clinic Gínéiceolaíochta Siúlach nua agus svuít bhreithe Baile-ón-mBaile nua in Ospidéal Ollscoile Shligigh go hoifigiúil inniu. Tá os cionn €1.1 milliún infheistithe chun na breiseanna suntasacha seo a chur ar fáil do sheirbhísí gínéiceolaíochta agus máithreachais do Réigiún Shligigh agus an Iarthuaiscirt.

Is tosaíocht don Aire í sláinte na mban a chur chun cinn agus tá infheistíocht shuntasach déanta chun seirbhísí sláinte na mban a chur chun cinn ó 2020 i leith. Cuireadh €16 milliún de mhaoiniú forbartha nua ar fáil don Straitéis Náisiúnta Máithreachais in 2021 agus 2022.

Soláthraíonn clinicí Gínéiceolaíochta Siúlacha samhail chúraim ilfhreastail "féach agus cóireáil" do mhná. Tá thart ar 70% d'atreoruithe ginearálta gínéiceolaíochta oiriúnach don suíomh siúlach. Tá na clinicí seo ag cabhrú le:

  • rochtain ar sheirbhísí gínéiceolaíochta a fheabhsú.
  • riachtanas maidir le sraith choinní gínéiceolaíochta a laghdú.
  • inbhuanaitheacht an tsoláthair seirbhíse a chinntiú amach anseo, agus
  • torthaí cliniciúla a fheabhsú.

Dúirt Stephen Donnelly, an tAire Sláinte:

“Is tosaíocht í Sláinte na mBan a chur chun cinn laistigh de Chlár an Rialtais, agus is príomhthosaíocht domsa mar Aire Sláinte í. Tá bród orm go ndearna mé maoirseacht ar leibhéil mhaoinithe gan fasach i seirbhísí sláinte na mban. Tá a fhios agam gur feabhas dearfach, ar an talamh é an clinic nua seo a dhéanfaidh difríocht mhór do mhná Shligigh agus an Iarthuaiscirt."

Bhí tionchar dearfach ag an gclinic seo cheana féin ar fhigiúirí liosta feithimh na n-othar seachtrach d'Ospidéal Ollscoile Shligigh. Tá laghdú tagtha ar amanna feithimh i ngach catagóir, rud a fhágann go mbíonn tionchar mór acu ar shaol na mban sa réigiún seo.

Cuireadh infheistíocht de níos mó ná €100,000 ar fáil don svuít bhreithe Baile-ón-mBaile nua seo Suimhneas. Tá an Conair Cúraim Thacaithe seo ag cur rogha ar fáil do thimpeallacht do mhná atá cosúil lena mbaile féin agus iad ag saolú linbh — agus is rogha é do mhná, le cásanna íseal-riosca, chun cúram a fháil atá stiúrtha agus curtha ar fáil ag cnáimhseacha.

Bhain Sligeach tairbhe freisin as mol píolótach iarbhreithe a osclaíodh i mí na Samhna 2023. Nuair a roghnaíonn mná páirt a ghlacadh ann, cuirtear scrúdú sláinte iomlán ar mháthair agus leanbh, chomh maith le machnamh breithe, measúnú agus tacaíochtaí beathaithe naíonán, agus cur chun cinn sláinte ginearálta amach anseo. Bhí an t-aiseolas a bailíodh ó mhná an-dearfach faoin tacaíocht sin.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire Donnelly:

“Is pribhléid í a bheith mar chuid de na forbairtí seo agus na fíorfheabhsuithe ar rochtain agus rogha atá ar fáil do mhná a fheiceáil anseo inniu tríd an Straitéis Náisiúnta Máithreachais agus Plean Gníomhaíochta Sláinte na mBan a chur i bhfeidhm."

Chuir an tAire a bhuíochas in iúl d'obair dhíograiseach na foirne i Sligeach agus don Chlár Náisiúnta Sláinte do Mhná agus Naíonáin (NWIHP) a spreag soláthar na seirbhísí seo.


