English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Osclaíonn an tAire Sláinte cruinniú tionscnaimh an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Scagthástála

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Samhain 2019
  • An t-eolas is déanaí: 18 Samhain 2019

D’oscail Simon Harris TD, an tAire Sláinte, cruinniú tionscnaimh an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Scagthástála inniu.

Dúirt an tAire Harris,

“Bhí sé de phléisiúr agam freastal ar an gcéad chruinniú de chuid an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Scagthástála ar maidin. Tá raon leathan saineolais agus taithí ag na comhaltaí den Choiste, a thagann ó roinnt cúlraí éagsúla. Tá saineolaithe againn ó réimsí amhail leigheas, an dlí, eacnamaíocht sláinte, iriseoireacht agus polaitíocht, mar aon le cuid mhór réimsí eile, agus tá beirt chomhaltaí eile ann a dhéanann ionadaíocht don phobal.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo go léir as ceannaireacht a thaispeáint agus iad ag glacadh leis an ról seo. Cé gurb eol go maith na dúshláin atá ann, creidim go láidir go n-imreoidh an coiste seo ról ríthábhachtach in oideachas a chur ar dhaoine faoin scagthástáil agus, rud tábhachtach, sa ghlacadh leis an scagthástáil a mhéadú sa tír.

“Sábhálann an scagthástáil beathaí agus is gá dúinn í a chosaint. Mar Aire, táim lántiomanta do sheirbhísí riachtanacha scagthástála a chothú agus do mhuinín a choinneáil as ár gcláir scagthástála. Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an gCoiste ina leith sin.”

Dúirt an tOllamh Niall O’Higgins, Cathaoirleach an Choiste:

“Ag teacht sna sála ar an moladh a rinneadh sa tuarascáil ón Dr Scally, ghníomhaigh an tAire go tapa chun an Coiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála a cheapadh agus a chur de dhualgas ar an gCoiste comhairle a thabhairt dó maidir le tograí nua agus maidir le cláir scagthástála atá ann cheana.

“Tá rún daingean ag na comhaltaí den Choiste an ról atá acu a chur i gcrích go héifeachtach. Agus leas á bhaint as scóip agus doimhneacht an tsaineolais atá ar fáil, táthar ag iarraidh na cláir atá i bhfeidhm a athbheochan, cláir nua a mholadh agus muinín an phobail a athghnóthú as an scagthástáil sláinte. Is cur chuige é sin a bhfuil cruthúnas ann go méadaíonn sé marthanas agus go laghdaíonn sé drochshláinte i gcás cuid mhór galar a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach.”

Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Scagthástála

  • An tOllamh Niall O’Higgins, Ollamh Emeritus le Máinliacht, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Comhaltaí an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Scagthástála

  • An Dr Abigail Collins, Lia Comhairleach i Leigheas Sláinte Poiblí, an Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse
  • An Dr John Ward, Raideolaí Comhairleach, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh
  • An Dr Mary Codd, Ollamh Comhlach le hEipidéimeolaíocht agus Bithstaidreamh, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
  • An Dr Sheelagh McGuinness, Léitheoir Dlí, Scoil Dlí Ollscoil Bhriostó
  • An Dr Velma Harkins, Lia-chleachtóir Ginearálta, Uíbh Fhailí
  • An tOllamh Andrew Green, Lia Comhairleach i nGéineolaíocht Chliniciúil agus Ollamh le Géineolaíocht Leighis, Ospidéal Mhuire na Leanaí.
  • An Dr James O’Mahony, Ollamh Taighde Cúnta, an Lárionad um Beartas agus Bainistíocht Sláinte, Scoil an Leighis, Coláiste na Tríonóide
  • Martina Fitzgerald, Iriseoir
  • Irene Regan, Príomheolaí Leighis, Ospidéal Mhuire na Leanaí
  • John Gleeson, Aturnae agus iar-chomhpháirtí in Mason Hayes and Curran Solicitors
  • An Dr Susan Kent, Stiúrthóir Náisiúnta Cúnta, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus iar-LeasPhríomhoifigeach Altranais, an Roinn Sláinte
  • An Dr Keelin O’Donoghue, Cnáimhseoir agus Gínéiceolaí Comhairleach, Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Corcaigh
  • An Dr Ellen Crushell, Péidiatraí Comhairleach le sainspéis i Neamhoird Mheitibileacha Dúchais, Sráid Temple, Ospidéal Ollscolaíoch na Leanaí agus Ospidéal Mhuire na Leanaí
  • An Dr Paul D’Alton, Ollamh Comhlach agus Príomhshíceolaí Cliniciúil, Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann.
  • An Dr Paul Kavanagh, Lia Comhairleach i Leigheas Sláinte Poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
  • Anne Burke (Ionadaí don Phobal)
  • Jillian van Turnhout (Ionadaí don Phobal)
  • An tOllamh Michael Rigby, Ollamh Emeritus leis an Straitéis Faisnéise Sláinte, Ollscoil Keele.
  • An tOllamh Ciaran O’Neill, Ollamh le hEacnamaíocht Sláinte, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Nótaí don Eagarthóir

  • Moladh i dTuarascáil Scally ar an gClár Scagthástála Ceirbheacs (CervicalCheck) (Meán Fómhair 2018) go gcuirfí Coiste Náisiúnta Scagthástála ar bun chun comhairle a thabhairt don Roinn Sláinte agus don Aire maidir le gach togra nua le haghaidh cláir scagthástála agus maidir le hathruithe ar chláir atá ann cheana.
  • Tabharfaidh an Coiste sainchomhairle neamhspleách le linn breithniú a dhéanamh ar chláir scagthástála daonrabhunaithe in Éirinn. Ag gníomhú dó i gcomhréir leis an dea-chleachtas agus chun a chinntiú go mbainfear úsáid chuí as na hacmhainní finideacha atá ar fáil, déanfaidh an Coiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála na nithe seo a leanas:

-Modheolaíocht chomhaontaithe a chur chun feidhme go héifeachtach le haghaidh glacadh le hiarratais a bhaineann le breithniú a dhéanamh ar chláir nua scagthástála daonra nó ar athruithe ar chláir atá ann cheana;

-Próiseas beartú tosaíochta a chomhaontú agus a chur chun feidhme le haghaidh breithniú a dhéanamh ar chláir nua scagthástála daonra nó ar athruithe ar chláir atá ann cheana;

-Córas láidir trédhearcach a fhorbairt agus a chur chun feidhme le haghaidh cláir fhéideartha scagthástála daonrabhunaithe a mheas in aghaidh tacar critéar atá aitheanta go hidirnáisiúnta;

-Na moltaí uaidh agus an réasúnaíocht taobh thiar de thorthaí a phléití a chur in iúl go soiléir don Roinn Sláinte, do gheallsealbhóirí agus don phobal;

  • Beidh ról straitéiseach lárnach ag an gCoiste maidir le cláir scagthástála daonra in Éirinn a fhorbairt. Ní bheidh aon ról feidhmiúcháin aige, áfach. Is é sin le rá, ní bheidh aon ról oibríochtúil aige i leith gnáthchúrsaí gnó. Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bheidh freagrach as oibríochtaí laethúla go fóill.

CRÍOCH