Páipéar tábhachtach foilsithe ag an Aire Sláinte maidir le forordú antaibheathaigh neamhriachtanach a laghdú
- Foilsithe: 30 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 3 Meán Fómhair 2024
D'fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly páipéar taighde inniu dar teideal 'Changing Behaviour: Reducing Unnecessary Antibiotic Prescribing'.
Léiríonn an t-athbhreithniú córasach agus an mheatanailís, a rinne an tAonad Straitéiseach Taighde agus Meastóireachta sa Roinn Sláinte, i gcomhar le hOllscoil Luimnigh, an chaoi ar laghdaigh athrú iompair forordú na n-oideas antaibheathach faoi 21%.
Rinne sé meastóireacht ar fhianaise idirnáisiúnta thar 22 triail rialaithe idirnáisiúnta agus 23,000 comhairliúchán othar, chun meastacháin a sholáthar ar thionchar foriomlán ag idirghabhálacha athraithe iompair, agus é mar aidhm aige oideasú neamhriachtanach a laghdú.
Cabhróidh an páipéar le bonn eolais a chur faoi obair leanúnach na Roinne maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (AMR), a tharlaíonn nuair nach n-oibríonn cógais fhrithmhiocróbacha in aghaidh baictéar, víreas, fungas agus seadán a thuilleadh. Rangaíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) AMR mar cheann de na 10 mbagairt is mó ar shláinte an phobail. Is bagairt shuntasach í dár seirbhís sláinte mar gheall ar roghanna cóireála laghdaithe d'ionfhabhtuithe, agus cuireann sé ualach mór airgeadais ar an Stát ag an am céanna. Meastar roimhe seo go gcosnóidh AMR €12 milliún ar a laghad in aghaidh na bliana ar sheirbhís sláinte na hÉireann agus meastar go bhfuair 215 duine bás mar gheall air laistigh de bhliain.
Is cuspóir straitéiseach de Phlean Gníomhaíochta Domhanda WHO 2015 agus den Dara Plean Gníomhaíochta One Health na hÉireann ar Fhrithsheasmhacht In Aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2021-2025 (iNAP2) é taighde AMR a chur chun cinn.
Ag labhairt dó faoin bhfoilseachán, dúirt an tAire Donnelly:
“Tá a fhios againn go bhfuil ról ríthábhachtach ag an eolaíocht iompraíochta chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt AMR trí oideasú neamhriachtanach a laghdú, agus tugann an Páipéar atá á fhoilsiú agam inniu léargais úsáideacha chun cabhrú le hobair na hÉireann dul i ngleic leis an riosca suntasach sláinte poiblí seo.
"Chun ár ndaonra, agus ár seirbhís sláinte a chosaint, ní mór dúinn a chinntiú nach bhforordaítear antaibheathaigh ach amháin nuair is gá agus nuair is cuí chun friotaíocht a íoslaghdú agus chun a chinntiú gur féidir le hothair leanúint orthu á dtógáil nuair a theastaíonn siad uathu i ndáiríre."
Dúirt an Príomhoifigeach Altranais, Rachel Kenna:
“Is cuspóir straitéiseach tábhachtach é taighde ar AMR sa dara Plean Gníomhaíochta One Health na hÉireann ar Fhrithsheasmhacht In Aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach (iNAP2).
“Agus muid ag ullmhú d'fhorbairt an chéad Phlean Gníomhaíochta One Health eile, cuireann an Páipéar seo leis an gcorpas sonraí atá ag dul i méid a chabhróidh lena chinntiú go bhfuil straitéis na hÉireann bunaithe ar an bhfianaise idirnáisiúnta is fearr atá ar fáil."
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis Eatramhach, an tOllamh Mary Horgan:
“Léiríonn an toradh seo sa Pháipéar seo gur laghdaigh idirghabhálacha d’athruithe iompair oideas antaibheathach faoi 21%, thar 22 staidéar agus 23,000 comhairliúchán othar.
“Is saincheist chasta thrasearnála í dul i ngleic le hAMR, ach soláthraíonn an taighde seo fianaise luachmhar ar ról tábhachtach na n-oideasóirí, rud a léiríonn conas is féidir le hoideachas agus le hoiliúint chumarsáide do Dhochtúirí Ginearálta (DGanna), le huirlisí tacaíochta cinntí agus le forordú moillithe ag dochtúirí teaghlaigh an úsáid d’antaibheathaigh neamhriachtanacha a laghdú."
Nótaí:
Is féidir cóip de 'Changing Behaviour: Reducing Unnecessary Antibiotic Prescribing. A Systematic Review and Meta-analysis' a fheiceáil Item was unpublished or removed
Sa Pháipéar seo, bhí athbhreithniú córasach agus meatanailís curtha ar fáil chun an cheist a fhreagairt, an féidir le hidirghabhálacha athraithe iompair oideasú antaibheathach neamhriachtanach a laghdú? Rinne sé cuardach struchtúrtha ar pháipéir taighde foilsithe agus athbhreithniú á dhéanamh orthu. Rinne sé iarracht gach fianaise eimpíreach a bhailiú a d'oirfeadh do na critéir incháilitheachta réamhshonraithe atá leagtha amach ag na húdair. Tá an cineál staidéir seo, ar a dtugtar athbhreithniú córasach, difriúil ó ghnáth léirbhreithniú ar an litríocht, toisc go raibh plean agus straitéis chuardaigh mhionsonraithe agus chuimsitheach i gceist leis, agus é mar aidhm aige claonadh a laghdú trí gach staidéar ábhartha a aithint, a mheas agus a shintéisiú. Ansin chuir an Páipéar torthaí le chéile ó thrialacha rialaithe randamaithe iolracha (an t-órchaighdeán chun staidéar a dhéanamh ar choibhneasa chúisíocha) chun meastachán cainníochtúil a fháil ar éifeacht fhoriomlán idirghabhála áirithe (meatanailís). Cinntíonn an cur chuige a úsáidtear sa Pháipéar seo anailís nach bhfuil chomh claonta céanna ar fhianaise toisc nach bhfuil sé chomh mór sin faoi réir léirmhíniú an údair.
Conas a thomhais staidéir aonair na rátaí forordaithe neamhriachtanacha?
Bhí dhá chur chuige éagsúla ann maidir le rátaí forordaithe neamhriachtanacha a thomhas sna príomhstaidéir atá sa Pháipéar seo. Rinneadh tomhas ar:
- nósanna forordaithe le haghaidh riochtaí ina meastar nach bhfuil gá cliniciúil le hantaibheathaigh, nó
- ráta iomlán na n-oideas antaibheathach.
Sa dá chás, chuir staidéir na figiúirí seo i gcomparáid le grúpaí rialaithe agus idirghabhála.