Nótaí:

Clinicí Gínéiceolaíochta Siúlacha

Tá an tSamhail Chúraim de Chlinicí Gínéiceolaíochta Siúlacha dírithe ar líonra de chlinicí gínéiceolaíochta ilfhreastail "féach agus cóireáil" a bhunú. Tá thart ar 70% d'atreoruithe ginearálta gínéiceolaíochta oiriúnach don suíomh siúlach.

Feabhsaíonn clinicí gínéiceolaíochta siúlacha rochtain ar sheirbhísí gínéiceolaíochta agus laghdaíonn siad an gá atá le sraith choinní gínéiceolaíochta fosta.

Léiríonn figiúirí liosta feithimh na n-othar seachtrach d'Ollscoil Shligigh laghdú suntasach ar na liostaí feithimh i ngach catagóir ó osclaíodh an clinic seo.Tá Sligeach ar cheann de shé cinn déag de chlinicí gínéiceolaíochta "féach agus cóireáil" atá ag feidhmiú ar fud an líonra máithreachais. Tá obair ar bun faoi láthair le gréasán fiche clinic a fhorbairt agus beidh tuilleadh clinicí ag feidhmiú in 2024.

Svuít Bhreithe Baile-ón-mBaile

Tá dul chun cinn suntasach déanta sna sála ar an Straitéis Náisiúnta Máithreachais 2016-2026 maidir le soláthar seirbhísí máithreachais, lena n-áirítear breis agus 500 ball foirne lánaimseartha a earcú ar fud seirbhísí máithreachais ó 2017 i leith.

Leithdháil an Rialtas €16 milliún de mhaoiniú forbartha nua ar an straitéis in 2021 agus 2022. B'ionann sin agus an infheistíocht aonair is mó sa Straitéis ó foilsíodh í in 2016.

Príomhfhís den Straitéis is ea Samhail Nua Chúraim mháithreachais a chur ar bun. Tá trí chonair chúraim curtha i bhfeidhm anois: Tacaithe, Cuidithe agus Speisialaithe.

  • Is cnáimhseacha a sholáthraíonn an chonair chúraim tacaithe agus tá sé deartha do mhná a bhfuil toircheas gnáthriosca acu.
  • Tá an chonair chúraim chuidithe beartaithe do mháithreacha agus do naíonáin a mheastar a bheith i mbaol meánach, agus do mhná gnáthriosca dá rogha féin. Tá obstatraí i gceannas ar an gconair seo agus cuireann foireann ildisciplíneach ar fáil é.
  • Tá an chonair chúraim speisialaithe beartaithe do mháithreacha agus do naíonáin ardriosca, faoi stiúir obstatraí ainmnithe, agus curtha ar fáil ag foireann ildisciplíneach níos speisialaithe.

Cuireann an tsvuít Suimhneas i Sligeach an rogha ar fáil do mhná do chonair chúraim tacaithe dóibh siúd a bhfuil toircheas gnáthriosca acu.

Moil Iarbhreithe

Le maoiniú tríd an Straitéis Náisiúnta Máithreachais agus tríd an gCiste Sláinte do Mhná, bhíothas in ann seirbhís phíolótach mol iarbhreithe a bhunú i Sligeach, ar cuireadh tús léi ar an 12 Samhain 2023.

Cuireann an tseirbhís seo coinne athbhreithnithe iarbhreithe ar fáil do gach bean sula scaoiltear amach as an mbarda iarbhreithe í. Áirítear leis seo scrúdú sláinte iomlán ar mháthair agus leanbh, chomh maith le machnamh breithe, measúnú agus tacaíochtaí beathaithe naíonán, plé ar roghanna maidir le toircheas sa todhchaí, agus cur chun cinn sláinte ginearálta. Chomh maith leis sin, tá bean chabhrach ar fáil Luan-Aoine chun tacaíocht iarbhreithe teileafóin a chur ar fáil do mhná. Thaitin na coinní seo leis na mná, atá buíoch as an tacaíocht bhreise struchtúrtha iarbhreithe.

Is é an cuspóir atá leis na moil seo a bhunú ná go mbeidh rochtain ag gach bean ar réimse cuimsitheach seirbhísí laistigh den phobal ar feadh na tréimhse idir 10 agus 14 lá tar éis na breithe, beag beann ar chonair chúraim nó fad fanachta tar éis na breithe.